Brící Lochtacha
Beidh ionadaithe ó Chónaidhm Bhaincéireachta agus Íocaíochtaí na hÉireann i láthair ag cruinniú Choiste Brící Lochtacha Chomhairle Contae Dhún na nGall i Leifear inniu.
Seo an chéad uair a bhfuil ionadaithe ó na bancanna ag castáil leis an choiste agus beidh eolas á thabhairt ar na roghanna atá ag úinéirí tí a bhfuil brící lochtacha ina dtithe maidir le morgáistí agus fosta eolas faoi thithe atá tógtha le brící lochtacha a cheannacht nó a dhíol.
Tá sé ráite ag roinnt ball d'Institiúid Innealtóirí na hÉireann go gcaithfear athbhreithniú a dhéanamh ar an Chaighdeán IS 465 agus go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí leasuithe ar na caighdeáin a bheidh inghlactha ag na húinéirí tí leo.
Beidh an cruinniú ar siúl in Áras na Contae i Leifear inniu ag a 10 a chlog.
Polasaí teanga tithíochta
Tá soiléireacht agus trédhearcacht a dhíth, a dúirt Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, Dónal Ac Cnáimhsí, nuair atá polasaí teanga tithíochta á leagan síos sa Ghaeltacht.
Dúirt sé gur lorg Bainistíocht Chomhairle Contae Dhún na nGall treorlínte ón Aire i dtaca le polasaí tithíochta Gaeltachta de, ach nár cuireadh na treorlínte sin ar fáil agus go bhfuil sé fágtha anois ag an Chomhairle Contae na polasaithe seo a chur le chéile.
Dúirt Dónal Ac Cnáimhsí go bhfuil lúcháir air go bhfuil scéimeanna tithíochta á dtógáil i bParóiste Ghaoth Dobhair, ach dúirt sé go bhfuil coinníoll teanga leagtha síos do 85% de na hiarrthóirí a gheobhaidh tithe sa Ghaeltacht feasta agus go mbeidh go leor ceisteanna ag Oifigigh Pleanála Teanga na Contae maidir le cumas teangan na n-iarrthóirí agus na ndaoine a dhéanfaidh measúnú ar chaighdeán na Gaeilge.
Oifigí Poist
Dúirt an tAire Stáit as Dún na nGall, Charlie McConaloge, gur léiriú atá sa mhaoiniú €15 mhilliún sa bhliain d’Oifigí Poist a fógraíodh inné, ar thábhacht na nOifigí Poist do phobail áitiúla.
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt Patrick O’Donovan agus an tAire Stáit le freagrachtaí Spóirt agus Beartas Poist Charlie McConalogue pacáiste maoinithe €15m sa bhliain thar thréimse cúig bliana inné le tacú le hOifigí Poist ar fud na tíre.
Tá ról lárnach ag Oifigí Poist áitiúla i bpobail ar fud na tíre, go háirithe i gceantair thuaithe, a dúirt an tAire McConalogue.
Druideadh suas le naoi n-oifig poist déag i nDún na nGall le deich mbliana anuas.
Toraigh
Beidh foirne teicniúla ón Chomhairle Contae ag gabháil go Toraigh inniu le scrúduithe a dhéanamh ar thithe de chuid na Comhairle agus clár a leagan amach chun obair dheisiucháin atá riachtanach a dhéanamh ar na tithe.
Dúirt Michael Rowsone, Bainisteoir Ceantair Chomhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil deontas ar fiú €30,000 ar fáil ón Roinn Tithíochta le hobair feabhsúcháin a dhéanamh sna tithe le go mbeadh siad níos teo agus níos sábháilte.
Tá sé i gceist uasdátú a dhéanamh ar sheanchórais sna tithe.
Siúlóid na gCruach
Beidh cruinniú anocht ag Coiste Forbartha Éadan Fhionn Fraoich le grúpaí pobail sa cheantar leis an mhaoiniú a ceadaíodh le Siúlóid na gCruach a fhorbairt, a phlé.
Tá maoiniú €100,000 ceadaithe faoi Chiste Clár le Siúlóid 4km a fhorbairt fríd na Cruacha Gorma.
Dúirt an Comhairleoir Contae Brian Carr go rachaidh an togra seo go mór chun sochair don cheantar áit a bhfuil sé beartaithe cosáin siúil agus rothaíochta a fhorbairt.
Dhéanfar plé anocht ar an chiste airgid agus ar dhóigheanna lena chaitheamh.
Beidh an cruinniú ar siúl i Halla Éadain Fhionn Fraoich anocht ar 8 a chlog.
Peil
Casfaidh Foireann Sinsear Peile Dhún na nGall ar Mhuineachán i gCluiche Ceannais Chorn an Dochtúir Mhic Cionnaith i ndiaidh bua dhá phointe a fháil ar Dhoire i bPáirc na gCeilteach aréir.
An scor deireanach sa chluiche:-
Dún na nGall: 1-18.
Doire: 1-16.
Imreofar an Cluiche Ceannais idir Dún na nGall agus Muineachán ar Pháirc Uí Éalaithe san Ómaigh Dé Sathairn ag an 5 a chlog.
Beidh an cluiche le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.