Uisce
Tá níos mó ná €100 milliún á chaitheamh ar thograí uisce a bhaineann leis an infreastruchtúr a uasghrádú ar fud Dhún na nGall faoi láthair, a thug urlabhraí ó Uisce Éireann le fios.
Tá 120 duine fostaithe ag Uisce Éireann sa chontae agus foirne i mbun oibre ar thograí in Ailt an Chorráin, ar an Chraoslach, i Mín Dobhráin agus tograí uisce eile á ndearadh faoi láthair d'Ard an Rátha, Gaoth Dobhair, Leitir Ceanainn agus Cill Ros.
Dúradh go bhfuil thara 9,000 dá gcuid custaiméirí i nDún na nGall cláraithe le seirbhís téacs Uisce Éireann le heolas a fháil ar lochtacha ar an chóras uisce ina gceantar.
Deir siad gur mhaith leo dá mbeadh níos mó daoine cláraithe mar go bhfaigheann duine eolas láithreach ar obair agus ar lochtacha uisce ina gceantar.
Deir siad nach bhfuil a dhíth ach an t-éirchód agus uimhir fóin a chlárú ar shuíomh idirlín Uisce Éireann.
Coinníoll teanga
Tá sé fíorthábhachtach an pobal a chur ar an eolas faoin choinníoll teanga a bheidh ceangailte leis na tithe atá a dtógáil ar shuíomh Ardscoil Mhuire i nGaoth Dobhair, a dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig.
Dúirt sé ag cruinniú de Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach inné nach bhfuil go leor poiblíochta á déanamh ag an Chomhairle Contae ar an cheist seo agus dúirt sé gur dúshlán a bheidh ann cinntiú go mbeidh Gaeilge d'ard-chaighdeáin ag 85% de na daoine a gheobhaidh na tithe.
Tá 29 dteach á dtógáil ar shuíomh Ardscoil Mhuire faoi láthair agus tá sé ráite go mbeidh 12 theach réidh ag tús mhí Márta, 8 dteach i mí na Bealtaine agus 9 dteach i mí Iúil.
Scéim Tithíochta
Cuireadh in iúl do Chomhairleoirí Contae i gCeantar Bardais na nGleanntach inné go bhfuil na deacrachtaí a bhí le Scéim Tithíochta úr an Fháil Charraigh réitithe anois agus go bhfuil an Chomhairle dóchasach go mbeidh obair á déanamh ar an tsuíomh faoin Samhradh.
Tá an Conraitheoir tógála John McHugh roghnaithe le 29 dteach a thógáil chomh maith le haonad tithíochta do dhaoine fásta a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Cuireadh moill ar an togra seo roinnt uaireanta mar gheall ar dheacrachtaí a bhain le córas séarachais a bheadh fóirsteanach le freastal ar na tithe ach tugadh le fios go bhfuil na deacrachtaí sin réitithe anois.
Aontas Eorpach
Ní leor an méid atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach don tír seo, agus tá an tír thíos leis go mór dá bharr, dar leis an Teachta Dála Charles Ward.
Bhí an Teachta Ward ag labhairt sa Dáil le linn díospóireachta ar rún de chuid Shinn Féin inar iarradh ar an rialtas iarraidh ar Fheisirí Pharlaimint na hEorpa leanstan den troid i gcoinne Chomhaontú Mercosur.
Is léir go bhfuil an fhaillí chéanna a rinneadh ar thionscal na hiascaireachta sa tír seo ag tarlú anois do thionscal na talmhaíochta, dar leis an Teachta Ward.
Maor madaidh
Thug John McCarron ó Rannóg Timpeallachta Chomhairle Contae Dhún na nGall le fios ag cruinniú inné go bhfuil seirbhís na maor madaidh, a bhíodh faoi chúram na Comhairle Contae, faoi chúram Ghrúpa Midland Animal Care anois.
Dúirt sé go raibh gearáin á ndéanamh nach raibh go leor maor ag feidhmiú sa Chontae agus go bhfuil socrú déanta anois ag an Ghrúpa úr an 3ú maor a cheapadh.
Dúirt John McCarron go dtuigeann sé go bhfuil go leor fadhbanna le madaidh sa Chontae agus ós rud é go ndéanfar an 3ú maor a fhostú, dúirt sé go réiteoidh seo cuid de na fadhbanna.
Scannánaíocht
.Is buntáiste mór do Dhún na nGall go bhfuil dhá chomhlacht scannánaíochta ag cur Dhún na nGall chun cinn mar láthair scannánaíochta, a dúirt Aideen Doherty ó Oifig Scannán Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Dúirt sí go bhfuil an obair seo a dhíth go crua ar an earnáil scannánaíochta sa chontae agus fosta d’úinéirí lóistín, go háirithe an t-am seo den bhliain.
Dúirt sí go mbeidh Samson Films, léiritheoirí as Éirinn i gcomhar le Telefilm ón Eilvéis i mbun scannánaíochta ar scannán fada úr dár teideal The Flying Mountain i mí Feabhra.
Tá cuid mhór daoine áitiúla i mbun oibre fosta leis an chomhlacht léiriúcháin Fíbín a dúirt Aideen Doherty agus dúirt sí go bhfuil siad i mbun scannánaíochta ar an dara sraith den dráma teilifíse Crá i nGaoth Dobhair faoi láthair.