Gabhla

Tá sé do-ghlactha go bhfuil Gabhla fágtha gan soláthar uisce le 6 mhí agus nach féidir le Uisce Éireann nó an Rialtas a rá cén uair a bheidh uisce reatha arís ar an oileán, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamais Ó Fearraigh.

Dúirt sé nach mbeadh glacadh ag daoine ar tír mór leis an mhoilleadóireacht seo agus nach bhfuil cothromaíocht ná meas á thaispeáint do phobal an oileáin.

Ábhar imní é, a dúirt sé, nach bhfuil práinn á léiriú ag Uisce Éireann ar an cheist seo agus nach bhfuil freagra comhordaithe á thabhairt acu do phobal an oileáin.

Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola

Tá maoiniú ceadaithe do Phobalscoil Chloich Cheann Fhaola le hobair éigeandála a dhéanamh ar an scoil sa dóigh is nach gcaithfear an scoil a dhruid.

Thug urlabhraí ón Roinn Oideachais agus Óige le fios gur ceadaíodh maoiniú don phobalscoil le díon úr a chur ar an scoil agus dúradh go bhfuil roinnt iarratais eile ón phobalscoil á meas ag an Roinn faoin Scéim Oibre Éigeandála.

Deir urlabhraí na Roinne go gcuirtear maoiniú ar fáil faoin scéim seo i gcásanna éigeandála ina bhfuil an baol ann go gcaithfear scoil a dhruid mar gheall ar phobal na scoile bheith i gcontúirt.

Chuir Máire Uí Bhaoill, Cathaoirleach Bhord Bainistíochta Phobalscoil Chloich Cheann Fhaola, fáilte roimh an mhaoiniú agus dúirt sí go bhfuil siad ag obair leis an Roinn Oideachais le plean fadtéarmach a ullmhú don scoil.

Cúntóirí Cúraim Sláinte

Vótáil cúntóirí cúraim sláinte atá ina mbaill den cheardchumann SIPTU i Seirbhís Tacaíochta Baile Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i nDún na nGall agus i gceithre chontae eile i bhfabhar stailce.

Tá SIPTU ag cur i leith na Feidhmeannachta gur sháraigh siad comhaontú náisiúnta a bhaineann le téarmaí agus coinníollacha oibre.

Vótáil 95% de na baill a chaith vóta inné i bhfabhar gníomhaíocht thionsclaíoch.

Ardscoil Mhuire

Tá súil ag Comhairle Contae Dhún na nGall go mbeidh 12 teach réidh ar shuíomh Ardscoil Mhuire i nGaoth Dobhair i mí an Mhárta.

Tá 29 teach uilig á dtógáil ag comhlacht conraitheoirí Roarty agus táthar ag súil go mbeidh na tithe eile réidh roimh dheireadh na bliana.

Tá coinníoll teanga leis na tithe agus de réir Phlean Forbartha na Contae, caithfidh Gaeilge a bheith ag 85% de na daoine a gheobhaidh teach Comhairle Contae feasta sa Ghaeltacht.

Tá an polasaí teanga do na tithe seo á phlé ag an Chomhairle Contae faoi láthair.