Tithe

Tháinig ardú 1.8% ar luach tithe cónaithe i nDún na nGall le bliain, de réir na tuarascála is deireanaí ó MyHome.ie a foilsíodh inniu.

€250,000 an meánphraghas atá ar theach sa chontae faoi láthair.

€200,000 an meánphraghas a bhí ar theach leathscoite ina raibh trí sheomra leapa sa chontae anuraidh, ardú €15,000 i gcomparáid leis an bhliain roimhe sin.

521 teach nó árasán a bhí a ndíol sa chontae ag deireadh na bliana anuraidh, de réir na tuarascála.

Cúramóirí

Níl go leor cúramóirí baile á n-earcú ag an Rialtas dar leis an Chomhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig.

Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig go bhfuil 341 duine ar an liosta feithimh do chúram baile sa chontae faoi láthair, cuid acu atá sna hotharlanna ar feadh míonna agus réidh le dhul na bhaile ach nach bhfuil cúramóirí baile ar fáil daofa.

Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig go bhfuil sé náireach nach bhfuil níos mó foirne á n-earcú ag an Rialtas leis an tseirbhís thábhachtach seo a chur ar fáil.

Carrfhiacha

Ba cheart comharthaí a chur in airde ar na bealaigh i nDobhar, ar an Ard Donn agus i Mín an Iolair Dhobhair i nGaoth Dobhair le taispeáint go bhfuil carrianna sa cheantar, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamais Ó Fearraigh.

Dúirt sé gur leagadh dhá charria ar bhealach Dhobhair thar an Nollaig rud atá fíorchontúirteach.

Beidh sé ag moladh don Chomhairle Contae ag cruinniú ar an tseachtain seo chugainn comharthaí a chur suas ar an bhealach seo le rabhadh a thabhairt do thiománaithe faoi charrianna sa cheantar agus leis an bhealach a dhéanamh níos sábháilte, a dúirt sé.

Uisce na Carraige

Tá sé tábhachtach go ndéanfadh Rannóg Timpeallachta Chomhairle Contae Dhún na nGall iniúchadh agus measúnú tionchair timpeallachta ar chóras fuíolluisce na Carraige, a dúirt an Comhairleoir Contae Jimmy Brogan.

Dúirt sé gur cheart díriú go háirithe ar Abhainn an Ghleanna agus ar fhorbairtí atá beartaithe do bhaile na Carraige sna blianta amach romhainn.

Chuir sé fáilte roimh an mhaoiniú €50,000 a ceadaíodh faoi Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte roimh Nollaig ach dúirt sé go bhfuil imní go bhfuil an córas fuíolluisce ag cur leis an fhadhb truaillithe atá in Abhainn an Ghleanna.

Deir an Comhairleoir Brogan nach bhfuil an córas mór go leor le freastal ar dhaonra an bhaile agus go gcuirfidh a leithéid isteach ar fhorbairtí sa cheantar.