Stephen McCahill

Tugadh fear os comhair suí speisialta de Chúirt Dúiche Leitir Ceanainn agus é cúisithe i ndúnmharú an fhir gnó, Stephen McCahill.

Tá sé curtha i leith Mhichael Maloney (32), a bhfuil seoladh aige i bPointe Luacharois, Ard an Rátha, gur dhúnmharaigh sé Stephen McCahill a fuair bás i ndiaidh ionsaithe ina theach cónaithe in Ard an Rátha luath maidin Dé Luain.

D'iarr Mark Mullaney, dlíodóir Mhichael Maloney, ar an chúirt an cúram leighis agus síciatrach cuí a chur ar fáil dá chliant mar gheall ar a chuid fadhbanna síciatracha.

Cuireadh Michael Maloney siar faoi choinneáil go Príosún an Chaisleáin Riabhaigh agus tabharfar os comhair Chúirt Dúiche Leitir Ceanainn ar nasc físe é Dé Luain seo chugainn.

Cuirfear Stephen McCahill (66) as na Gleannta ó dhúchas ach a raibh cónaí air in Ard an Rátha, i gcré na cille Dé Sathairn i ndiaidh Aifreann an mheán lae i dTeach Pobail Ard an Rátha.

Bréidín

Is dea-scéala é go bhfuil an Coimisiún Eorpach ag glacadh le hiarratais anois le cosaint dhlíthiúil a thabhairt do leithéidí Bhréidín Dhún na nGall dar le Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall Anne McHugh.

Dúirt sí go dtabharfaidh an t-aitheantas seo cosaint do thraidisiún fíodóireachta na contae agus deis fostaíochta do mhic léinn atá i mbun cúrsaí fíodóireachta leis an ETB.

D’fhógair an Coimisiún le gairid go bhfuil deis ag lucht ceirde aitheantas a lorg le lipéid a gcomhlacht a chosaint faoi scéim faisnéise geografaí den chéad uair riamh.

Tá Eagraíocht na bhFíodóirí i nDún na nGall ag iarraidh cosc a chur ar chomhlachtaí eile úsáid a bhaint as ainm Bhréidín Dhún na nGall mura bhfuil an bréidín lámhdhéanta i nDún na nGall.

Eolaí Óg na Bliana

Beidh 11 scoil as Dún na nGall páirteach i gComórtas Eolaí Óg na bliana seo atá ag toiseacht inniu san RDS i mBaile Átha Cliath.

I measc na scoltacha Gaeltachta a bheidh páirteach, beidh Pobalscoltacha Ghaoth Dobhair, Chloich Cheann Fhaola agus na Rosann, Gairmscoil Mhic Diarmada, Scoil Chuimsitheach na nGleanntach chomh maith le Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn.

Dhéanfaidh Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly an comórtas a sheoladh go hoifigiúil ar 2 a chlog inniu.

Brící Lochtacha

Tá súil ag Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfaighidh siad cead ón Rialtas tús a chur leis an obair athchóirithe ar thithe sóisialta dá gcuid a bhfuil brící lochtacha iontu go luath.

Measann an Chomhairle go bhfuil thart ar 1,200 teach sóisialta a bhfuil brící lochtacha iontu ar fud na contae.

Tá aighneacht curtha faoi bhráid an Rialtais ag an Chomhairle ag lorg maoinithe do na tithe seo.

Deir an Chomhairle go bhfuil roinnt plé déanta leis an Roinn Tithíochta, go dtuigtear go bhfuil dul chun cinn déanta ar an cheist agus go bhfuil siad dóchasach go gcuirfear maoiniú ar fáil i mbliana.