Stephen McCahill

Tá ómós á léiriú don fhear gnó agus Ceanntalaí Stephen McCahill (66) as na Gleannta ó dhúchas ach a raibh cónaí air in Ard an Rátha a fuair bás mar gheall ar ionsaí a tharla ag a theach cónaithe luath maidin Dé Luain.

Tá fear sna 30í go fóill á cheistiú ag Gardaí i Stáisiún Gardaí sa Chontae maidir leis an ionsaí.

Tá pobal Ard an Rátha agus na nGleanntach briste brúite mar gheall ar an tragóid mhillteanach a tharla, a dúirt Pat the Cope Ó Gallchóir TD.

Dúirt an Teachta Ó Gallchóir go raibh aithne phearsanta aige ar Stephen McCahill ó thaobh a chuid oibre de agus go raibh sé ina dhlúthchara aige fosta.

Dúirt sé gur fear é a raibh spiorad pobail láidir aige, a d'oibrigh go díograiseach chun cúrsaí a fheabhsú ina phobal fhéin agus a raibh meas ollmhór air sa cheantar.

Tá sé tábhachtach anois go seasfaidh muintir an cheantair leis an dá theaghlach atá buailte mar gheall ar an tragóid uafásach seo agus go dtabharfar gach tacaíocht daofa, a dúirt an Teachta Ó Gallchóir.

Rinne sé comhbhrón lena bhean chéile Marietta, a mhac Stephen, a iníon Gemma agus a theaghlach agus a chairde uilig.

Dúirt an Comhairleoir Contae áitiúil Anthony Molloy nach bhfuil na focail aige chun cur síos a dhéanamh ar an bhearna atá fágtha mar gheall ar bhás Stephen McCahill.

Dúirt sé gur caill mhór ní hamháin dá theaghlach ach dó fhéin go pearsanta agus do phobal Ard an Rátha agus Iardheisceart Dhún na nGall a bhás.

Fear ar leith, fear pobail agus dlúthchara a bhí i Stephen McCahill a chuir béim i gcónaí ar fhorbairt pobail agus is cinnte go bhfuil a lorg fágtha aige sa Chontae seo, a dúirt sé.

Dúirt an Comhairleoir Molloy gur seo eachtra mhillteanach a bhain stangadh as an phobal ar fad agus go bhfuil sé tábhachtach anois go dtiocfadh an pobal le chéile agus tacú lena chéile ag an am fíorbhrónach agus deacair seo.

Tá a gcomhbhrón curtha in iúl ag CLG Ard an Rátha faoi bhás Stephen McCahill.

Dúirt an Cumann i ráiteas ar na meáin shóisialta go raibh an paróiste ar fad faoi bhrón ó bhris an scéala luath maidin Dé Luain go raibh Iar-Chathaoirleach agus Cisteoir an Chumainn chomh maith le Ceannaire Pobail básaithe.

Mar chomhartha ómóis, tá imeachtaí an Chumainn ar ceal go bhfógrófar a mhalairt, a deirtear.

I ráiteas atá éisithe ag Cumann Thír Chonaill i mBaile Átha Cliath deirtear go bhfuil baill an Chumainn croíbhriste faoi bhás Stephen McCahill, Pearsa Dhún na nGall 2016 agus rinne siad comhbhrón lena theaghlach uilig.

Deir an Cumann gur roghnaíodh Stephen McCahill mar phearsa Dhún na nGall mar gheall ar a chuid oibre le coistí agus cumainn dheonacha in Ard an Rátha agus in iardheisceart Dhún na nGall agus go raibh sé i gcónaí dílis don Chumann.

Chuir sé Contae Dhún na nGall chun cinn i gcónaí go háirithe Ard an Rátha, na Gleannta, Port Nua agus na Cealla Beaga, mar cheantair le

cuairt a thabhairt orthu, le hobair agus le cónaí iontu, a deirtear sa ráiteas.

An R261 ar oscailt arís

Tá bealach an R261 idir Ard an Rátha agus an Fhearthainn/Port Nua druidte go fóill maidin inniu agus Gardaí Dhún na nGall i mbun fiosraithe faoin tragóid.

Tá Oifigeach Sinsearach de chuid na nGardaí ceaptha le bheith i gceannas ar an fhiosrúchán atá á stiúradh ó Sheomra Fiosrúcháin i Stáisiún Gardaí Bhéal Átha Seanaidh.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoi bhás Stephen McCahill teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Gardaí Bhéal Átha Seanaidh ag an uimhir 071 9858530, uimhir rúnda na nGardaí ag an uimhir 1800 666 111 nó teagmháil a dhéanamh le stáisiún Gardaí ar bith eile.

Tacaíocht Ardeaspaig d'fhiosrúchán

Tá teagmháil déanta ag Ardeaspag Ard Mhacha Eamon Martin leis an Taoiseach Michéal Martin ag iarraidh go dtabharfaí achan tacaíocht do theaghlach Denis Donaldson ina n-iarrachtaí fiosrúchán reachtúil a chur ar bun faoina bhás.

Sin de réir tuairisce i nuachtán an Irish Times inniu.

Maraíodh Denis Donaldson ag a theach i gClochar Corr sna Gleannta an 4 Aibreán 2006, míonna i ndiaidh dó admháil gur brathadóir de chuid na Breataine a bhí ann le fiche bliain.

Deir an teaghlach go bhfuil frustrachas orthu leis an easpa dul chun cinn, easpa freagraí agus easpa eolais maidir lena dhúnmharú.

Dúirt an tArdeaspag Martin gur lorg iníon Denis Donaldson a thacaíocht mar cheannaire eaglasta agus gur impí sí air teagmháil a dhéanamh leis an Taoiseach thar ceann an teaghlaigh agus achainí a dhéanamh go gcuirfí fiosrúchan reachtúil ar bun faoi dhúnmharú Denis Donaldson.

Tá súil ag an teaghlach castáil leis an Aire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan níos moille an mhí seo.

Cúram ar na bóithre

Tá coscairt mhaith san Iarthuaisceart maidin inniu ach táthar ag moladh do thiománaithe gan glacadh leis go bhfuil bealtaí na Contae uilig glan mar go bhfuil paistí siocáin orthu go fóill.

Tá cuid mhór cúlbhóithre thar a bheith sleamhain go fóill fosta agus iarrtar ar an phobal a n-am a ghlacadh agus iad ag taisteal ar na bóithre seo.

Shocraigh go leor scoltacha sa chontae fanacht druidte arís inniu de bharr na drochaimsire.

De réir thuar na haimsire tiocfaidh deireadh leis an fholáireamh aimsire stádas buí sneachta agus siocáin a bhí i bhfeidhm ag Met Éireann don Chontae ag an 9 a chlog maidin inniu ach iarrtar ar an phobal go fóill a bheith faichilleach.