Ard an Rátha

Tuigtear go bhfuil fiosrúchán ar bun ag an Gharda Síochána maidir le heachtra thromchúiseach a deirtear a tharla in Ard an Rátha mall aréir.

Tá na Gardaí agus na seirbhísí éigeandála ag láthair sa bhaile.

Tuigtear gur gortaíodh fear áitiúil go dona san eachtra.

Níl aon eolas á thabhairt ag Gardaí faoin eachtra go fóill.

Aimsir

Táthar ag cur isteach ar go leor seirbhísí sa Chontae inniu mar gheall ar chúrsaí aimsire.

Thit go leor sneachta i bpáirteanna den chontae aréir agus tá siocán, sneachta agus flichshneachta ar na bóithre maidin inniu.

Tá deacrachtaí móra ag tiománaithe ar bhóithre áirithe, go háirithe ar na cúlbhóithre.

Deir Met Éireann gur thit an teocht 6 chéim faoin bhun an reophointe in áiteanna éagsúla sa chontae aréir.

Tá foláireamh aimsire stádas buí do shiocán agus do shneachta i bhfeidhm sa chontae go dtí an 11 a chlog maidin inniu.

Deir Rannóg Bóithre Chomhairle Contae Dhún na nGall go ndéanfaidh siad a ndícheall grean a chur ar oiread bóithre agus is féidir, ach go mbeidh tús áite á thabhairt do shábháilteacht a cuid oibrithe.

Tá an Chomhairle ag impí ar thiománaithe a bheith ar a n-airdeall agus tiomáint go cúramach.

Tuairiscítear go bhfuil bealach Chúl na hEaragaile agus an bealach ón Chlochán Liath fhad leis na Gleanntaí thar a bheith sleamhain ar maidin.

Tá carranna sáinnithe ar bhealach De Valera, Chill Tuaidh, na Lorgaí Brice agus ar bhealach Bharr an tSléibhe i Leitir Ceanainn i láthair na huaire.

Tá go leor scoltacha a bhí le hathoscailt inniu i ndiaidh shaoire na Nollag druidte de bharr na haimsire.

Is féidir le tuismitheoirí súil a choinneáil ar leathanaigh meán sóisialta na scoile má tá aon amhras orthu faoina scoil fhéin.

Tá moill ar eitilt na maidine ó Aerfort Dhún na nGall go hAerfort Bhaile Átha Cliath agus ní bheidh an t-eitleán ag fágáil go dtí 9.40am.

Tá cosáin agus carrchlóis ar fud na Contae thar a bheith sleamhain agus moltar do dhaoine a bheith cúramach.

Leitir Ceanainn

Tá baile Leitir Ceanainn glan go caighdeán glaineachta Eorpaí, de réir an tsuirbhé is deireanaí ón eagraíocht Gnónna Éireannacha i gCoinne Bruscair nó IBAL.

Tá Leitir Ceanainn sa hochtú háit as 40 baile agus cathair sa tír seo ar dearnadh cigireacht orthu de réir thuarascáil IBAL a foilsíodh inniu, sin ardú ón tríú háit déag anuraidh.

Tá Contae Shligigh sa chéad háit ar an liosta.

Otharlann Leitir Ceanainn

Measann an Dochtúir Teaghlaigh Ciarán Ó Fearraigh go mbeidh Otharlann Leitir Ceanainn millteanach gnóthach arís an tseachtain seo, seachtain i ndiaidh na bliana úire.

Dúirt sé go raibh an Otharlann go mór faoi bhrú i rith na Nollag agus go raibh 43 othar ar thralaithe san Otharlann De hAoine, an líon is airde sa tír.

Beidh clinicí breise agus uaireanta breise ag Dochtúirí Teaghlaigh an tseachtain seo le hothair a choinneáil ar shiúl ón Otharlann oiread agus is féidir.

Mol Máinliachta

Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an dearadh ar Mhol Máinliachta úr Otharlann Leitir Ceanainn luath sa bhliain úr, a dúirt an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill.

Thug an tAire le fios go bhfuil infheistíocht shuntasach déanta ag an Rialtas san otharlann le blianta beaga anuas.

D'ardaigh buiséad na hotharlainne ó €157 milliún in 2020 go dtí €247 milliún in 2025, méadú 57% le ceithre bliana a dúirt sí.

Tá 437 duine breise fostaithe san otharlann anois ná mar a bhí in 2020, sin ardú 25% a dúirt sí.

Thug an tAire Carroll MacNeill le fios go bhfuil sé mar aidhm ag an Roinn Sláinte 122 leaba bhreise a chur ar fáil in Otharlann Leitir Ceanainn faoin bhliain 2031.

Gardaí na nGleanntach

Deá-scéala é go bhfuil carr úr patróil curtha ar fáil do Stáisiún Gardaí na nGleanntach, a deir an Comhairleoir Contae Brian Carr.

Níl sé maith go leor go raibh an stáisiún gan carr patróil fóirsteanach le freastal ar phobal an cheantair ó bhí 2015 ann, a dúirt an Comhairleoir Carr.

Bhí carr patróil úr ag teastáil go géar ar Ghardaí na nGleanntach le freastal ar an phobal go háirithe i gcásanna éigeandála, a dúirt an Comhairleoir Carr.

Ghabh sé buíochas leis an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh as aird a tharraingt ar an cheist le Coimisinéir úr an Gharda Síochana Justin Kelly ag an Choiste Oireachtais um Dhlí agus Ceart, Gnóthaí Baile agus Imirce le gairid.