Cúirt
Gearradh téarma príosúnachta bliana sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inné ar fhear óg as Dún na nGall a rinne éigniú béil ar ghirseach 14 bliana d'aois nuair a bhí sé féin 16 bliana d’aois.
Phléadáil Jason McLaughlin as an Chaiseal, Gleann Daoile ciontach in éigniú béil i gCúil Dhabhcha i mí Eanáir 2022.
Dúradh sa chúirt go raibh an ghirseach ag iarraidh go bhfoilseofaí ainm Jason McLaughlin agus nach bhfoilseofaí a hainm féin.
Bhí aithne ag an bheirt ar a chéile agus shocraigh an ghirseach casadh le Jason McLaughlin le luchtóir gutháin a fháil ar iasacht uaidh sular dearnadh éigniú béil uirthi.
BIÉ
Bhí cruinniú iontach tairbheach ag toscaireacht Chomhairle Contae Dhún na nGall, a chas le Bonneagar Iompair Éireann i mBaile Átha Cliath tráthnóna inné, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.
Lorg Comhairle Contae Dhún na nGall luach € 34 milliún do thograí do chlár oibre na bliana seo chugainn.
Dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh gur dúradh leo inné gur an Roinn Tithíochta agus ní Bonneagar Iompair Éireann atá freagrach as polasaí maidir le pleanáil ar bhealach an N56, agus dúirt sé go gcaithfear an cheist seo a phlé anois leis an Roinn Tithíochta.
Dúirt sé go bhfuair an toscaireacht éisteacht mhaith ó Bhonneagar Iompair Éireann, agus go bhfuil siad dóchasach go mbeidh buiséad fiúntach ar fáil chun forbairt a dhéanamh ar bhóithre náisiúnta i nDún na nGall in 2026.
Dáil
Lorg an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh eolas ón Tánaiste agus Aire Airgeadais Simon Harris sa Dáil inniu faoin phlean a bhí ag an Rialtas le trí ionad cúraim leanaí pobail i nDún na nGall a bhfuil brící lochtacha iontu a chóiriú.
Tá Ionad Cúraim Leanaí Ráth Bhoth folamh mar nach bhfuil na páistí sábháilte san fhoirgneamh agus ní bheidh sé i bhfad go dtí go mbeidh an dá ionad eile, Ionad Cúraim Leanaí Leitir Ceanainn agus Ard an Rátha, mar an gcéanna a dúirt sé.
Tá páistí agus tuismitheoirí ag brath ar na hionaid seo, a dúirt sé.
Thug an Teachta Ó Dochartaigh le fios go bhfuil 12 scoil sa chontae a bhfuil foirgnimh acu a thitfidh de bharr brící lochtacha agus go bhfuil 80 teach comhairle contae i nDún na nGall atá folamh de bharr brící lochtacha.
D’fhiafraigh sé den Tánaiste agus Aire Airgeadais Simon Harris cén réiteach a bhí ag an Rialtas ar an fhadhb seo.
Dúirt an Tánaiste Simon Harris gurb í an Roinn chuí a bheadh ag plé le foirgnimh nach tithe príobháideacha iad go dtí seo ach go gcaithfear dhul i ngleic leis an cheist ar bhealach níos tomhaiste anois agus thug sé le fios go ndéanfadh sé a mhachnamh ar an cheist.
Bóithre
Dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig go bhfuil bóithre i gCeantar Bardais na nGleanntach fágtha go minic ag Uisce Éireann ar chaighdeán nach bhfuil inghlactha i ndiaidh daofa cóiriú a dhéanamh orthu mar gheall ar phíopaí uisce a bheith réabtha.
Dúirt sé go bhfuil ábhar fiúntach á úsáid anois ag an Chomhairle Contae ar na bóithre, ach mar gheall ar an méid uaireanta a scriosadh bóithre mar gheall ar phíopaí réabtha, dúirt sé go bhfuil bóithre fágtha ar chaighdeán nach bhfuil sásúil.
Tá freagra á lorg aige ar na pleananna atá ag Uisce Éireann na bóithre seo a choiriú go caighdeán atá sásúil.