Coláiste an Earagail
Tá cuid mhór fadhbanna spáis i gColáiste an Earagail i Leitir Ceanainn, a dúirt an Comhairleoir Contae Donal Coyle, ball de Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.
Dúirt sé ag cruinniú den Bhord an tseachtain seo go dtáinig ardú mór ar thinreamh na Scoile le roinnt blianta, áit a raibh 225 dalta ag freastal ar an Scoil 6 bliana ó shin agus go bhfuil 670 dalta ag freastal ar an Scoil inniu.
Tá géarghá le ar a laghad 6 sheomra bhreise don Scoilbhliain úr mar go mbeidh 200 dalta eile ag toiseacht sa chéad bhliain i mí Mhéan Fómhair a dúirt sé agus gan ach 75 dalta ag fágáil.
Tá Scoil úr ceadaithe do Choláiste an Earagail le freastal ar 750 dalta ach dúirt an Comhairleoir Coyle go mbeidh an scoil ró-bheag agus gur cheart scoil a cheadú do 1,000 dalta.
Fadhb eile atá ag Coláiste an Earagail a dúirt sé ná go bhfuil deacracht anois le suíomh na scoile agus tá an baol ann go gcaithfear suíomh úr a aimsiú.
Uisce Ghabhla
Tá cáineadh láidir déanta ag an Chomhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig ar an fhreagra a tugadh don Teachta Dála Paul Murphy ar cheist pharlaiminteach maidir leis an soláthar uisce go Gabhla.
Lorg an Teachta Murphy, ar iarratas ón Chomhairleoir Mac Giolla Easpaig, soiléireacht ón Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, maidir le cén uair a bheadh an soláthar uisce ar ais ar Ghabhla.
Ina fhreagra, dúirt an tAire Calleary nach bhfuil aon fhreagracht oifigiúil ar an Aire faoin ábhar seo agus gur faoi chúram Uisce Éireann atá sé.
Tá foireann ar leith ag Uisce Éireann chun eolas a chur ar fáil agus ceisteanna ó hionadaithe poiblí a láimhseáil faoin chás, a dúirt an tAire Calleary.
Tá sé náireach go bhfuil pobal Ghabhla fágtha gan uisce ó thús mhí Iúil agus nach bhfuil freagraí soiléire faighte acu go dtí seo, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.
Tá sé náireach nach bhfuil soláthar uisce go fóill ar Ghabhla, a deir an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.
Ábhar díomá, a dúirt sé nach bhfuil soláthar uisce ar an Oilean ón Samhradh agus go bhfuil sé ráite ag Uisce Éireann nach bhfuil plean ar bith an córas úr a fheistiú ansin go dtí an mhí seo chugainn ar a luaithe.
Dúirt sé go bhfuil sé thar am ag an Chomhairle Contae níos mó brú a chur ar Uisce Éireann freagracht a ghlacadh ar na deacrachtaí uisce atá ar an oileán.
Cruinniú le TII
Casfaidh toscaireacht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall le Bonneagar Iompair Éireann nó an TII inniu le cúrsaí pleanála agus tograí forbartha sa chontae a phlé.
I measc na dtograí a bheidh á bplé inniu beidh bealach an N56 agus tá sé ráite ag Comhairleoirí Contae i gCeantar Bardais na nGleanntach go gcaithfear an polasaí atá leagtha síos a athrú agus go bhfuil sé thar am é seo a chur in iúl don TII agus don Rialtas.
Dúirt siad go bhfuil deacrachtaí millteanacha ag daoine tithe a thógáil ar bhealach an N56 agus go bhfuil daoine ag fágáil an Iarthuaiscirt dá bharr.
Maoiniú
Chuir an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir fáilte roimh mhaoiniú €25,000 atá ceadaithe inniu do Chlub Peile Óige Dhún Fionnachaidh.
Tá an maoiniú á cheadú faoi Thionscnamh Rianta Siúlóide Éire Shláintiúil.
Dúirt an Teachta Ó Gallchóir go rachaidh an t-airgead seo go mór chun sochair don chlub le feabhas a chur ar a n-áiseanna rianta siúlóide le cois cur ar a gcumas freastal ní hamháin ar a mbaill ach ar an phobal i gcoitinne chomh maith.
Quagga
Tá imní léirithe go bhféadfadh tionchar thar a bheith diúltach a bheith ag an sliogiasc neamhdhúchasach, an Quagga, a fuarthas i Loch Éirne Íochtarach i gContae Fhear Manach ar na mallaibh, ar lochanna agus aibhneacha i nDún na nGall.
Téann abhainn na hÉirne fríd Bhaile Bhéal Átha Seanaidh agus amach chun na farraige.
Tagann an Quagga ó Oirthear na hEorpa agus thig leis damáiste a dhéanamh do phíopaí uisce rud a d'fhéadfadh tuilte a chruthú agus soláthar uisce a thruailliú chomh maith le dochar a dhéanamh d’ainmhithe agus do phlandaí dúchasacha.
Dúirt Aire Comhshaoil na Sé Contae Andrew Muir go bhfuil Oifigí ón Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe ag comhoibriú le páirtithe leasmhara agus gníomhaireachtaí poiblí ar dhá thaobh na teorann le cosc a chur ar an sliogiasc spré go huiscí eile ar fud na tíre.
Mercosur
Tá feirmeoirí as Dún na nGall i measc na mílte feirmeoirí as an Eoraip atá i mbun agóide sa Bhruiséil inniu.
Dúirt Joe Mac Suibhne ó Chraobh Dhún na nGall de Chumann Feirmeoirí na hÉireann atá i láthair inniu, go bhfuil siad ag seasamh in éadan Chomhaontú Saorthrádála Mercusor.
Dúirt sé go bhfuil na mílte feirmeoirí beaga ar fud na hEorpa sa chás céanna agus eagla orthu nach mbeidh na rialacha ó thaobh chaighdeán na feola ó thíortha i Meiriceá Theas dian go leor.
Beidh an Taoiseach Micheal Martin i láthair ag Comhairle na hEorpa inniu áit a ndéanfar plé ar an chomhaontú Mercusor agus fosta ar Chomhbheartas Talamhaíochta na hEorpa, nó CAP.