Fianna Fáil
Léirigh beirt bhall de Pháirtí Fhianna Fáil as Dún na nGall míshásamh mór leis an Taoiseach agus Ceannaire an Pháirtí Michéal Martin ag cruinniú den Pháirtí Parlaiminteach aréir i dTeach Laighean.
Cháin an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir an dóigh ar láimhseáil an Taoiseach roghnú Jim Gavin ina iarrthóir Uachtaránachta d'Fhianna Fáil ag cruinniú teasaí a mhair tuairim agus cúig huaire an chloig.
Dúirt an Teachta Ó Gallchóir nach raibh an t-easaontas agus an scoilt sa pháirtí a bhain leis an phróiseas roghnúcháin agus leis an dóigh ar caitheadh le Jim Gavin thart agus nach gcuirfeadh cruinniú na hoíche aréir deireadh leis an mhíshásamh i measc bhaill Fhianna Fáil.
Dúirt an Seanadóir Niall Blaney as Fánaid ag cruinniú na hoíche aréir go raibh treo úr ceannaireachta de dhíth ar Fhianna Fáil.
Timpiste bóthair
Gortaíodh beirt i dtimpiste bóthair a tharla luath maidin inniu ar bhealach an N14 ag Droim Eochaille ar an Tearmainn.
Tharla an timpiste i dtrátha 6:30 ar maidin áit a raibh crann tite ar an bhealach.
Tugadh an bheirt chun na hotharlainne ach tuigtear nach bhfuil siad gortaithe go holc.
Tá an crann tógtha ar shiúil ón bhealach ó shin ach tá moill ar thrácht sa cheantar.
Scoil
Fógraíodh an tseachtain seo go bhfuil próiseas ar siúl faoi láthair le go mbeidh Scoil Little Angels i Leitir Ceanainn faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.
Is é seo an chéad uair riamh go mbeidh Scoil Náisiúnta faoi chúram an Bhoird, meánscoltacha amháin atá faoi chúram an Bhoird faoi láthair, 15 scoil ar fad.
Dúirt an Príomhfheidhmeannach Anne McHugh go bhfuil siad iontach sásta go mbeidh an Scoil Speisialta seo faoi chúram an Bhoird.
Dúirt sí go bhfuil na cainteanna ar siúl faoi láthair agus nach bhfuil dáta oifigiúil socraithe go fóill ach gur mhaith léi féin dá mbeadh an próiseas ar fad críochnaithe faoi Scoilbhliain na bliana seo chugainn.
Plean póilíneachta
Chas Comhairleoirí ó Cheantar Bardais Leitir Ceanainn/Bhaile na nGallóglach le baill ón Gharda Síochána i Leitir Ceanainn inné le plean póilíneachta na nGardaí don Nollaig a phlé.
Dúirt Méara Leitir Ceanainn an Comhairleor Ciaran Brogan go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na Gardaí feiceálach ar an bhaile sa lá chomh maith leis an oíche agus tugadh le fios do go mbeidh dhá ghluaisrothar ag na Gardaí agus acmhainní eile le cuidiú le cúrsaí tráchta go háirithe ar an Aoine, Satharn agus Domhnach.
Dúirt Jimmy Stafford, Uachtarán Chumann Tráchtála Leitir Ceanainn gur seo ceann de na seachtainí is gnóthaí sa bhliain agus go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an trácht ábalta gluaiseacht go furasta fríd an bhaile agus súil aige nach dtarlóidh taismí ar bith.
Mercosur
Beidh an riocht céanna ar fheirmeoirí na hÉireann mar atá ar iascairí na tíre, má chuirtear margadh trádála Mercosur i bhfeidhm, a deir an Comhairleoir Contae Jimmy Brogan.
Chuirfeadh an margadh seo pobail feirmeoireachta agus pobail tuaithe ar fud na tíre i mbaol, le cois go mbeadh baol sláinte agus comhshaoil ag eascairt as an mhargadh seo fosta, a dúirt an Comhairleoir Brogan.
Tá ceisteanna móra faoi chleachtais feirmeoireachta i dtíortha i mbloc Mercosur, a dúirt sé, agus úsáid á baint as ceimicí agus ábhar nach bhfuil ceadaithe san Aontas Eorpach.
Ní féidir ligean do Rialtas na hÉireann an botún céanna a dhéanamh maidir le feirmeoirí na tíre mar a rinneadh le iascairí na tíre agus caithfear cur i gcoinne Mhargadh Mercosur, a dúirt sé.
Coláiste na Maoile Ruaidhe
Tá sé ráite ag Leas-Chathaoirleach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, an Comhairleor Declan Meehan, go bhfuil sé tábhachtach bearta sabháilteachta a chur i bhfeidhm ag Coláiste na Maoile Ruaidhe i mBaile na nGallóglach.
Dúirt sé go bhfuil deacrachtaí móra le cúrsaí tráchta in aice na scoile agus go bhfuil sé iontach contúirteach.
Caithfear aird a dhíriú ar an fhadhb seo agus bearta a chur i bhfeidhm leis an trácht a mhaolú.
Dúirt sé go gcaithfear teagmháil a dhéanamh leis an Bhord leis na deacrachtaí seo a réiteach.