Scéim Thithe Folmha
Beidh scéim de chuid an Rialtais le díriú ar thithe folmha, á cur ar fáil do Leitir Ceanainn, a d'fhógair an Tánaiste Simon Harris sa Dáil aréir.
D'fhógair an Tanáiste, an tAire Airgeadais, Simon Harris go mbeidh an scéim atá ar fáil cheana féin i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCill Chainnigh, i Luimneach agus i bPort Láirge á cur ar fáil i cúig cinn de bhailte móra eile, Leitir Ceanainn ina measc.
Tá faoiseamh cánach le fáil faoin scéim le cóiriú a dhéanamh ar thithe atá tréigthe le gur féidir cónaí iontu arís.
Dúirt an tAire Harris go mbeidh teagmháil á déanamh aige le Comhairlí Contae sna bailte atá á gcur san áireamh, lena moltaí siúd a fháil faoin phlean oibre a bheidh ag teastáil.
Bás ar an mBóthar.
Tharla chóir a bheith leith na dtaismí bóthair inár maraíodh daoine i gceithre chontae anuraidh, Dún na nGall ina measc siúd, de réir thuarascáil bhliantúil an Gharda Síochána.
Tharla chóir a bheith leath na dtimpistí marfacha ar bhóithre na tíre anuraidh ar bhóithre Dhún na nGall, Bhaile Átha Cliath, Mhaigh Eo agus Chorcaí.
Maraíodh seachtar déag ar bhóithre Dhún na nGall anuraidh.
Bhí méadú 10% anuraidh i líon na ndaoine a maraíodh i dtimpistí ar bhóithre na tíre.
Maraíodh 176 duine i dtimpistí ar bhóithre na tíre anuraidh, de réir thuarascáil bhliantúil an Gharda Síochána.
Ciorrú cumhachta.
Bhí 1,400 teach i nDún na nGall gan cumhacht aibhléise ar feadh tamaill tráthnóna inné agus aréir de bharr stoirm Bram.
Ba i gceantar Bhun Dobhráin a bhí an mhórchuid acusan, áit ar fágadh 1,300 custaiméir gan cumhacht aibhléise.
Fágadh 52 custaiméir gan chumhacht i Sraith an Urláir, agus meastar go mbeidh an chumhacht ar ais acusan roimh an 1.00 inniu.
Tháinig deireadh leis an fholáireamh aimsire is deireannaí do Dhún na nGall, foláireamh oráiste do ghaoth láidir, ag a 9.00 aréir.
Brící Lochtacha
Ba cheart don Rialtas na comhaid ar fad a bhaineann le hAcht na mBrící Lochtacha a chur ar fáil, ar mhaithe le trédhearcacht agus dea-chleachtas, a deir an Teachta Dála Charles Ward.
Dúirt sé sa Dáil tráthnóna inné, go bhfuil easpa mór trédhearcachta sa chur chuige atá ag an Rialtas agus iad ag plé le daoine a bhfuil brící lochtacha ina dtithe.
Níl mórán tuar dóchais ag daoine faoi láthair mar nach mbíonn toradh dearfach ar achomhairc i gcoinne chinntí na hÁisíneachta Tithíochta, mar gurb í an Áisíneacht féin a scrúdaíonn an t-achomharc, a dúirt sé.
Dúirt an Teachta Ward, faoin reachtaíocht reatha, gur cheart do Bhord Achomhairc déileáil leis na hachomhairc seo, rud a chinnteodh go mbeadh an córas iomlán neamhspleách, dar leis.
Ócáid Eolais
Beidh ócáid eolais á reáchtáil maidir le Feirm Ghaoithe Dhroim na hUamha in Óstán Jackson i mBealach Féich inniu.
Tá sé beartaithe ag SSE agus FuturEnergy Ireland dhá thuirbín déag a thógáil ar Fheirm Ghaoithe Dhroim na hUamha.
Beidh sé lonnaithe 13 chiliméadar ó Leitir Ceanainn i mbailte fearainn an Triain Chaoil, Mhín an Deoraí, Charraig an Langáin agus na Circe.
Tá sé ráite ag na forbróirí go gcuirfidh an fhorbairt go mór le heacnamaíocht an cheantair.
Tá cuireadh á thabhairt don phobal agus do ghnónna a bheith i láthair le heolas a fháil ar an togra.
Beidh an ócáid ar siúl inniu idir 2.30 agus 7.30, agus ag na huaireanta céanna amárach i Halla Pobail an Mhuilinn Úir.
Scéim Taistil Ghníomhaigh
Tá cuireadh á thabhairt ag Comhairle Contae Dhún na nGall, le tacaíocht ó Bhonneagar Iompair Éireann, do dhaoine a bhfuil cónaí orthu fá cheantar Dhún Cionnaola páirt a ghlacadh inniu i gcomhairliúchán poiblí do Scéim Taistil Ghníomhaigh Bhóthar N56 Dún Cionnaola.
Tá sé beartaithe cosáin coise agus rothaíochta a thógáil ó Dhún Cionnaola go Cill Leacht Aodha agus cosáin coise a thógáil in aice le Fochumann Naomh Ultan.
Tá maoiniú ceadaithe don togra cheana féin.
Is é cuspóir an chomhairliúcháin ná an pobal a chur ar an eolas faoin rogha is fearr don togra agus aiseolas a lorg ón phobal.
Beidh an ócáid ar siúl in Ionad Pobail Dhún Cionnaola idir 3.30 agus 8.00 inniu.
Coinbhinsiún Chumann Lúthchleas Gael Dhún na nGall
Beidh Coinbhinsiún Chumann Lúthchleas Gael Dhún na nGall ar siúl anocht in Óstán Jackson i mBealach Féich.
Ní bheidh iomaíocht do phoist an Chathaoirligh, an Rúnaí ná an Chisteora.
Fanfaidh Máire Ní Chochláin ina Cathaoirleach, Máire Uí Cheallaigh ina Rúnaí agus Grace Boyle ina Cisteoir.
Beidh iomaíocht do phost an Leas-Rúnaí, an Leas-Chisteora agus don dá thoscaire atá le toghadh ar Chomhairle Uladh.
Meastar go roghnófar Conor Ó Gallchóir as an Bhealtaine, Gort an Choirce ina Oifigeach Cultúir agus Teanga.
Bhí teacht isteach €3.9m ag Bord Contae Dhún na nGall i mbliana, agus €216,000 sna cuntais ag deireadh na bliana.
Chaith Dún na nGall thar €2m ar fhoirne contae i 2025.