Sruth Gaelach

Tá Cathaoireach agus Leas-Chathaoirleach Choiste Gaeilge Chomhairle Contae Dhún na nGall, na Comhairleoirí Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig agus Martin Scanlon den tuairim gur cheart sruth Gaelach a bhunú i Scoil Chuimsitheach na nGleanntach.

Tá cruinniú á lorg acu le múinteoirí na scoile leis an cheist a phlé.

Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig go bhfuil go leor scoileanna beaga tuaithe lán-Ghaeilge cóngarach don scoil ar mhaith leo leanstan lena gcuid oideachais trí mhéan na Gaeilge ach nach bhfuil meánscoil lán-Ghaeilge cóngarach dóibh.

Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig gur mhaith leo deis a fháil an t-ábhar a phlé le múinteoirí Scoil Chuimsitheach na nGleanntach.

Bille

Deir an Teachta Dala Charles Ward go bhfuil frustrachas air nár fhoilsigh an Rialtas Bille Leasuithe na mBrící Lochtacha atá le plé sa Dáil tráthnóna.

Dúirt an Teachta Ward go léiríonn sé mí-mheas iomlán ar dhaoine a bhfuil brící lochtacha ina gcuid tithe agus gur iarracht atá ann iad a chur ina dtost.

Fiú má fhoilsítear an Bille ar maidin inniu ní bheidh deis mar is ceart ag Teachtaí Dála é a léamh sula ndéanfar é a phlé sa Dáil tráthnóna a dúirt sé.

Taisme

Gortaíodh bean sna tríochaidí i dtimpiste bóthair i lár bhaile Leitir Ceanainn tráthnóna inné.

Tharla an timpiste go gairid roimh an 5 a chlog tráthnóna nuair a bhuail carr an bhean nuair a bhí sí amuigh ag siúl.

Tugadh an bhean go hOtharlann Leitir Ceanainn.

Deir na Gardaí nár bhain gortaithe tromchúiseacha di.

Feachtas

Tá feachtas ar siúl ag daltaí Scoil Náisiúnta Trianta ag iarraidh ar Chomhairle Contae Dhún na nGall an bealach a fhad lena scoil a chóiriú ar bhonn práinne.

Dúirt Príomhoide na Scoile Lisa McMillan go bhfuil muintir na háite, tuismitheoirí na ndaltaí agus úinéirí na mbusanna scoile ag géarán le blianta fada go bhfuil drochbhail ar an bhealach mar gheall ar thuilte.

Dúirt an Príomhoide go bhfuil fadhb ollmhór ag pobal na scoile a bhaineann úsáid laethúil as an bhealach mar go gcuirtear ar mhalairt slí iad, rud a chuireann moill fhada ar thiománaithe atá ag fágáil daltaí ag an scoil agus á mbailiú arís.

Dúirt Lisa McMillan nach bhfuil sé sásúil go bhfuil a fhios ag an Chomhairle Contae go mbíonn an bealach seo atá idir Mín an Lábáin agus Cill Mhic Réanáin faoi uisce go rialta agus nach bhfuil sé luaite ar chlár oibre na mbóithre go fóill.