Iarnród
Chas baill ó Thionscamh Iarnróid Uladh Thiar nó WURI leis an Aire Stáit Iompair Seán Canney ar na mallaibh le plé a dhéanamh ar na pleananna Líne Traenach a fhorbairt idir Leitir Ceanainn agus Doire.
Tá an líne traenach seo san áireamh sna pleananna iarnród a fhorbairt ó Phort an Dúnáin go Doire agus ar aghaidh go Leitir Ceanainn mar chuid d'Athbhreithniú Iarnróid Straitéiseach Uile Éireann.
Dúirt Liam Mulligan, ball den choiste, go bhfuil an fhorbairt idir Leitir Ceanainn agus Doire ar an chuid dheireanach den obair atá beartaithe, ach gur mhínigh an grúpa don Aire an tábhacht díriú ar an cheantar seo ar dtús, mar gheall ar an méid tráchta a bhíonn ar na bóithre achan lá idir an dá cheantar.
Thug an tAire Canney le fios daofa go mbeadh sé sásta an cheist a phlé le hAire Bonneagair Thuaisceart Éireann Liz Kimmins.
Aibhneacha
Tá cúig thogra i nDún na nGall i measc 103 togra ar fud na tíre a bhainfidh tairbhe as maoiniú a d’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne agus an tAire Stáit Christopher O’Sullivan inniu le feabhas a chur ar shruth an uisce in aibhneacha a bhfuil dambaí agus a leithéidí ag cur bac ar gluaiseacht iasc.
Infheistíocht iomlán €13.6 milliún atá ceadaithe don chlár atá á bhainistiú ag Iascach Intíre Éireann.
Is i ndeisceart agus in oirthear na contae atá na tograí atá luaite sa chlár.
Otharlanna Pobail
Tá fadhbanna earcaíochta agus easpa acmhainní ag cur isteach ar an tseirbhís iomlán in otharlanna pobail na contae, de réir tuairisce ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Níl ach dhá Otharlann Phobail i nDún na nGall a bhfuil achan leaba san Otharlann in úsáid.
Is iad sin Otharlann Pobail an Chlocháin Léith, áit a bhfuil 34 leaba in úsáid agus Otharlann Phobail Charn Domhnaigh, áit a bhfuil 46 leaba in úsáid.
Dúradh sa tuairisc go bhfuil 7 leaba druidte in Otharlann Phobail an Fháil Charraigh agus 13 leaba druidte sna Cealla Beaga mar gheall ar easpa acmhainní.
Tá 63 leaba ar fad druidte sna Otharlainne Pobail i mBéal Átha Seanaidh, Bun Cranncha, Baile Dhún na nGall, Ráth Mealtain agus Srath an Urláir.
Baile Ghib
Beidh sé ceithre scór go leith bliain sa bhliain 2027 ó d’fhág 59 teaghlach a gceantar dúchais sa Ghaeltacht chun bogadh go Baile Ghib, áit ar bunaíodh pobal Gaeltachta úr.
Tá Comhairleoirí Contae ó Cheantar Bardais na nGleanntach chun aontú ar rún ag cruinniú iomlán den Chomhairle Contae sa bhliain úr áit a ndéanfar plé ar chlár a ullmhú leis an ócáid a chomóradh.
Bhí teaghlaigh as Fánaid, Gaoth Dobhair agus na Rosa ón chontae seo ina measc siúd a chur fúthu i mBaile Ghib.