Bealach Glas Uíbh Ráthaigh
Tá an chéad stráice de Bhealach Glas Uíbh Ráthaigh le hoscailt go hoifigiúil an mhí seo.
In agallamh don gclár adhmhaidin inniu, dúirt an Comhairleoir Tommy Cahill gur dóigh leis go dtuigeann an Chomhairle Contae gur cuireadh strus agus imní ar fheirmeoirí le hOrduithe Ceannaigh Éigeantacha agus go gcreideann sé go bhfuil iarracht níos fearr á déanamh anois chun cumarsáid níos soiléire a bheith ann leis na feirmeoirí.
Cead Pleanála
Tá fógra suímh nua curtha ar fáil ag an bhforbróir Gerry O'Sullivan, maidir lena iarratas chun foirgneamh uachtarlainne agus grúdlainne an Daingin a athchóiriú.
Tá cead lorgtha chun 3 fhoirgneamh ar an láthair mar a bhuaileann Bóthar an Spá agus Bóthar na Conarach le chéile, a leagadh, agus naoi gcinn d’aonaid tithíochta a thógaint, mar aon leis na háiseanna a ghabhann lena leithéidí.
Lorg an Chomhairle breis eolais maidir le cúrsaí sábháilteachta bóthair, an baol ó thuillte, agus ar nithe teicniúla eile, agus mar pháirt de sin tá na hathruithe léirithe ar na fógraí nua.
Tá ana-stair ag baint leis an láthair áirithe seo.
Bhí gnó leasaithe éisc ann, agus gnó pioctha turcaithe, sarar deineadh uachtarlann de, agus ina dhiaidh sin aríst deineadh iarracht oifigí a dhéanamh den láthair.
Ba ann a bhí grúdlann Tom Crean idir 2011 agus 2017, nuair a leachtaíodh an gnó.
Tionóisc
Bhí tionóisc ag cairt amháin, am éigin i gcaitheamh na hoíche, nuair a chuaigh sí den mbóthar sa Leataoibh i bParoiste na Cille, agus chríochnaigh istigh sa chlaí.
Ní fios fos ar gortaíodh éinne ná níl aon eolas eile fén eachtra ar fáil fé láthair.
Bric agus Bradáin 2026
Tá comhairliúchán tosnaithe ag an Aire Stáit Timmy Dooley, fés na dréacht-rialacha maidir le bric agus bradáin don mbliain seo chughain.
Tá liosta na n-aibhnte ina mbeidh cead breith ar bhradáin agus ar bhric an bhliain seo chughainn foilsithe.
I measc na bpríomh-athruithe atá á moladh tá, ná beidh cead aon bhradán ná breac a mharú in Abhainn Mhór na Mumhan i gceantar an Leasa Mhóir, agus go gcaithfear scaoileadh le haon iasc a bheireann slatiascairí orthu.
Tá an scéal amhlaidh le habhainn na Mainge, An Abhainn Mhór sa Leitriúch, agus roinnt aibhnte eile i gCiarraí.
Fanfaidh Abhainn na Feothanaí, Abhainn Bhaile an Mhuilinn agus Abhainn na Scáil i gCorca Dhuibhne dúnta.
Beidh Abhainn an Choireáin agus Loch Luíoch oscailte, ach caithfear scaoileadh le haon bhreac éisc a bheireann slatiascairí orthu in Abhainn na hUíne.
Tá go dtí an 20 Nollaig ag daoine chun aighneachtaí a dhéanamh fé dhréacht-phlean na bliana seo chugainn.
Tá ocht n-abhainn i gContae Chiarraí luaite le clár maolaithe na mbac atá fógartha inniu ag an Aire Rialtais Áitiúil James Brown agus an tAire Stáit Christopher O’Sullivan.
Áirítear leo san, Tóchar Ghleann Tí an Easaigh sa Leitriúch agus an droichead ag Galfchúrsa Cheann Muice sa Choireán.
Clár is ea é seo atá fé stiúir ag Iascach intíre Éireann agus a bhfuil sé mar sprioc aige, bacanna atá curtha ag daoine sna haibhnte a ghlanadh amach d’fhonn ligean den uisce sreabhadh gan bhac, ar mhaithe le gluaiseacht na n-iasc, leis an mbithéagsúlacht agus le leas na n-aibhnte trí chéile.
Tá seacht n-abhainn i gContae Chorcaí luaite leis an gclár agus aon abhainn amháin i gContae