Tiomáint faoi thionchar an óil
Gabhadh duine a bhí ag tiomaint go mídhleathach i Leitir Ceanainn ag an deireadh seachtaine.
Bhí an tiománaí i dtimpiste bóthair ait ar bhuail an carr in éadan carr eile agus d'fhág an tiománaí láthair na timpiste.
D’éirigh le Gardaí Leitir Ceanainn theacht ar an tiománaí agus amhras orthu go raibh an tiománaí faoi thionchar an óil.
I ndiaidh tástáil anála fuarthas go raibh an tiománaí 9 n-uaire thar an teorainn dhlíthiúil.
Thóg na Gardaí leo an carr agus caithfidh an tiománaí theacht os comhair na Cúirte Dúiche ar dháta amach anseo.
Ceannfort Gaeltachta de dhíth.
Ba chóir go mbeadh Ceannfort ar na ceantair Ghaeltachta i nDún na nGall a thug Iar-Sháirsint sa Gharda Síochána, Séamus Ó Treartaigh le fios don Aire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan.
Is ball den choiste Comhpháirtíocht Sábháilteachta don Phobal Áitiúil i nDún na nGall é Seamus Ó Treatraigh, a chas leis an Aire O’Callaghan agus an Aire ar cuairt sa chontae an Aoine seo caite.
Dúirt Séamus Ó Treartaigh leis an Aire go bhfuil cuid mhór stáisiún Gardaí druidte in Iarthuaisceart na contae agus go bhfuil imní ar phobail tuaithe nach bhfuil go leor Gardaí lonnaithe sna ceantair sin.
Íocaíochtaí €1.7m chuig feirmeoirí.
Íocadh €1.7 milliún le feirmeoirí Dhún na nGall sa tríú bliain den Chlár um Éifeachtúlacht Carbóin Diúil (SCEP).
Bhain 752 feirmeoir sa chontae tairbhe as an scéim.
Thug an Roinn Talmhaíochta le fios inné go mbeadh na híocaíochtaí déanta taobh istigh de roinnt laethanta.
Clár Oibre Soláthair Uisce
Tá Clár Oibre Náisiúnta do Chóras Soláthair Uisce i gceantair thuaithe a dhíth go géar, a dúirt an Comhairleoir Martin Scanlon, díreach cosúil leis an Phlean Leathanbhanda Náisiúnta a chuireann leathanbhanda ardluais ar fail d’achan cheantar tuaithe, a dúirt sé.
Dúirt an Comhairleoir Martin Scanlon, go bhfuil sé scannalach go bhfuil an oiread fadhbanna sna ceantair thuaithe leis an chóras soláthair uisce agus píopaí uisce ag réabadh go rialta.
Ionad Faoisimh do Pháistí
Tá pleananna idir lámha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leis an dara hIonad Faoisimh do pháistí a bhunú i nDún na nGall.
De réir thuairisc na Feidhmeannachta le gairid, dúradh go bhfuil súil go mbeidh na sonraí don dara hIonad Faoisimh do pháistí i nDún na nGall san áireamh i gClár Caipitil na Feidhmeannachta do 2026.
Bainsiteoir Úr
Tá Bainisteoir úr ceaptha ar Ionad Pobail Mhachaire Rabhartaigh, is í sin Maria Nic Giolla Chomhail.
Is as Glaschú ó dhúchas don bhainisteoir úr atá ina cónaí i Mín an Chladaigh le blianta.
Chuir sí tús lena cuid oibre le Togra Fiontar agus Cultúr Uladh, atá i gceannas ar an Ionad Pobail i Machaire Rabhartaigh, i 2018 agus í ag obair ar scéimeanna éagsúla ansin ó shin.
Soláthar Uisce
Thug Uisce Éireann fios go mbeidh siad ag leanstan leis an obair chothabhála ar thaisceamar Dhobhar agus ar sholáthar uisce na Rosa inniu.
Deirtear go bhféadfadh tithe i mBun an Leaca agus i nDobhar a bheith fágtha gan uisce siocair na hoibre.
Táthar ag súil go mbeidh an obair críochnaithe ag a 6 a chlog tráthnóna inniu.