Cuairt

Tá tús curtha ag an Aire Dlí agus Cirt, Jim O'Callaghan lena chuairt ar Chontae Dhún na nGall inniu.

Thug sé cuairt ar stáisiún Gardaí Charn Domhnaigh ar maidin agus tá sé le cuairt a thabhairt ar roinnt stáisiún eile le linn an lae.

Cuirfidh an tAire O'Callaghan deireadh lena thuras nuair a thabharfaidh sé cuairt ar stáisiún Gardaí Bhaile Dhún na nGall ar a 1 a chlog inniu, áit a mbeidh imeacht ar siúl leis an obair fhorbartha atá déanta ar an stáisiún a cheiliúradh.

Buiséad

Glacadh le Buiséad Chomhairle Contae Dhún na nGall do 2026 in Áras na Contae i Leifear tráthnóna inné.

Don ochtú bliain as a chéile, ní bheidh ardú ar bith ar na rátaí gnó ar an bhliain seo chugainn.

Ceadaíodh €223 milliún, an tsuim ba mhó airgid riamh, do bhuiséad na Comhairle.

Cuireadh an cruinniú ar athló 5 huaire ó mhaidin go tráthnóna inné mar go raibh díospóireacht ghéar ar siúl idir na comhairleoirí faoin ardú 5% ar na rátaí gnó a bhí molta sa dréacht-bhuiséad.

Chuir an Comhairleoir Micheal McBride, urlabhraí na gComhairleoirí Neamhspleácha, rún os comhair na Comhairle gan ardú ar bith a chur ar na rátaí gnó agus chuir an Comhairleoir Ciarán Brogan, urlabhraí Fhianna Fáil sa Chomhairle, rún eile chun tosaigh leis na rátaí gnó a ardú 2%.

Chaith 35 comhairleoir vóta agus chaill Comhairleoir Fhianna Fáil a rún na rátaí gnó a ardú, vótáil 15 Comhairleoir leis an Chomhairleoir Brogan agus 20 Comhairleoir ina choinne.

Glacadh le rún an Chomhairleora McBride gan na rátaí gnó a ardú agus glacadh leis an Bhuiséad.

Gradam

Tá beirt as Dún na nGall i measc dhá chloigeann is fiche a mbronnfar Gradam Náisiúnta Crógachta orthu inniu.

Beidh na Gradaim á mbronnadh ag an Cheann Comhairle Verona Murphy i dTeach Laighean ar an mheán lae.

Bronnfar Bonn Airgid ar an iascaire as na Cealla Beaga, Pat Cannon, a léim isteach san fharraige in ainneoin nach raibh snámh aige le tarrtháil a thabhairt ar chomhghleacaí dá chuid a thit de bhád iascaireachta i mí Dheireadh Fómhair 1988.

Bronnfar Bonn Ché-Umha ar Kealan Dolan as Ráth Mealtain as fear a tharrtháil ó theach a bhí ar thine i Mainéar Uí Chuinneagáin i mí Meitheamh anuraidh.

Banc Bia

Beidh ceant ar siúl ar líne ón mheán lae inniu le hairgead a bhailiú do Ghréasán na mBanc Bia i nDún na nGall.

Tá banc bia is fiche ar bun ar fud Dhún na nGall agus 7 gcinn acu ar fáil i gceantair Ghaeltachta le tacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh atá ar an ghannchuid.

Chuir gnólachtaí ar fud na contae earraí agus seirbhísí ar leith ar fáil saor in aisce don ghréasán, ina dtig leis an phobal a cheannach ar phraghas íseal, ach páirt a ghlacadh sa cheant ar líne.

Is í an eagraíocht Lions i Leitir Ceanainn atá ag eagrú cheant an lae inniu.

Rachaidh an t-airgead ar fad chun sochair do na bainc bhia sa chontae.