Buaiteoirí Ghradam na Gaeltachta

Bhí eagraíochtaí as Dún na nGall i measc na mbuaiteoirí ag Gradaim na Gaeltachta Údarás na Gaeltachta a bronnadh ag ócáid in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha i nGaillimh aréir.

Bronnadh Gradam Phádraig Uí Aoláin ar Choiste Forbartha Éadan Fhionn Fraoich sa chatagóir Coistí Pobail agus Deonacha.

D'éirigh le Comhar Fhánada agus Gleann Bhairr CTR an chéad áit a bhaint sa Rannóg Togra Cultúir, Ealaíon agus Oidhreachta.

D’éirigh le Céim Aniar CTR an chéad áit a bhaint amach sa Rannóg Togra Óige.

Sa Rannóg Togra Fiontair Shóisialta, d’éirigh le Gleann Fhinne CTR an dara háit a bhaint amach.

Sa Rannóg Togra Seirbhísí Sóisialta, d’éirigh le Comharchumann Thoraí Teo an dara háit a bhaint amach.

Maoiniú €763k do ghrúpaí tuaithe.

D’fhogair an tAire Forbartha, Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary inniu go bhfuil maoiniú €763,000 ceadaithe do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí éagsúla i gceantracha tuaithe ar fud na contae.

Tá an maoiniú seo á cheadú faoi scéim CLÁR.

Tá an maoiniú is mó, €100,000, ceadaithe do Choiste Forbartha na nGleanntach/Éadan Fhionn Fraoich leis an tsiúlóid ag an Chruach a fhorbairt agus €100,000 do CLG Chill Chartha le seastán a fhorbairt ag Tamhnaigh.

Ceadaíodh €65,000 do na heagraíochtaí seo a leanas:- CLG Ard an Rátha, Ionad Lae an Chlocháin, Iascairí Pobail na Daoile, Ionad Pobail an Tearmainn, Siúlóid Loch Bhun an Inbhear, Coiste Ghleann Cholm

Cille, Siúlóid Foraoise agus Cois Abhann Ghaoth Dobhair agus CLG Phaiteagó.

Tá €43,000 ceadaithe do Choiste Inis Bó Finne le láthair picnicí a fhorbairt.

Chuir an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir fáilte roimh an mhaoiniú agus dúirt sé go bhfuil an maoiniú seo fíorthábhachtach do phobail tuaithe a bhíonn ag brath go mór ar oibrithe deonacha le forbairtí a dhéanamh ina bpobail.

2,000 gan aibhléis

Tá thart ar 2,000 custaiméir de Bhord Soláthair an Leictreachais gan chumhacht aibhléise sa chontae maidin inniu mar gheall ar stoirm na hoíche aréir.

Ceantar Shrath an Urláir is mó atá buailte agus tuairim agus 1,200 custaiméir gan chumhacht aibhléise ansin.

Tá oibrithe Bhord Soláthair an Leictreachais ag obair leis an damáiste a rinneadh do línte cumhachta agus do threalamh le linn na stoirme a dheisiú agus táthar ag súil go mbeidh an chumhacht ar ais sna tithe uilig sa chontae inniu.

Tá deireadh anois leis an fholáireamh aimsire stádas buí gaoithe a bhí i bhfeidhm ag Met Éireann do Dhún na nGall.

Géarchéim san iascaireacht

Tharraing Teachta Dála Shinn Féin Pádraig Mac Lochlainn aird sa Dáil tráthnóna inné ar an ghéarchéim san earnáil iascaireachta i bhfianaise na gciorraithe atá molta ar chuótaí éisc.

Dúirt an Teachta Mac Lochlainn go gcaithfidh an tír seo seasamh in éadán na héagóra seo agus dhul i ngleic leis an éagothroime, go háirithe nuair is tíortha mar na hOileáin Fharó, an Íoslainn, an Rúis agus an

Iorua is cúis leis an fhadhb ó thús mar gheall ar an iomarca iascaireachta a bhí ar siúl acu.

Ina fhreagra dúirt an tAire Stáit Martin Heydon go leanfaidh sé lena chuid iarrachtaí leis an toradh is fearr is féidir a fháil d’earnáil na hiascaireachta sa tír seo.

Púchán Ae

Léiríodh i scrúduithe a rinne Tionscal Feola na hÉireann go bhfuarthas cásanna den ghalar Puchán Ae nó 'Liver Fluke’ in 60% agus 80% de thréada i gcontaetha in Iarthuaisceart na tíre, Dún na nGall san áireamh.

Tuairiscíodh go bhfuaireas comharthaí den Phuchán Ae i 63% de thréada i nDún na nGall idir Bealtaine agus Deireadh Fómhar na bliana seo.

Dúirt Joe Mac Suibhne ó Chraobh Dhún na nGall d’Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann go bhfuil sé iontach tábhachtach go dtabharfadh na feirmeoirí na cógaisí atá ag teastáil do na hainmhithe le hiad a chosaint ón phuchán ae.