Eir

Thug an Comhlacht Eir le fios don Chomhairleoir Contae Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig go bhfuil an obair le toiseacht maidin inniu leis an tseirbhís fóin agus leathanbhanda a cheangal arís le tithe ar bhealach an N56 idir Caoldroim agus Gort an Choirce.

Bhí tithe fágtha gan seirbhís ar feadh níos mó ná seachtain ó briseadh cuaille sa cheantar.

Beidh bainistiú á dhéanamh ar an trácht ar bhealach an N56 le linn na hoibre.

Scoil

Ábhar díomá, a dúirt Príomhoide Gníomhach Scoil Náisiúnta Mhín Tine Dé, Sharon Nic Giolla Bháin nach bhfuil stádas Deis ag an Scoil, an t-aon Scoil Ghaeltachta sa chontae nach bhfuil an stádas seo aici.

Reáchtáil Coiste Gaeilge na Comhairle Contae cruinniú sa Scoil an tseachtain seo agus d'impigh Sharan Nic Giolla Bháin ar na Comhairleoirí Contae cás na Scoile a ardú leis an húdaráis chuí.

Dúirt sí go ndearna Bord Bainistíochta na Scoile teagmháil leis an Roinn Oideachais cúpla uair faoin cheist ach nach bhfuair siad freagra sásúil ar a n-achainí.

Dúirt an Príomhoide Gníomhach nach bhfuil na deiseanna céanna á dtabhairt do na daltaí agus atá á dtabhairt do dhaltaí i scoltacha eile áit a bhfuil maoiniú breise ar fáil.

Dúirt sí fosta go bhfuil géarghá córas iompair scoile a chur ar fáil don scoil.

Bille

Caithfear Bille Leasuithe na mBrící Lochtacha a achtú ar bhonn práinne, a dúirt an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir.

Thug an Rialtas cead don Aire Tithíochta James Browne an bille a fhoilsiú inné.

Chuir an Teachta Ó Gallachóir fáilte roimh na bearta dearfacha a dúirt sé atá sa reachtaíocht – ina measc íocaíochtaí breise do dhaoine a bhain tairseach an deontais amach sular ardaíodh é, an síneadh atá curtha le spriocdhátaí don obair thógála agus tuilleadh solúbthachta do theaghlaigh a bhfuil riachtanais ar leith acu.

Thug an Teachta Ó Gallachóir le fios go dtug sé cuairt ar theaghlaigh i Leitir Ceanainn a bhí buailte ag an chonspóid ar na mallaibh agus go dtuigeann sé an cruachás a bhfuil siad ann ní hamháin ó thaobh a gcuid tithe de ach ó thaobh a gcuid sláinte de fosta.

Dúirt sé nach dtugann an bille mar atá sé faoi láthair cead do theaghlaigh teach úr a thógáil in aice leis an seanteach ach go bhfuil sé dóchasach go dtabharfaidh an tAire cead seo a dhéanamh nuair a bheidh an bille ag céim an choiste.

Drugaí

Bhí lá gníomhaíochta ar siúl sa chontae Dé Máirt ag aonaid éagsúla den Gharda Síochána, Aonad Drugaí na nGardaí ina measc agus ag na Coimisinéirí Ioncaim agus an Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre le dul i ngleic le hiompórtáil drugaí mídhleathacha.

Bhí cuardaithe agus seicphointí ar bun i gceantar Bhaile na nGallóglach agus in Iarthar Dhún na nGall mar chuid den fheachtas Cósta ar Aire.

Gabhadh fear amháin ach scaoileadh saor ina dhiaidh sin é agus réiteofar comhad ina leith.

Foláireamh Aimsire

Tá foláireamh aimsire stádas buí gaoithe eisithe ag Met Éireann do Chontae Dhún na nGall.

Beidh an foláireamh i bhfeidhm ón 4 a chlog tráthnóna inniu go dtí an 6 a chlog maidin amárach.

Tá séideáin ghaoithe láidre aniar aneas tuartha agus deir Met Éireann go bhféadfadh smionagar a bheith ar na bóithre.