Feirm ghaoithe

Tá na cearta chun feirm ghaoithe a fhorbairt sa limistéar ar a dtugtar Tonn Nua, amach ó Chosta Phort Láirge, bronnta ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, ar chomhfhiontar idir Bhord Soláthair an Leictreachais agus Ørsted na Danmhairge.

Tá 20 bliain sa chonradh agus praghas €98.72 don meigeavata uair fuinnimh a ghinnfear.

Meastar go nginfidh an suíomh a dhóthain fuinnimh do 800,000 tigh.

Tá an tionscadal fós i gcéim luathfhorbartha.

Tá an cinneadh infheistíochta deireanach beartaithe do 2031, agus tá súil go mbeidh an fuinneamh ag teacht go gairid in dhiaidh sin.

Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt

Tá an tionchar iomlán atá ag Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt ar gheilleagar na hÉireann measta ag €1.05 billiún, de réir na tuarascála nua atá foilsithe ag an gcomhlacht Indecon International thar ceann na hOllscoile

Measúnú neamhspleách is ea é seo, ar fhostaíocht na gcéimithe agus a dtuarastal, agus ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta.

Dúirt 16% des na mic léinn a ceistíodh don staidéar ná beadh oideachas tríú leibhéal fachta in aon chor acu murach Ollscoil SETU, agus dúirt duine as gach deichniúr gurb amhlaidh a mbeidís imithe thar lear ar thóir an oideachais.

Tá 18,000 mac léinn ag SETU faoi láthair, agus táthar ag súil go méadóidh an líon sin go mór faoi 2040.

Tacaíonn an Ollscoil le breis agus 3,600 post go díreach agus go hindíreach, agus cuireann mic léinn idirnáisiúnta €28 milliún sa bhliain leis an ngeilleagar réigiúnach.

Tuairiscítear go ngineann gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta Ollscoil an Oirdheiscirt €35 milliún.

Tá ocht gcinn de chomhlachtaí tráchtála tar éis a n-eascartha ó thaighde na hOllscoile le cabhair maoinithe €12.8 milliún ó Horizon Europe

Grúdlann

Tá ainmniúchán fachta ag Grúdlann Fia Bán Teo i mBaile Mhic Íre, do ghradaim Inmharthanachta na hÉireann a bhronnfar inniu.

Tá an Ghrúdlann ainmnithe i rannóg na ngnó beag, toisc na n-iarrachtaí atá déanta acu a ngnó a dhícharbónú.

Tá ainmniúchán fachta leis ag tithe saoire agus lóistín mhuintir Hussain in Inse, atá tar éis iarracht nach beag a dhéanamh painéil ghréine agus áiseanna eile a fheistiú.

Baile Bhuirne

Deir an Seanadóir Laura Harmon ó Bhaile Bhuirne, go gcaithfidh Coláiste na hOllscoile Corcaigh míniú a thabhairt ar an tslí a chaitheadar €2 mhilliún ar phleanáil agus ar ailtireacht do scoil ghnó nach mbeidh á tógáil anois.

Bhí sí ag labhairt tar éis gur tuairiscíodh ag an deireadh seachtaine gur ceannaíodh suíomh i lár Chathair Chorcaí ar €17 milliún, ach go bhfuil an tionscadal curtha ar ceal anois ainneoin na mblianta a caitheadh i mbun dearaidh agus pleanála.

Tuairiscíodh san Examiner nach bhfuil sé ráite go hoifigiúil fós ag an Ollscoil go bhfuil an togra curtha ar ceal agus gur dhearbhaigh foinsí difriúla an méid sin don nuachtán.

I ráiteas, dúirt an Seanadóir Harmon atá ina hurlabhraí ardoideachais agus breisoideachais ag Páirtí an Lucht Oibre go bhfuil míniú ar an scéal tuillte ag an bpobal, ag an Údarás um Ardoideachas, agus ag Coiste um Chuntais Phoiblí an Oireachtais.

Ospís

Is ar mhaithe le hIonad Cúraim Mhaolaithigh na hOspíse i dTrá Lí, mar aon le Cumann Fiobróise Scamhóige na hÉireann a bheifear ag bailiú Dé Domhnaigh ag Mórchuaird Bhliantúil Tarracóirí Chorca Dhuibhne.

In agallamh don gclár Adhmhaidin inniu, dúirt Brian Ó Móráin, atá mar bhall do lucht eagraithe na Camchuairte, go bhfuilid ag súil go mbeidh timpeall 100 tarracóir páirteach in imeacht na bliana seo.