Brící

Tá na leasuithe ar an reachtaíocht a bhaineann le Scéim na mBrící Lochtacha le plé ag Bord an Rialtais maidin inniu.

Tá sé molta sna leasuithe uasmhéid an deontais a ardú 8% go €462,000 agus dhéanfar na spriocdhátaí sa scéim a scrúdú fosta.

Meastar go nglacfar leis an reachtaíocht roimh an Nollaig agus go gcuirfear na hathruithe i bhfeidhm sa bhliain úr.

Aonad Éigeandála

Tá sé náireach, a dúirt an Comhairleoir Contae Declan Meehan, go raibh ar níos mó na 10,000 othar fanacht idir 9 n-uaire an chloig agus ceithre huaire fichead san Aonad Éigeandála in Otharlann Leitir Ceanainn ón am a bhfaca siad altra triáise go dtí go bhfuair siad cóir leighis nó gur cuireadh na bhaile iad.

Dúirt an Comhairleoir Meehan go léiríonn na figiúirí a tugadh dó ag Fóram Sláinte an Iarthair agus an Iarthuaiscirt inné an mhoill fhada atá ar othair in Aonad Éigeandála Otharlann Leitir Ceanainn.

Dúirt sé gur fhreastail 40,000 duine ar an Aonad Éigeandála i Leitir Ceanainn go dtí seo i mbliana agus gur ghlac sé níos mó na leathuair ar 20% de na hothair seo altra triáise a fheiceáil.

Rannóg Shíciatrach

Léirigh an Comhairleoir Contae Ciarán Brogan imní nach bhfuil tagairt ar bith déanta i bPlean Forbartha Otharlann Leitir Ceanainn d'fhorbairt a dhéanamh ar Rannóg Shíciatrach na hOtharlainne.

Chuir an Comhairleoir Brogan in iúl don Fheidhmeannacht nach bhfuil an Rannóg Shíciatrach fóirsteanach don mhéid oibre a bhíonn ar siúl ansin sa lá atá inniu ann agus dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfear an Rannóg san áireamh i bPlean Forbartha na hOtharlainne.

Dheimhnigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte don Chomhairleoir go bhfuil measúnú ar bun acu ar na riachtanais agus ar an infheistíocht atá a dhíth leis an tseirbhís a fhorbairt.

Soilse Poiblí

Ba cheart do Chomhairle Contae Dhún na nGall soilse poiblí a chur in airde ar bhealaí i gceantracha tuaithe nach bhfuil sábháilte le siúl orthu sa dorchadas, a dúirt an Comhairleoir Denis Mac Aoidh.

Dúirt an Comhairleoir go bhfuil na cúlbhóithre seo atá corrach agus nach bhfuil lasta, ró-chontúirteach ag daoine, go háirithe seandaoine, le bheith ag siúl orthu tráthnóna.

D’iarr sé ar an Chomhairle Contae scrúduithe a dhéanamh ar na ceantracha tuaithe ina bhfuil daoine aosta ina gcónaí sa dóigh is gur féidir soilse poiblí a chur in airde agus na bealaí seo a dhéanamh níos sábháilte le siúl orthu tráthnóna.