Crainn
Tá ana-éileamh ar chúrsa atá á rith i gCorca Dhuibhne do mhuintir na leithinise atá ag cur agus ag fás crann, mar chuid den mhórthogra Meitheal na gCrann.
Ag labhairt dó ar Adhmhaidin inniu, dúirt Darach Ó Murchú, atá i bhfeidhil an chúrsa, go bhfuil liosta feithimh ann don gcúrsa i gcónaí, fiú agus trí cinn curtha ar bun go dtí seo,
Seirbhisiú
Tá rún molta ag an gComhairleoir Breandán Mac Gearailt ag cruinniú do cheantar Bardasach Chorca Dhuibhne agus Oileán Ciarraí, go ndéanfadh an Chomhairle contae scéim suíomhanna seirbhísithe a fhorbairt i gCorca Dhuibhne.
Suíomhanna tógála iad seo a bheadh ceangailte cheana le córais uisce, séarachais agus aibhléise, agus a dhíolfaí ansan le daoine a bheadh ag iarraidh a dtithe féin a thógaint.
Deir an Gearaltach go bhfuil sé dóchasach go bhféadfaí a leithéid de scéim a chur ar bun i gCorca Dhuibhne anois, agus dhá thogra dá leithéide ar tí a dtosnaithe go luath i dTrá Lí agus i gCill Airne.
Cruinniú Buiséid
Tionólfar Cruinniú Buiséid Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge i Halla na Cathrach ar a 2pm tráthnóna, chun dréachtbhuiséad na bliana seo chughain a mheas.
Buiséad €194 milliún a bhí ag an gComhairle i mbliana, méadú 5.5% ar bhuiséad na bliana anuraidh, agus tá súil go méadófar é aríst do 2026.
Méadaíodh an maoiniú do chúrsaí tithíochta 50% i mbliana, agus meastar go mbeidh tithíocht go mór chun cinn i mbuiséad na bliana seo chughain chomh maith.
An Úcráin
Deir an Feisire Eorpach ó Chill Chuimín, Seán Kelly, nach bhfuil ana-mhuinín ag feisirí na Parlaiminte san Aontas Eorpach go gcloífidh an Rúis le comhaontú síochána i bhfad na haimsire.
Ag labhairt ar an gclár Adhmhaidin inniu, shéan an Feisire Kelly gur bocht an cheannaireacht atá léirithe ag an Eoraip i leith na hÚcráine, i gcomparáid le Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Cluichí Ceannais
Tá na socruithe fógartha do Chluichí Ceannais Caide Chúige Mumhan.
Sa Chraobhchomórtas Sinsir beidh an Daingean agus Cumann Naomh Fionnbarra Chorcaí ag imirt i Staid Semple i nDurlas, seachtain ó Dé Domhnaigh, an 7 Nollaig ar 1.30pm.
Imreofar an Cluiche Ceannais Idirmheánach, idir an Ghaeltacht agus Achadh Bolg Chorcaí, ar an lá roimis, an 6 Nollaig.
Is i bPáirc Mick Neville, Rath Caola i gContae Luimnigh a bheidh an cluiche sin agus tosóidh sé ar a 4pm.
Agus fógraíodh an socrú aréir chomh maith do Chluiche Ceannais Mionúir Chiarraí Thiar idir an Ghaeltacht agus Caisleán Ghriaire.
Sa Chaisleán a bheidh an cluiche sin, Dé Domhnaigh seo chugainn ar a 2pm.
Carrchlós
Tá an carrchlós ar Shráid an Doirín sa Daingean iata ó thráthnóna aréir, agus beidh go dtí trathnóna Dé Luain seo chugainn.
Is amhlaidh go bhfuil stáitse agus puball á dtógaint ann don bhFéile Cheoil Other Voices a bheidh ar bun ag an deireadh seachtaine