Iascaireacht
Tá sé riachtanach go dtabharfaidh an tAontas Eorpach tacaíocht iomlán do rún na hÉireann cosc a chur ar iascaireacht ó thíortha nach baill den Aontas iad i bhfarraigí na hÉireann, a dúirt Aodh Ó Domhnaill, Príomhfheidhmeannach Chumann Tairgeoirí Éisc na hÉireann.
Tá cruinniú tábhachtach le bheith ag an Aontas i mí na Nollag áit a ndéanfar plé ar na moltaí laghdú a dhéanamh ar chuótaí éisc.
I ráiteas ó Chumann Tairgeoirí Éisc na hÉireann deirtear go ndéanfar dochar ollmhór d'earnáil na hiascaireachta sa tír muna seasann an tAontas Eorpach le hÉirinn agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ar Oileáin Fharó, an Íoslainn, an Rúis agus go háirithe ar an Iorua le deireadh a chur leis an ró-iascaireacht atá ar bun acu.
An Craoslach
Glacadh le rún ón Chomhairleoir Contae Frank Mac Breartaigh ag cruinniú na Comhairle Contae arís inné, go gcuirfeadh an Rialtas tús le fiosrúchán poiblí faoi thragóid an Chraoslaigh.
Ba é an Comhairleoir Contae Thomas Sean Devine a chur leis an rún.
Cháin an Comhairleoir Mac Breartaigh an tréimhse ama a ghlac sé ar an Aire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan freagra a thabhairt ar an rún céanna seo anuraidh agus dúirt sé nach nglacann sé lena fhreagra inár dhúirt sé go gcuirfeadh fiosrúchán poiblí isteach ar an fhiosrúchán coiriúil atá ar siúl i láthair na huaire maidir le tragóid an Chraoslaigh.
Mhol an Comhairleoir Mac Breartaigh ag cruinniú an lae inné do na teaghlaigh a chaill duine muinteartha sa tragóid teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an Aire O’Callaghan.
Tá sé trí bliana ó tharla an tragóid ar an 7 Deireadh Fómhair 2022 áit ar maraíodh deichniúr.
Toibreacha
Tá barraíocht spriocanna le comhlíonadh ag úinéirí tí atá ag iarraidh iarratas a dhéanamh faoi Scéim Deontais na dToibreacha, a dúradh ag cruinniú na Comhairle Contae inné.
Tá an deontas seo mar pháirt den Chlár Uisce Tuaithe le tacú le teaghlaigh i gceantair thuaithe atá ag brath ar sholáthar uisce príobháideach agus atá ag iarraidh tobar a fhorbairt ar a dtalamh fhéin.
Dúirt an Comhairleoir Martin Scanlon go bhfuil an costas le tithe úra a cheangal leis an chóras uisce i bhfad ró-ard agus go mbeadh sé níos saoire ag úinéirí tí a dtobar fhéin a úsáid dá mbeadh an deontas ar fáil díofa.
Glacadh le rún ó na Comhairleoirí Contae ag cruinniú an lae inné scríobh chuig an Aire James Browne sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar choinníollacha an deontais.
Le cáiliú don deontas caithfidh úinéirí a bheith 7 mbliana ina gcónaí i gcuid tithe, ní thig iarratas a dhéanamh do thithe úra agus is é €5,000 an t-uasmhéid atá ar fáil faoin scéim.
Bóithre
D’iarr an Comhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpag ar Rannóg Bóithre Chomhairle Contae Dhún na nGall scrúdú a dhéanamh ar shábháilteacht chúlbhóithre Dhún na nGall.
Dúirt sé go bhfuil miontimpistí ag tarlú go rialta ar chúlbhóithre mar nach bhfuil an mharcáil ná an chomharthaíocht cheart in áit ag tabhairt le fios do thiománaithe go bhfuil siad ag teacht fhad leis an phríomhbhealach.
Teastaíonn línte agus comharthaí a chur in áit ar chúlbhóithre i gceantair áirithe ar fud na Contae ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.
Iarsmalann
Dhéanfar Iarsmalann úr i Seanteach na Cúirte i Leifear a oscailt go hoifigiúil tráthnóna inniu.
Mar pháirt den taispeántas beidh trí phríomhbhailiúchán oidhreachta ar taispeáint san Iarsmalann, Bailiúchán Chumann Staire Chontae Dhún na nGall, Bailiúchán Sinsearachta Dhún na nGall agus seandachtaí agus seanábhar ó Shean-Chúirt Leifir fhéin, le léiriú a thabhairt ar Stair na Contae.
Is é Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall John McLaughlin a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil tráthnóna inniu ag a 7 a chlog.