Tiománaithe faoi oiliúint
Tá chóir a bheith 10,000 tiománaí faoi oiliúint i gContae Dhún na nGall faoi láthair, de réir an eolais is deireannaí ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.
9,949 tiománaí i nDún na nGall nach bhfuil a gceadúnas iomlán tiomána acu go fóill de réir na bhfigiúirí.
Tá an chuid is mó de na tiománaithe faoi oiliúint i nDún na nGall idir 17-20 bliain d'aois - 3,120 tiománaí, de réir na bhfigiúirí.
Dréacht-Bhuiséad
Theip ar Chomhairleoirí Contae Dhún na nGall glacadh le Dréacht-Bhuiséad do 2026 ag cruinniú a bhí ar siúl i gceannáras na Comhairle i Leifear Dé hAoine.
Caitheadh bunús an lae ag plé an bhuiséid ach níor éirigh leis na Comhairleoirí a theacht ar chomhréiteach agus dhéanfar an Buiséad a phlé arís ar an 3 Nollaig.
Tá sé molta sa dréachtbhuiséad na rátaí gnó a ardú 5%, níor ardaíodh na rátaí le 7 mbliana, mar sin féin, tá sé ráite ag Comhairleoirí Contae go bhfuil gnólachtaí ag streachailt agus nach féidir leo glacadh le hardú 5%.
Caithfidh socrú a bheith déanta ar an bhuiséad faoin 4 Nollaig.
Tá caiteachas €224m luaite leis an dréachtbhuiséad do 2026, sin méadú ó €199m do bhuiséad na bliana seo, méadú €25m euro ó anuraidh.
.Dúirt Micheál Mac Gairbheith, Stiúrthóir Comhshaoil Chomhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil sé dóchasach go nglacfar le Buiséad 2026 na Comhairle Contae an 3 Nollaig.
Dúirt sé go mbeidh cruinnithe ag Stiúrthóirí na Comhairle leis na Comhairleoirí Contae an tseachtain seo agus go bhfuil sé sásta go bhfuil deis á tabhairt do Chomhairleoirí na ceisteanna atá acu a phlé.
Ní hamháin go mbeidh plé á dhéanamh ar na Rátaí Gnó, a dúirt sé, ach beidh plé á dhéanamh ar cheisteanna eile chomh maith.
Aiseolas
Cluiche polaitíochta atá á imirt ag Páirtí Fhianna Fáil a dúirt na Comhairleoirí Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig agus Denis Mac Aoidh nuair nár glacadh leis an Bhuiséad De hAoine s'chuaigh thart.
Dúirt siad gur chas an Stiúrthóir Airgeadais Richard Gibson le Comhairleoirí Contae i ngach ceantar Bardais agus gur tugadh an t-eolas daofa ar an méid a bhí sa Bhuiséad.
Dúirt siad gur cheart go mbeadh gach Comhairleoir Contae páirteach sna cainteanna le chéile agus nach n-aontaíonn siad le cruinnithe príobháideacha.
Deir siad gur cur i gcéill iomlán atá sa mhoilleadóireacht agus gurb é an pobal a bheidh thíos leis sa deireadh.
Tréidliacht
Dhéanfaidh an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais James Lawless an clár úr Tréidliachta in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceanainn a sheoladh go hoifigiúil tráthnóna inniu.
Ceadaíodh clár caipitil €41 mhilliún ar na mallaibh le Coláiste Tréidliachta úr a bhunú i gCarn na Mugach i Leitir Ceanainn agus táthar ag súil go mbeidh sé críochnaithe don scoilbhliain 2028-29.
Dúirt Uachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceanainn, an Doctúir Orla Flynn, go mbeidh sé níos fusa anois ag daoine staideár a dhéanamh ar thréidliacht rud a chinnteoidh go mbeidh tréidlianna oilte ar fáil do phobail tuaithe.
Bithéagsúlacht
D’fhógair an tAire Stáit a bhfuil cúraimí oidhreachta air, Christopher O’Sullivan, inniu go bhfuil deontas thara €97,000 á chur ar fáil do Chomhairle Contae Dhún na nGall do 7 dtogra bithéagsúlachta sa Chontae.
Tá an mhaoiniú is mó de €30,000 ceadaithe le cothabháil a dhéanamh ar sconsaí sa Chontae le bac a chur ar chreachadóirí.
Ag fáiltiú roimh an scéala dúirt an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir go rachaidh an maoiniú seo go mór chun sochair chun cúrsaí bithéagsúlachta agus timpeallachta a chur chun cinn sa Chontae.
Cheadaigh an tAire O’Sullivan €3m inniu do thograí ar fud na tíre faoin chlár bithéagsúlachta.