Leathanbhanda

Tá 72% den obair críochnaithe go dtí seo ag Comhlacht Náisiúnta Leathanbhanda na hÉireann nó an NBI le córas leathanbhanda ardluais a chur ar fáil in achan cheantar i nDún na nGall go háirithe i gceantair thuaithe.

Tugadh le fios ag cruinniú de Choiste Eacnamaíochta, Córais Faisnéise agus Éigeandála na Comhairle Contae an tseachtain seo go bhfuil fáil anois ag 24,283 teach nó gnó sa chontae ar sheirbhís leathanbhanda NBI.

Dúradh go mbeidh sé deireadh na bliana seo chugainn sula mbeidh an obair ar fad críochnaithe agus go mbeidh leathanbhanda ardluais curtha ar fáil do 34,000 foirgneamh sa chontae.

Buiséad

Beidh cruinniú buiséid Chomhairle Contae Dhún na nGall do 2026 ar siúl in Áras na Contae i Leifear inniu.

Tá caiteachas €224 milliún luaite leis an dréachtbhuiséad do 2026, sin méadú ó €199 milliún do bhuiséad na bliana seo.

Cuirfear tús leis an chruinniú ar 10 a chlog inniu.

Uisce Éireann

Tá sé tábhachtach go mbeadh oifig ag Uisce Éireann i gContae Dhún na nGall, a dúirt an Comhairleoir Contae Anthony Molloy.

Bíonn frustrachas agus fearg ar an phobal nuair nach bhfaigheann siad eolas ó Chomhairleoirí Contae faoi dheacrachtaí leis an chóras uisce ina gceantar, a dúirt sé.

Thug an Comhairleoir Molloy le fios gur seoladh ríomhphoist an t-aon modh cumarsáide atá acusan le hUisce Éireann.

Caithfidh an comhlacht an córas cumarsáide atá in úsáid acu a athrú a dúirt sé.

Bealach

Tá Innealtóir Bóthair Chomhairle Contae Dhún na nGall agus na Gardaí le scrúdú a dhéanamh ar bhealach Shrath na Corcra i nDoirí Beaga.

Dúirt an Comhairleor Contae John Shéamais Ó Fearraigh ag cruinniú de Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach ar na mallaibh gur tharla 7 dtimpiste ansin le cúpla mí agus go bhfuil sé tábhachtach scrúdú iomlán a dhéanamh ar an bhealach.

Measann sé go bhfuil baint ag luas leis na taismí agus dúirt sé go gcaithfear an bealach a dhéanamh níos sábháilte.

Tá an Crannóg iontach gnóthach le ranganna agus campaí samhraidh agus dúirt sé go bhfuil an baol ann go ngortófar duine muna gcuirfear bearta sabháilteachta i bhfeidhm.

Fonn

Cuirfear tús le clár úr nua, Fonn, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu.

Is comhléiriú é an clár FONN, idir RTÉ Raidió na Gaeltachta agus BBC Radio na nGàidheal, a bheidh á chur i láthair ag Dónal Mac Ruairí agus Joy Dunlop.

Tá trí cinn déag de chláracha sa tsraith, agus craolfar an chéad chlár inniu ón 2 go dtí an 3 a chlog.

Nascann an clár FONN ceol agus amhráin na hÉireann agus na hAlban.

Beidh an dara sraith den clár FONN á thaifeadadh le linn 2026.