Ionad Tástála Cairteacha

Deir an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre gur dóigh leo-san ná fuil éileamh ar Ionad Tástála Náisiúnta Cairteacha ar leithinis Chorca Dhuibhne de réir an aiseolais atá fachta acu.

Ní mó ná sásta atá an Comhairleoir Breandán Mac Gearailt leis dtuairim sin, a cuireadh in iúl i litir ón Údarás go dtí Comhairle Contae Chiarraí.

Ag labhairt dó ar Adhmhaidin, dúirt an Gearaltach go bhfuil géarghá dar leis lena leithéid d'ionad le freastal ar phobal Chorca Dhuibhne.

TUSLA

Tá sé tugtha le fios ag urlabhraí thar ceann an Aire Leanaí Norma Foley do Nuacht an Deiscirt, ná beidh próiséas measúnaithe nua glan á thosnú ag TUSLA chun na deich n-ionad tacaíochta teaghlaigh nua, a gealladh sa cháinfhaisnéis, a roghnú.

Bhí ana-dhíomá ar lucht Áiseanna na hÓige sa Daingean, nár éirigh leis an iarratas a dheineadar san ar na cúig ionad nua a fógraíodh i mí Lúnasa, ach tugadh le fios dóibh go mbeadh a n-iarratas le scrúdú aríst dá mba rud é go bhfaighfí maoiniú breise chun an Clár um Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh a leathnú a thuilleadh in 2026.

Tá an maoiniú breise sin fachta anois, agus tuigtear, dá bhrí sin, go mbeidh Ionad Áiseanna na hÓige sa Daingean san áireamh sa mheasúnú dos na hIonaid nua, bunaithe ar an iarratas a dheineadar níos túisce i mbliana.

Eitleán

Tá sé dearbhaithe aigeas na Gardaí go bhfuil corp an phíolóta a cailleadh inné, nuair a thit eitleán beag den spéir in aice Aerfort Phort Láirge, aistrithe anois ó láthair na tionóisce go dtí Ospidéal na hOllscoile Port Láirge, mar a dhéanfar scrúdú iarbháis air.

Tá an láthair fós á caomhnú, agus tá súil go mbeidh lucht imscrúdaithe na dtionóiscí aeir i láthair inniu.

Bhí an eitleán ag dul go Beziers na Fraince ó Shligeach nuair a thriail sí tuirlingt éigeandála a dhéanamh in Aerfort Phort Láirge.

Féile Liteartha

Cuirfear tús inniu le Féile Liteartha Chorca Dhuibhne.

Tá naoi gcinn ar fhichead de chainteanna ar chlár na féile i mbliana agus beidh 10 gcinn de cheardlanna scríbhneoireachta á gcur ar bun le linn an deireadh seachtaine, ag tosnú ar a 5pm tráthnóna le comhrá idir an Dr Abby Bender agus an file Eiléan Ní Chuilleanáin.

Is ar champas nua Ollscoil an Chroí Naofa sa Daingean a bheidh lár-ionad na gceardlann ag an bhFéile i mbliana, ach beidh imeachtaí ar súil ar fud an bhaile.

Tá clár na féile le fáil ar dinglelit.ie

IMRAM

Déanfar comóradh liteartha ag an bhFéile IMRAM i mBaile Átha Cliath anocht ar oidhreacht an tráchtaire spóirt Micheál Ó Muircheartaigh ó Dhún Síon, an Daingean, a cailleadh Meitheamh na bliana seo caite.

Ag ócáid dar teideal Bard na Páirce in amharclann Smock Alley ar a 7.30pm, beidh na filí Ailbhe Ní Ghearbhuigh ó Thrá Lí agus Colm Mac Gearailt ó Chathair Scoilbín ag tabhairt a léamh féin ar an Muircheartach agus beidh an t-iarpheileadóir, Dara Ó Cinnéide an tí seo, ag glacadh páirt sa léiriú ilmheáin, chomh maith leis an Ollamh Emeritus le Gaolainn i gColáiste na hOllscoile Corcaigh Alan Titley agus na ceoltóirí Colm Ó Snodaigh agus Brian Hogan.