James Elliott

Ba é James Elliott (26) as Northumberland Shasana an fear a chuaigh ar iarraidh amach ó chósta an Iarthuaiscirt ag an deireadh seachtaine.

Bhí sé ina bhall de chabhlach cúnta na Breataine a thugann tacaíocht don Chabhlach Ríoga le 10 mbliana anuas.

Chonacthas go deireanach é i dtrátha 10:30 oíche Aoine ar long lastais de chuid na Breataine cóngarach do Thoraigh.

Cuireadh cuardach ar bun sa cheantar ach ní bhfuarthas a chorp go dtí seo.

Cuireadh deireadh leis an chuardach tráthnóna Dé Domhnaigh.

Úcránaigh

9,044 duine ón Úcráin atá ag cur fúthu i nDún na Gall ó thosaigh an cogadh ansin 4 bliana ó shin, de réir an eolais is deireanaí ón Phríomh-Oifig Staidrimh a foilsíodh an tseachtain seo.

Is i gCeantar Bardais Dhún na nGall atá an líon is mó de phobal na hÚcráine i láthair na huaire agus 2,093 ag cur fúthu ansin.

1,813 duine ón Úcráin atá i gCeantar Bardais Leitir Ceanainn, 1,650 duine i gCeantar Bardais na nGleanntach, 1,149 duine i gCeantar Bardais Charn Domhnach, 850 duine i gCeantar Bardais Bhaile na nGallóglach, 838 duine i gCeantar Bardais Leifear/Shrath an Urláir agus 651 duine ón Úcráin atá ag cur fúthu i gCeantar Bardais Bhun Cranncha.

945 dalta ón Úcráin atá ag freastal ar bhunscoltacha sa Chontae agus 677 dalta ón Úcráin atá ag freastal ar mheánscoltacha sa Chontae.

Tá Contae Dhún na nGall ar an cheathrú contae is mó sa tír ina bhfuil daoine ón Úcráin ag cur fúthu ann, de réir na bhfigiúirí.

Teileafóin

Tá imní léirithe ag an Chomhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig go mbeidh tithe ar bhealach an N56 idir Caoldroim agus Gort an Choirce seachtain eile gan clúdach teileafóin ar a laghad, de réir an eolais atá faighte aige ón chomhlacht Eir.

Dúirt sé go bhfuil tithe fágtha gan seirbhís fóin le tamall anuas ó briseadh cuaille sa cheantar agus mar thoradh air seo nach bhfuil na haláraim shlándála atá ag seandaoine sa cheantar ag feidhmiú.

Níl sé maith go leor nach bhfuil fáil ag daoine sa cheantar ar sheirbhísí leathanbhanda ach oiread rud atá ag cur isteach go mór ar dhaoine atá ag iarraidh a bheith ag obair ón bhaile a dúirt sé.

Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig go bhfuil teagmháil déanta aige le Eir agus le Leathanbhanda Náisiúnta Éireann agus go bhfuil sé scannalach go mbeidh ar phobal na háite fanacht chomh fada le ar a laghad seachtain eile sula mbeidh an chuaille cóirithe agus an tseirbhís ceangailte arís.

Iasachtaí

Tá sé tábhachtach na coinníollacha atá le comhlíonadh le hiasacht a fháil ón Chomhairle Contae a dhéanamh níos simplí, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamais Ó Fearraigh.

Dúirt sé nár ceadaíodh ach 5 iasacht as 44 iarratas a rinneadh idir na blianta 2018 agus 2023 agus nár ceadaíodh ach iasacht amháin as 5 iarratas a rinneadh go dtí seo i mbliana.

Dúirt sé go bhfuil na hiasachtaí ann le cur ar chumas daoine teach a thógáil agus go bhfuil sé de dhualgas ar an Chomhairle tacaíocht a thabhairt don phobal.

Ach is léir ó na figiúirí seo, a dúirt sé, go bhfuil sé iontach deacair sin a dhéanamh i gcuid mhaith cásanna.

Dúirt an Comhairleor Ó Fearraigh gur léir go gcaithfear scansáil a dhéanamh ar na rialacha atá leagtha síos agus iad a dhéanamh níos fusa.

Tithe

Tá cead pleanála tugtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall don Chomhlacht Connors Homes Teo le 56 teach a thógáil i nDún Fionnachaidh .

Tá Comhairleoirí Condae i gCeantar Bardais na nGleanntach dóchasach gur tithe sóisialta a bheidh i 20% acu sin.

Dúirt an Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh go bhfuil an ganntanas mór tithíochta sa cheantar idir Dún Fionnachaidh agus Craoslach agus go bhfuil níos mó ná dhá scór duine ar an liosta feithimh tithíochta ansin faoi láthair .

Tá an t-éileamh is mó tithíochta sa Cheantar Bardais ar an Chlochán Liath, áit a bhfuil 60 duine ar na liosta feithimh, tá 26 duine ar an liosta ar an Fhál Carrach, 18 in Ard an Rátha agus 17 i nGaoth Dobhair agus Anagaire.

Is tithe dhá sheomra leapa is mó atá á lorg ag daoine.