Aimsir
Tá foláireamh aimsire stádas buí do shioc agus sneachta i bhfeidhm ag Met Éireann do Dhún na nGall inniu.
Tháinig an foláireamh aimsire seo i bhfeidhm ag an mheán oíche agus mairfidh sé go dtí an mheán lae amárach.
Tá Met Éireann ag tuar go bhféadfadh coinníollacha tiomána a bheith thar a bheith contúirteach mar gheall ar shioc crua agus moltar do thiománaithe a bheith cúramach.
Drugaí
Tá sé curtha in iúl ag Preasoifig na nGardaí go dtáinig triúr fear os comhair Chúirt Dúiche Leitir Ceanainn Dé Luain cúisithe maidir leis an luach measta €2.2 milliún de dhrugaí a fuarthas i Leifear, i gContae Dhún na nGall i mí Aibreáin na bliana seo.
Tháinig na Coimisinéirí Ioncaim ar 112kg de luibh channabais nuair a rinneadh cuardach ag láthair i Leifear an 1 Aibreán i mbliana.
Bhí seo mar chuid d'fhiosrúchán a bhí ar bun ag Biúró Náisiúnta um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe an Gharda Síochána, Aonad Drugaí Ghardaí Dhún na nGall agus Seirbhís Custaim na gCoimisinéirí Ioncaim.
Deir Gardaí go bhfuil a gcuid fiosrúchán ag leanstan agus idir an dá linn nach mbeidh eolas ar bith eile á thabhairt acu faoin chás mar go mbeidh an cás ag teacht os comhair na cúirte anois.
Loganair
Tá sé fógartha ag Loganair go mbeidh siad ag cur lena gcuid seirbhísí aeir idir Glaschú agus Aerfort Dhún na nGall an Nollaig seo.
Beidh dhá eitilt bhreise á gcur ar fáil ag an chomhlacht an 23ú agus an 30ú lá do mhí na Nollag.
Seirbhís fillte dhá lá sa tseachtain atá á chur ar fáil ag Loganair idir Dún na nGall agus Glaschú faoi láthair siad sin ar an Aoine agus an Domhnach.
Muireann Caomhánach
Tá dóchas ag Muireann Caomhánach, girseach óg 16 bliana d’aois as Árainn Mhór a chas le Coimisinéir Iascaigh an Aontais Eorpaigh, Costas Kadis sa Bhruiséil an tseachtain seo, go n-éireoidh le hIascairí a bhfuil cónaí orthu ar oileáin a gcearta a bhaint amach, ach dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach go seasfadh pobail ó oileáin eile san Eoraip le chéile ar an cheist.
Rinne Muireann cur síos ar na deacrachtaí atá ag an earnáil iascaireachta in Éirinn go háirithe ar na hoileáin.
Dúirt sí go bhfuil sí sásta leis an éisteacht a fuair sí ach go gcaithfear leanstan leis an fheachtas agus deir sí go mbeidh teagmháil á déanamh aici le Teachtaí Dála na contae.
Féilte
Tá €457,000 ceadaithe ag an Aire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta Peter Burke d’Fhéilte éagsúla i gContae Dhún na nGall.
I measc na bhféilte a bhfuil maoiniú ceadaithe daofa tá €240,000 ceadaithe d'fhéile Rory Gallagher i mBéal Átha Seanaidh; €60,000 euro d’Fhéile Allingham i mBéal Átha Seanaidh agus €60,000 d’Fhéile Seven Sisters Skyline.
Tá €52,000 ceadaithe d’Fhéile Ealaíne na hEaragaile agus €45,000 ceadaithe do Choiste Railí Dhún na nGall.
Ciallaíonn an maoiniú seo, a dúirt an Seanadóir Manus Boyle, go mbeidh sé ar chumas na gCoistí níos mó imeachtaí a eagrú, níos mó turasóirí a mhealladh agus níos mó tacaíochta a thabhairt do phobail áitiúla.
Ionad Tacaíochta Oideachais
Beidh a gcéad chruinniú cinn bhliana ag Ionad Tacaíochta Oideachais Chontae Dhún na nGall i Leitir Ceanainn tráthnóna inniu.
Ag a gcruinniú cinn bhliana deireanach i mí Mhárta, shiúil roinnt múinteoirí amach as an chruinniú lena míshástacht a chur in iúl faoin gcinneadh an tIonad a bhí suite i mBaile Dhún na nGall le 28 mbliana a aistriú go Leitir Ceanainn.
Beidh an cruinniú cinn bhliana ar siúl i bPáirc Ghnó Radharc an Ghleanna i Leitir Ceanainn, suíomh úr an Ionaid ag a 6.30 tráthnóna inniu.
Leitir Ceanainn
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, ag tabhairt cuireadh don phobal chuig ócáid eolais i Leitir Ceanainn inniu le tuilleadh eolais a fháil amach faoi na tionscadail agus faoin infheistíocht atá beartaithe don bhaile.
Bhéarfaidh na heagraíochtaí éagsúla eolas ar na pleananna atá beartaithe acu agus bhéarfar deis don phobal moltaí a dhéanamh.
Beidh an ócáid eolais ar siúl in Óstán an Radisson idir 3 agus 7 a chlog inniu.