Uisce
Deir Uisce Éireann go bhféadfadh cur isteach a bheith ar an soláthar uisce i gCarraig Mhic Eachmharcaigh agus i gceantracha eile i nGaoth Dobhair inniu mar gheall ar obair riachtanach atá le déanamh ar an chóras uisce ansin.
Beidh an obair ar siúl ón 10 a chlog ar maidin go dtí an 2 a chlog san iarnóin, a deir siad.
Comhpháirtíocht
Measann an Comhairleoir Contae Donal Coyle, ball den ghrúpa úr, Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúla Dhún na nGall, go mbeidh ionadaíocht níos leithne agus níos fearr á déanamh ar phobal Dhún na nGall ná mar a rinneadh ar an Chomhchoiste Póilíneachta a bhí ann roimhe seo.
Bhí a gcruinniú cinn bhliana ag an ghrúpa inné agus in ainneoin go bhfuil níos mó ionadaithe ar an choiste úr, tá an Comhairleor Coyle dóchasach go mbeidh ról láidir ag na Comhairleoirí Contae, mar a bhí acu ar an Chomhchoiste Póilíneachta.
Dea-scéala a dúirt sé go mbeidh cead ag na meáin freastal ar na cruinnithe.
Naomh Uinseann de Pól
Measann Uachtarán an Iarthuaiscirt ar Chumann Naomh Uinseann de Pól Rosa Glackin go mbeidh níos mó brú ar go leor de phobal na contae an Nollaig seo ná mar a bhí anuraidh mar go bhfuil na costais ag ardú achan lá agus deacrachtaí ag daoine billí a íoc agus bia a cheannach.
Dúirt sí go bhfuil an cumann iontach gnóthach ach tá sí ag moladh i gcónaí do dhaoine atá ag streachailt teagmháil a dhéanamh leo.
Dúirt sí go bhfuil fadhb ar leith i Leitir Ceanainn mar go bhfuil daonra an bhaile ag ardú de shíor.
Luas
Tá imní léirithe ag an Chomhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig faoi thiomáint chontúirteach taobh amuigh de Scoil Náisiúnta an Luinnigh i nGaoth Dobhair.
Deir sé go mbíonn tiománaithe ag dul ró-ghasta ar an bhealach cóngarach don scoil agus go bhfuil an baol ann go leagfar páiste.
Thug sé le fios go bhfuil sé féin, bainistíocht na scoile agus daoine áitiúla ag lorg cruinnithe leis an Chomhairle Contae leis an scéal a phlé agus le bearta sábháilteachta a chur i bhfeidhm ansin.
Gradaim
D'éirigh le trí ghnó as Dún na nGall Bonn Óir a bhaint amach sna trí rannóg – comharthaíocht, margaíocht agus seirbhísí, ag GRADAIM Gnó na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna inné.
Is scéim aitheantais de chuid Ghlór na nGael é GRADAIM do ghnólachtaí a bhfuil an Ghaeilge i gcroílár a ngnó.
Bronnadh Bonn Óir ar Phóilín Nic Géidigh as Gort an Choirce, úinéir Mara Duit, comhlacht a chruthaíonn earraí i nGaeilge, ar Roseanne Ní Ghallchóir thar ceann CDP na Rosann agus ar Chatherine Nic Grianna thar ceann Dhrioglann Chroithlí.
Bronnadh gradam Fiontraí Óg ar an ghrúpa 'Eco-Paws' ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair.
Bronnadh boinn ar 38 ngnó ar fad as Dún na nGall.