Brící lochtacha
Tá straitéis le hullmhú ag an Roinn Oideachais le tacú le scoileanna atá buailte le brící lochtacha.
Dhearbhaigh an tAire Helen McEntee go bhfuil iarratas déanta ag 16 scoil i nDún na nGall ar mhaoiniú chun tastáil a dhéanamh do bhrící lochtacha.
Dúirt sí, agus freagra á thabhairt aici ar Cheist Pharlaiminte ón Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh go ndearna formhór de na scoileanna sin iarratas ar mhaoiniú chun na foirgnimh a chóiriú, de bharr iad a bheith i ndrochriocht, le brící lochtacha.
Dúirt an tAire go mbeidh oifigigh na Roinne ag tabhairt cuairt ar na scoileanna seo i gceann cúpla mí, agus go gcuirfear straitéis le chéile ansin lena chinntiú gur féidir foirgnimh na scoileanna a chóiriú.
Tá fáilte curtha ag Teachtaí Dála Shinn Féin i nDún na nGall, Piaras Ó Dochartaigh agus Pádraig Mac Lochlainn roimh dhearbhú ón Aire Helen McEntee go mbeidh straitéis á bunú ag an Rialtas do scoileanna atá buailte le brící lochtacha.
Dúirt an Teachta Pádraig Mac Lochlainn go dtug sé féin agus an Teachta Piaras Ó Dochartaigh cuairt ar Scoil Naisiúnta an Droim Fada ar an Cheathrú Caoil Dé Luain, agus dúirt sé nach bhfuil sé maith go leor go bhfuil foirgneamh na scoile in oiread de dhrochriocht, de bharr brící lochtacha.
Caithfidh an Rialtas díriú ar níos mó ná tithe príobháideacha, a dúirt an Teachta Mac Lochlainn.
Chuir an Teachta Piaras Ó Dochartaigh fáilte roimh an scéala go mbeidh feidhmeannaigh ón Roinn Tithíochta ag tabhairt cuairt ar na sé scoil dhéag i nDún na nGall a bhfuil iarratas déanta acu ar mhaoiniú ón Roinn, agus go gcuirfear straitéis le chéile ag eascairt as sin.
Caithfear tosaíocht a thabhairt don cheist seo le go mbeidh páistí sábháilte, a dúirt an Teachta Piaras Ó Dochartaigh.
Gardaí
Tá gníomh ag teastáil ar bhonn práinne le déileáil leis an easpa Gardaí atá ar fáil do Dhún na nGall, a deir an Seanadóir Manus Boyle.
Tá pobail ar fud na contae míshásta agus imníoch faoin tseirbhís atá ar fáil sa chontae, de bharr easpa Gardaí a bheith ar fáil don chontae, a dúirt an Seanadóir Boyle.
Deir sé go bhfuil laghdú suntasach i líon na nGardaí sna Gleannta, Bun Dobhráin agus Baile Dhún na nGall le roinnt blianta.
Cé go bhfuil méadú leanúnach ar dhaonra Dhún na nGall, tá laghdú leanúnach ar líon na nGardaí atá ar fáil don chontae, a dúirt sé.
Dúirt sé nach raibh carr patróil ná trealamh riachtanach ag Gardaí sna Gleannta, ag an deireadh seachtaine, nuair a tharla timpiste bhóthair inár maraíodh bean.
Níl ach cúigear Gardaí ag freastal ar cheantar Gaeltachta iarthar Dhún na nGall, agus níl sé seo ceart ná cóir a dúirt an Seanadóir Manus Boyle sa Seanad tráthnóna inné.
Cúiteamh 100%
Beidh cruinniú cinn bliana an pháirtí Cúiteamh 100% ar siúl anocht i mBeart.
Bunaíodh an páirtí i mí Mheán Fómhair 2023 ag eascairt as na fadhbanna a bhí ag daoine le brící lochtacha ina dtithe.
Tá ceathrar Comhairleoirí Contae agus Teachta Dála amháin ag an pháirtí anois.
Dúirt an Teachta Charles Ward go bhfuil an páirtí ag díriú ar chonspóid na mbrící lochtacha, ach fosta ar na ceisteanna eile atá ag cur isteach ar phobal Dhún na nGall.
Is in Óstán an Ghrianáin i mBeart a bheidh an cruinniú anocht ag a 7.30.
Eirgrid
Beidh ócáid eolais á reáchtáil ag Eirgrid i nDún na nGall tráthnóna le heolas a thabhairt do phobal na contae ar na pleananna soláthar cumhachta a chinntiú don chontae.
Beidh ionadaithe ó Eirgrid, Bord Soláthair an Leictreachais agus ón SEAI, Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, i láthair ag an ócáid chomh maith le seastáin eolais ó chomhlachtaí a chuireann córais fuinnimh éagsúla ar fáil do thithe.
Dhéanfar cur síos ar riachtanais fuinnimh na contae sa todhchaí agus na pleananna chun an soláthar sin a chur ar fáil.
Beidh an ócáid ar siúl in Óstán an Central i mBaile Dhún na nGall ón 6.00 tráthnóna.
Tionscadal neamhbhrabúsach
Dhéanfar tionscadal neamhbhrabúsach úr a sheoladh in Amharclann an Ghrianáin, i Leitir Ceanainn inniu le pobal Dhún na nGall a spreagadh le tabhairt faoi ghníomh an chineáltais.
Is coincheap de chuid na mná gnó Evelyn McGlynn as Bealach Féich i gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh é Donegal Giving.
Dúirt Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga Líonra Leitir Ceanainn go mbeidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ábalta tairbhe a bhaint as an tionscadal seo.
Dúirt sí gur tionscadal tábhachtach é le nasc a chothú idir daoine, coistí agus eagraíochtaí atá ag iarraidh tacaíochta, agus iad siúd atá ag cur tacaíochtaí ar fáil.
R256
Beidh bealach réigiúnach an R256, Bealach na Mucaise, druidte inniu, ón 8.00 ar maidin go dtí’n 5.00 tráthnóna.
Beidh dromchla úr á chur ar an bhealach agus beidh an bealach druidte do thrácht le linn an lae.
Cuirfear trácht malairt slí, bealach Chúl na hEaragaile.