Otharlann Leitir Ceanainn
Tá brú mór ar Otharlann Leitir Ceanainn ar maidin áit a bhfuil moill mhór cóir leighis a chur ar othair san Aonad Timpistí agus Éigeandála, agus ráigeanna den fhliú agus Covid-19 san Otharlann ag an am céanna.
Moltar do dhaoine gan freastal ar an Aonad Timpistí agus Éigeandála inniu ach amháin i gcás práinne.
Bhí 132 othar ag fanacht san Aonad Éigeandála tráthnóna inné.
Ar an Luan, d'fhreastail 185 duine ar an Aonad Éigeandála in Otharlann Leitir Ceanainn.
Tá srianta ar chuairteoirí ar bhardaí éagsúla inniu arís, de bharr ráigeanna den fliú agus de Covid-19 a bheith san otharlann.
Sábháilteacht dóiteáin
Tá imní á léiriú faoi shábháilteacht dóiteáin i leathchéad ionad tearmainn, ionad amháin i nDún na nGall san áireamh.
Rinneadh cigireacht maidir le sábháilteacht dóiteáin ar ionad IPAS Sailors Rest i mBun Cranncha, agus dúradh nach raibh sé maith go leor gur thóg sé 25 bomaite 86 duine a chur as an fhoirgneamh agus traenáil dóiteáin ar bun.
Dúirt bainisteoir an ionaid gur i mí Eanáir a rinneadh an chigireacht, agus go bhfuil feabhas mór ar chúrsaí ó shin.
Dúirt sé nár thóg sé ach sé bhomaite 120 duine a chur as an fhoirgneamh sa traenáil dóiteáin a rinneadh i mí Mhárta i mbliana.
Fianna Fáil
Tá baill de pháirtí Fhianna Fáil i nDún na nGall iontach míshásta leis an dóigh ar láimhseáil an páirtí toghchán na hUachtaránachta, a dúirt an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir.
Rinne an Teachta Ó Gallachóir cruinnithe a eagrú le baill Fhianna Fáil le seachtain, i nGaoth Dobhair, Dún Cionnaola, Gleann Fhinne agus Ard an Rátha, le deis a thabhairt do bhaill an pháirtí a dtuairimí a nochtadh.
Dúirt sé gur léiríodh go leor feirge, agus go mbeidh na tuairimí á gcur chuig Ceannáras an Pháirtí aige.
Dúirt an Teachta Ó Gallachóir fosta nach raibh eolas aige go raibh Iar-Aire ó Fhine Gael, Ivan Yates, ag obair le Fianna Fáil dá bhfeachtas Uachtaránachta.
An Fál Carrach
Tá grúpa úr bunaithe ar an Fhál Carrach le hiarracht a dhéanamh an baile a chur chun tosaigh agus forbairtí a chur i bhfeidhm ar an bhaile.
Tá ionadaithe ó choistí éagsula an bhaile ina mbaill den ghrúpa agus suirbhé curtha amach acu, agus eolas á lorg ar na forbairtí atá ag teastáil ar phobal an bhaile.
Dúirt Manus Ó Ceallaigh, Cathaoirleach Choiste Turasóireachta agus Trádála an Fháil Charraigh, go bhfuil cosc á chur ar fhorbairtí ar an bhaile mar gheall ar easpa scéim séarachais.
Dúirt sé go bhfuil súil aige go dtabharfaidh an grúpa úr aird ar an cheist agus go ndéanfar é a thógáil chuig leibhéil Rialtais le brú a chur ar Uisce Éireann a leithéidí a chur ar bun.
Bándearg
Beidh foirgnimh agus áiteanna poiblí i nDún na nGall lasta le dath bándearg inniu agus anocht le tacú leis an fheachtas a bhfuil sé mar aidhm aige deireadh a chur le foréigean in éadan na mban.
Is feachtas é seo a cuireadh ar bun i 2023 agus atá á stiúradh ag Grúpa Ban in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste le dlúthpháirtíocht a léiriú do hachan duine atá ag fulaingt de bharr foréigean inscne.
Beidh ionaid seirbhísí poiblí ar fud Dhún na nGall agus foirgnimh eile, chomh maith leis an struchtúr ag timpeallán an Polestar i Leitir Ceanainn lasta le dath bán dearg inniu agus anocht le tacú leis an fheachtas.