Ospidéal na hOllscoile Corcaigh

Tá breis agus 117,000 coinne ospidéil curtha ar ceal in Ospidéal na hOllscoile Corcaigh le ceithre bliana anuas, agus 34,494 díobh san sna chéad naoi mí den mbliain seo.

Tháinig sé sin chun solais i dtuairisc atá foilsithe inniu san Irish Medical Times, agus comhdháil nua dar teideal Patient Solutions ar bun i mBaile Átha Cliath inniu.

Tá an t-ospidéal i gCorcaigh ag streachailt leis an róphlódú le tamall.

Tá fógra i bhfeidhm ag iarraidh ar an bpobal gan dul ag an aonad éigeandála mura bhfuil práinn lena gcás, agus bhí sé ar an dara hospidéal a ba mheasa plódaithe inné agus 47 nduine ar thralaithe de réir thuairisc Chumann na nAltraí.

Feirmeoirí

Bhí suas le 2,000 duine ag cruinniú a d'eagraigh Cumann Feirmeoirí na hÉireann i Marglann an Chairn lámh le Mainistir Fhear Maí aréir, chun an imní atá ar fheirmeoirí fé athnuachan dhíolúine na níotráití a phlé.

Ag labhairt leis an gcruinniú dúirt an tAire Talmhaiochta Martin Heydon go seasfadh sé leis na feirmeoirí agus go mbraith sé go dtug slua an hoíche aréir an t-údarás dó é sin a dhéanamh.

Tá an díolúine reatha fé ordú níotráití an Aontais Eorpaigh le dul in éag ag deireadh na bliana so, agus ní fada go mbeidh an tAontas ag vótáil ar shrianta nua dos na blianta 2026 go dtí 2029.

'Sí Éire an t-aon tír amháin atá fós ag iarraidh díolúine ón ordú níotráití toisc an múnla ar leith féaraigh atá ag feirmeoirí na tíre seo.

Go dtí seo bhí an tAontas sásta an díolúine a thabhairt ag brath ar chaighdeán an uisce sna haibhneacha, ach tuigtear go mbeid ag éileamh anois ar Rialtas na hÉireann dul i ngleic le caomhnú ghnáthóga na n-ainmnithe, mar choinníoll den díolúine.

Táthar ag súil go mbeidh Coimisinéir Timpeallachta na hEorpa Jessika Roswall ar cuairt in Éirinn roimh dheireadh na seachtaine seo.

Ingearáin

Deir Teachta Dála Shinn Féin do Phort Láirge, David Cullinane go gceart athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar bhonn práinne ar choinníollacha oibre chriúnna na n-ingearán tarrthála leis an nGarda Cósta.

Dar leis tá sealanna oibre 24 uaire an chloig á ndéanamh aigeas na criúnna tarrthála, ach nach bhfuil ach 16.5 uair a chloig á mbreacadh i gcuntas na n-uaireanta oibre, rud a d'fhéadfadh sábháilteacht na gcriúnna a chur i mbaol.

Dúirt an Teachta Cullinane go bhfuil ceisteanna tromchúiseacha le freagairt i dtaobh an chleachtais seo, maidir le maoirseacht, cúrsaí tuirse, agus cloí le rialacháin Eorpacha maidir le sealanna oibre.

Is géire fos an imní, a dúirt sé, i bhfianaise na timpiste inar cailleadh ingearán 116 sa bhliain 2017, agus ceathrar ball foirne inti.

Tá sé ag éileamh go dtabharfaí Údarás Eitlíochta na hÉireann, an comhlacht atá i mbun na seirbhíse don nGarda Cósta, Bristow Ireland, agus Cumann Píolótaí na hÉireann os comhair Choiste Iompair an Oireachtais.

Athbheochan chardascamhógach

Beidh cúrsa san athbheochan chardascamhógach ar siúl sa Daingean an Mháirt seo chugainn mar chuid den bhfeachtas bailithe airgid ar mhaithe le dífhibrileoirí a chothabháil ar an leithinis.

Deir Vincent Manning, ón eagraíocht Dingle Heartsafe, go bhfuil ana-chostas ag baint leis na dífhibrileoirí a choimeád ag obair, agus go bhfuil an grúpa céadfhreagróirí a bhíonn á n-úsáid ag brath go mór orthu le teacht i gcabhair ar dhaoine.

Heilbhic

Cé go ndein Cumann Bhád Tarrthála Heilbhic cúig iarracht ar fad i mbliana an snámh urraithe bliantúil trasna Chuan Dhún Garbhán a reáchtáil, agus go mb’éigean é a chur ar ceal cúig bhabhta de dheasca drochaimsire, tá ócáid pobail beartaithe acu ina ionad don nDomhnach seo chugainn.

Beidh deis ag an bpobal bualadh le baill an chumainn tarrthála agus beidh mórán des na himeachtaí a bhí beartaithe do lá an tsnámha ar bun ag an stáisiún tarrthála.

Beidh camchuairt ar an stáisiún tarrthála, díolachán earraí Nollag, beárbaiciú, crannchur agus seó madraí ann chomh maith.

Cuirfear tús le himeachtaí an lae ar a 11.00 agus leanfaidh siad go dtína 5.00 tráthnóna.

Dála an tsnámha urraithe, raghaidh an t-airgead go léir a bhaileofar ar an lá chun tacú le seirbhís Bhád Tarrthála Heilbhic.