Bád iascaigh
Tháinig ceathrar slán ó bhád iascaigh a chuaigh go tóin poill trathnóna aréir i mBaile Chaisleáin Bhéarra.
Tharla an eachtra idir an phríomhché agus an ché i nDuínis i gCuan Bhaile Chaisleáin Bhéarra.
Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála timpeall ar a 8.30pm.
Tharla go raibh bád tarrthála RNLI Bhaile Chaisleáin Bhéarra i mbun cleachtaidh agus níorbh fhada go rabhadar tagtha chomh fada leis an mbád iascaigh.
Tá sé dearbhaithe ag an nGarda Cósta in nDairbhre nár cailleadh éinne san eachtra.
Ospidéal Pobail
Deir lucht an fheachtais neamh-pholaitiúil chun leapacha breise a oscailt in Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil roinnt leapacha san Ospidéal in úsáid mar leapacha téarnaimh céim-anuas ag Aonad Altranais Thrá Lí, agus go bhfuil níos lú leapacha fadtéarmacha ar fáil do phobal Chorca Dhuibhne dá réir.
Ag labhairt le Nuacht an Deiscirt, dúirt urlabhraí an fheachtais, Anne Marie Nic Gearailt, go mbeidh cruinniú á lorg acu le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, le soiléireacht a fháil ar an scéal.
Idir an dá linn, tá an chéad agóid phoiblí eile beartaithe don 18 Samhain, seachtain ón Satharn beag so, os comhair an ospidéil ar a 3.30pm.
Tá an feachtas ag achainí ar an bpobal seasamh leo agus a gcearta a éileamh, 'sé sin: go ndéanfaí cúram do mhuintir na háite ina gceantar dúchais Gaeltachta, agus ná beifí á ndíbirt i bhfad óna muintir agus a gcairde agus iad ag dul san aos.
Rothaíocht
Tá sé fógartha aige lucht eagair an imeachta Ride Dingle ná beidh an chamchuairt rothaíochta á reáchtáil acu i gCorca Dhuibhne an bhliain seo chughain.
Tá Ride Dingle ina imeacht bliantúil ó cuireadh ar bun ar dtús é i 2018, cé nár reáchtáladh le linn aimsir na paindéime é i 2020, ná i 2021.
Ghlac 2,000 duine páirt i gcamchuairt na bliana seo i mí Aibreáin.
I ráiteas ón gcomhlacht Elite Event Management, tá sé tugtha le fios acu nach bhfuil i gceist acu ach sos a thógaint an bhliain seo chugainn agus go bhfuil súil acu go mbeidh an ócáid ar siúl arís sna blianta amach romhainn.
Táid thar a bheith bródúil, a dúradar, as an bpobal iontach atá tar éis fás timpeall an imeachta seo agus ghabhadar a mbuíochas leis an uile dhuine a ghlac páirt nó a chabhraigh leo le blianta beaga anuas.
Stadanna bus
Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair ag cur stadanna bus sna bailte i gCeantar Gaeltachta Mhúscraí, ach dar leis an gComhairleoir Gobnait Ní Mhuíneacháin, tá muintir na háite den dtuairim go bhfuil na stadanna nua ag tógaint an iomarca spáis.
In agallamh d'adhmhaidin inniu, dúirt sí gur fearr a bheadh an t-airgead caite ar sheirbhísí bus a fheabhsú ná ar na stadanna nua.
Oineach
Bronnfar céim oinigh ar bheirt aitheanta ón Oirdheisceart ag ócáid in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan inniu.
Siad san an reathaí Oilimpeach John Tracey ó Phort Láirge agus Elizabeth Riordan-Coppin, ó Chill Airne ó dhúchas, atá ag feachtasaíocht le blianta fada anois ar mhaithe leo seo a d’fhulaing in ionaid máithreacha agus leanaí na tíre.
Deir an Ollscoil gur aitheantas cuí iad na céimeanna oinigh seo do dhaoine atá tar éis tionchar nach beag bheith acu ar shaol an Oirdheiscirt.