Toraigh

Is cúis mhór imní é go mbeidh Toraigh fágtha arís gan altra an tseachtain seo, a dúirt Bainisteoir Chomharchumann Thoraí, Marjorie Uí Chearúil.

Thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le fios nach mbeadh altra ar an oileán ón lá inniu go dtí an Déardaoin.

Dúirt Marjorie Uí Chearúil go bhfuil sé riachtanach go mbeadh seirbhís altranais ar an oileán an t-am uilig, go háirithe fan am seo bliana agus níos lú bádaí amach agus isteach chun oileáin.

Tá seo ag tarlú i bhfad rómhinic anois agus ba cheart go mbeadh an tríú altra ar fáil le freastal ar phobal Thoraí nuair atá altra ar saoire nó ar shaoire tinnis, a dúirt Marjorie Uí Chearúil.

Moladh do phobal an oileáin idir an dá linn, teagmháil a dhéanamh lena ndochtúir teaghlaigh le linn uaireanta oibre nó le seirbhís NOWDOC taobh amuigh d'uaireanta oibre nó leis an Gharda Cósta i gcásanna éigeandála.

Fianna Fáil

Dúirt an Teachta Dála Pat the Cope O Gallchóir go bhfuil cruinnithe á n-eagrú aige le gnáthbhaill de pháirtí Fhianna Fáil sa chontae lena dtuairimí a fháil ar Cheannaire a bPáirtí, an Taoiseach Micheál Martin.

Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach tuairimí agus moltaí na mball a fháil agus meas a thaispeáint daofa mar gurb iad na gnáthbhaill cnámh droma an pháirtí.

Beidh cruinniú do Chomhairlí Ceantair ag an Teachta Ó Gallchóir i ngach ceantar bardais sa chontae agus beidh an chéad chruinniú sa Chrannóg Dé hAoine seo ag 7:30pm.

Beidh cruinniú ag Pairtí Parlaiminteach Fhianna Fáil ar an tseachtain seo chugainn.

Grúpa sábháilteachta bóthair

Tugtar le fios i dtuairisc ón ghrúpa sábháilteachta bóthair, PARC, inniu go bhfuil Dún na nGall ar cheann de na contaetha is mó sa tír a bhfuil daoine maraithe i dtimpistí bóthair go dtí seo i mbliana.

Maraíodh deichniúr ar bhóithre Dhún na nGall ó thús na bliana, an ceathrú líon is airde sa tír.

139 duine a maraíodh ar bhóithre na tíre go dtí seo i mbliana, i gcomparáid le 137 duine sa tréimhse chéanna anuraidh, de réir na tuairisce.

Foirgnimh thréigthe

Ba cheart don Chomhairle Contae níos mó brú a chur ar úinéirí foirgneamh tréigthe, na foirgnimh seo a athchóiriú nó iad a thabhairt ar láimh don Chomhairle, dar le Manus Ó Ceallaigh, Ceantálaí as an Fhál Carrach.

Dúirt sé nach bhfuil an Chomhairle dian go leor ar an cheist seo agus go bhfuil droch-chuma ar go leor foirgneamh atá lonnaithe i lár bhailte na contae, rud a cuireann droch-chuma ar an áit.

Dá gcuirfeadh an Chomhairle tús le próiseas ordaithe ceannaigh éigeantaigh, nó CPO, measann Manus Ó Ceallaigh go spreagadh sin úinéirí na foirgnimh a chóiriú.

Aeráid

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag glacadh le hiarratais ón lá inniu ar aghaidh faoi Chlár Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide.

Cuirtear maoiniú ar fáil faoin Chlár do phobail tuaithe agus uirbeacha a chuireann beartais chun cinn maidir le hathrú aeráide.

Sé’n aidhm atá leis an togra ná díriú ar ghníomhaíochtaí leis an lorg carbóin a laghdú i bpobail sa chontae, rud a chuirfidh fosta le spriocanna náisiúnta aeráide agus fuinnimh.

Beidh seisiúin eolais á n-eagrú ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar fud Dhún na nGall ón lá inniu ar aghaidh, le heolas a thabhairt don phobal ar na tacaíochtaí atá ar fáil.

Beidh an chéad seisiún eolais ar siúl in Óstán an Mount Errigal i Leitir Ceanainn tráthnóna inniu ag 6:30pm.

Tá idir €20,000 go €100,000 de mhaoiniú á chur ar fáil ag an Chomhairle Contae i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Is féidir le coistí nó le heagraíochtaí iarratais a chur chuig an Chomhairle Contae idir seo agus an 22 Nollaig 2025.

Dylan Browne McMonagle

Is é Dylan Browne McMonagle, an marcach as Leitir Ceanainn, seaimpín na hÉireann 2025 sa rásaíocht capall ar thalamh cothrom.

Bronnadh an Chraobh ar Dylan Browne McMonagle i ndiaidh dó a rása a bhaint i nGaillimh inné.

Cé nach bhfuil séasúr na rásaíochta ar thalamh cothrom críochnaithe go fóill i mbliana, tá 95 rása bainte go dtí seo ag Dylan Browne McMonagle, rud a fhágann go bhfuil craobh na bliana seo bainte aige.