Toghchán na hUachtaránachta

Cuireadh tús leis an vótáil do Thoghchán na hUachtaránachta ar an tír mór maidin inniu ag a 7am agus beidh na botháin vótála oscailte go dtí a 10 i.n. anocht.

Beidh an vótáil ag toiseacht in Árainn Mhór ag a 10 r.n agus ag críochnú ag a 7 i.n. mar gheall ar thuar na haimsire.

Ar na hoileáin eile, i nGabhla, Inis Bó Finne, Inis Fraoigh agus Toraigh, cuirfear tús leis an vótáil ag a 11 r.n. agus beidh na botháin vótála oscailte go dtí a 3 i.n. i ndiaidh am lóin inniu.

127,789 duine atá cláraithe le vóta a chaitheamh i nDún na nGall.

Iascaireacht

Moladh ag cruinniú Choiste Iascaireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall gur chóir go gcuirfeadh an tAontas Eorpach smachtbhannaí i bhfeidhm ar an Iorua láithreach.

Chuir toscairí ó earnáil na hiascaireachta sa réigiún a míshástacht in iúl nach bhfuil smacht ar bith ag an Aontas ar bhádaí iascaireachta ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad.

Dúradh go gcaithfidh Rialtas na hÉireann gníomhú láithreach leis an earnáil a chosaint sa tír seo.

Ionsaí Ar Líne

Tá imní léirithe ag an Teachta Dála Charles Ward faoi thuairiscí go dtángthas ar eolas pearsanta úinéirí tí atá i Scéim na mBrící Lochtacha in ionsaí ar líne a rinneadh ar chomhlacht innealtóireachta atá ag obair leis an Ghníomhaireacht Tithíochta.

Dúirt an Teachta Ward nach bhfuil fhios go fóill cé chomh holc agus a bhí an t-ionsaí ná cén tionchar a bhí aige ar eolas na n-úinéirí tí.

Tá an Teachta Ward ag iarraidh ar an Ghníomhaireacht Tithíochta, ar an Aire Tithíochta agus ar an Choimisinéir um Chosaint Sonraí soiléiriú iomlán a thabhairt faoi cén uair a tharla an t-ionsaí ar líne, an t-eolas a bhí i gceist agus an obair atá ar bun faoi láthair leis an eolas agus na húinéirí tí a chosaint.

Molann sé do na húinéirí tí a mbaineann seo leo an comhfhreagras uilig atá acu a choinneáil agus teagmháil a dhéanamh lena oifig.

Buiséad

Beidh cruinniú ag Comhairleoirí Contae i gCeantar Bardais na nGleanntach ar líne inniu le dréacht-bhuiséid don cheantar bardais a phlé.

Déanfar plé ar Thionscnamh an Chiste Forbartha áit a mbeidh allúntas €25,000 ar fáil d'achan Chomhairleoir Contae sa cheantar bardais.

Bronnann na Comhairleoirí an t-allúntas seo ar ghrúpaí agus ar choistí pobail.

Beidh €10,000 ar fáil do gach Comhairleoir faoi Chiste Forbartha na mBall chomh maith.

Beidh Stiúrthóir Airgeadais na Comhairle Richard Gibson i láthair ag an chruinniú a bheidh ag toiseacht inniu ag a mheán lae.

Tithe

Dúirt an Ceantálaí Manus Ó Ceallaigh as an Fhál Carrach nach bhfuil sé ceart go bhfuil srianta á gcur ag an Rialtas ar dhaoine teach nó arasán a ligean ar cíos go gearrthéarmach.

Measann sé go bhfuil an polasaí seo á chur i bhfeidhm ag an Rialtas mar go bhfuil géarchéim tithíochta sa tír agus nach bhfuil siad ag tógáil go leor tithe.

Dúirt Manus Ó Ceallaigh go bhfuil iachall á chur ar an ghnáthdhuine tithe a ligean ar cíos go fadtéarmach in áit go gearrthéarmach, rud nach n-aontaíonn sé leis.

Má tá cead ag duine teach a thógáil, ba cheart go mbeadh sé fágtha ag an úinéir an teach sin a ligean ar cíos go gearrthéarmach nó go fadtéarmach, a dúirt sé.