Vótáil
Tá tús curtha óna 7am le caitheamh na vótaí i gContaetha Gaeltachta an Deiscirt, ón mboth vótála is sia siar in Éirinn i nDún Chaoin, dtí'n gceann is sia ó dheas i gCléire agus soir go Rinn Ua gCuanach.
Beidh na bothanna vótala ar oscailt go dtína deich a chlog, ach amháin ar na hoileáin, Cléire san áireamh.
I gCléire, dúnfar na boscaí vótála ar a 3.30pm agus tabharfar chun na míntíre iad ar bhád a 4pm.
21 Ionad Vótála atá i gceantair Ghaeltachta na Mumhan.
Ttithíocht
Chualathas ag Comhchoiste Turasóireachta an Oireachtais le déanaí gur beag an tionchar a bheidh ag an mBille um Ligean Gearrthréimhseach ar an ngéarchéim tithíochta i mbailte ar nós Dhún Garbhán agus Daingean Uí Chúis.
Bhí ionadaithe ón Roinn Turasóireachta agus ó Fháilte Éireann os comhair an Chomhchoiste agus an Bille nua á phlé acu, agus tugadh le fios gur i mbailte le daonra sa bhreis ar 10,000 duine a dhiúltaítear cead pleanála chun lóistín gearrthréimhseach a dhéanamh de thithe nó d’árasáin.
Dúirt Eoin Hayes TD go gciallódh san ná beadh aon leigheas sa Bhille nua, ar an ngéarchéim tithíochta in áiteanna ar nós an Daingin, mar ná beadh puinn srianta breise ar lóistín gearrthréimhseach ann dá bharra.
Dréachtphlean Bhuiséad 2026
Deir an Comhairleoir Gobnait Ní Mhuimhneacháin, gur ait léi go mbíonn ar Chomhairle Contae Chorcaí, Dréachtphlean Bhuiséad 2026, a chur fé bhráid chruinniú de Cheantar Bardasach Mhaigh Chromtha, sara mbíonn plean do bhuiseád an chontae ar fad curtha i gcrí.
In agallamh d’adhmhaidin inniu, dúirt sí ná bíonn 'fhios acu cé mhéid airgid ar fad atá ar fáil, agus mar sin bíonn sé deacair freagra a thabhairt ar an ndréachtphlean.
Neidín
Tionólfar cruinniú speisialta de Cheantar Bardasach Neidín tráthnóna, chun togra feabhsúcháin bóthair ar Mhórchuaird Chiarraí a phlé.
Tá iarratas á dhéanamh ag an gComhairle Contae fé Chuid 8 den Acht Pleanála, chun 0.7 ciliméadar den N70 nó Mórchuaird Chiarraí a fheabhsú, agus chun lána rothaíochta a thógaint ar thaobh amháin de.
Beidh beannacht na gComhairleoirí á lorg don obair, ag an gcruinniú tráthnóna.
Comórtais Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Aréir ghlac leanaí ó scoileanna Gaeltachta Chorca Dhuibhne páirt sna comórtaisí Amhránaíochta, Lúibíní agus Agallamh Beirte, in Áras Bréanainn ar an mBuailtín, ag Féile Stáitse na nÓg, an comórtas bliantúil a bhíonn ar bun ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne.
I gcomórtas amhránaíochta na leanaí fé 13 fé bhláth, bhuaigh Roibeárd Ó Lúing ó Scoil an Fheirtéaraigh an chéad áit, agus bhí Saerlaith Ní Ríordáin Ní Mhainín ó Scoil an Fheirtéaraigh sa dara háit.
I gComórtas Amhránaíochta na leanaí fé 13 ag bláthú, bhuaigh Sadhbh Ní Mhainnín ó Scoil an Ghleanna agus bhí Jack Ó Dálaigh ó Scoil an Ghleanna sa dara háit.
I gcomórtas amhránaíochta na leanaí fé 10 fé bhláth, bhuaigh Ellie Nic Gearailt ó Scoil an Fheirtéaraigh, agus bhí Pádraig Feirtéar ó Scoil Cheann Trá sa dara háit.
I gcomórtas amhránaíochta na leanaí fé 10 ag bláthú, bhuaigh Mia Ní Cholomb ó Scoil Naomh Eoin Baiste, Lios Póil agus bhí Aisling Ní Fhlannchadha ó Bhunscoil an Chlochair sa dara háit.
Sna hAgallaimh Bheirte fé 13 fé bhláth, bhuaigh Cathal Ó Sé agus Conlaoch Ó Bric ó Scoil Naomh Eirc an chéad áit, agus bhí Fiadh Nic Eoin & Abbie Ní Shúilleabháin ó Scoil Eoin Baiste, Lios Póil sa dara háit.
Sa chomórtas fé 13 ag bláthú, bhuaigh Séamus Ó Súilleabháín agus Misha Yerhidzei ó Scoil an Fheirtéaraigh agus bhí Erin de Mórdha & Róisín Ní Shé ó Scoil Naomh Eirc sa dara háit.
Sna hAgallaimh Bheirte fé 10, fé bhláth, bhuaigh Róisín Ní Chochláin & Róise Ní Dhuinnín ó Scoil Náisiúnta Cheann Trá agus bhí Lauren Ní Dhubháin & Shannan Ní Bhrosnacháin ó Scoil Naomh Eoin Baiste Lios Póil sa dara háit.
I gcomórtas na nAgallamh Beirte Fé 10 Ag Bláthú, bhuaigh Orla Ní Fhionnalláin agus Eve Eadie ó Bhunscoil an Chlochair, agus bhí Maya Ransley agus Everly Ní Fhathaigh Spinn sa dara háit.
I gComórtas na Lúibíní Fé 13 Fé Bhláth, bhuaigh Róisín Ní Chonchúir agus Lexi Hutchinson ó Scoil Naomh Eirc agus bhí Ruán Ó Loingsigh agus David Skerry ó Scoil Mhaoilcheádair sa dara háit.
I gComórtas na Lúibíní Fé 10 mbliana ag Bláthú, bhuaigh Tom Ó Muircheartaigh agus Hugo Kougl ó Scoil an Ghleanna.