Seirbhís Héileacaptair

Cuirfear tús le Seirbhís Héileacaptair an Gheimhridh go Toraigh inniu.

Tá an tseirbhís a reáchtáil ag Comharchumann Thoraí i gcomhar le Executive Helicopters Ireland le tacaíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Beidh an tseirbhís ar fáil lá amháin sa tseachtain ar feadh 26 seachtainí agus mairfidh sin go dtí Aoine an Chéasta.

Heather Humphreys

Beidh iarrthóir Fhine Gael i dToghchán na hUachtaránachta Heather Humphreys i mbun stocaireachta i nDún na nGall agus i Sligeach inniu.

Beidh sí in Óstán Dorrians i mBéal Átha Seanaidh ar 1.15pm inniu.

Ina dhiaidh sin ag 2:30pm, bhéarfaidh sí cuairt ar Halla an Pharóiste i gCill Leacht Aodha i nDún na nGall.

Comhshaol

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall i measc cúig údarás áitiúil eile ar fud na tíre nár chomhlíon spriocanna náisiúnta comhshaoil na gcomhairlí áitiúla, de réir tuairisce ón Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a foilsíodh inniu.

Rinneadh scrúdú ar mar atá ag éirí leis na húdaráis áitiúla cigireacht a dhéanamh ar chúrsaí uisce, dramhaíola agus aeir idir 2022 agus 2024.

Dúradh nár chloígh na húdaráis i nDún na nGall leis na rialacha comhshaoil ó thaobh cigireacht a dhéanamh ar thruailliú uisce, aeir agus ar chúrsaí torainn.

Dúradh sa tuairisc cé go dtáinig feabhas beag orthu sa tréimhse trí bliana ó thaobh spriocanna comhshaoil de, nach raibh siad ag comhlíonadh na spriocanna ó thaobh chaighdeán an uisce de.

Dhá cheann déag as na naoi gcinn déag de spriocanna comhshaoil a bhí bainte amach ag Comhairle Contae Dhún na nGall faoin chóras NEP, de réir na tuairisce.

Uisce

Den chéad uair riamh is féidir an t-uisce a ól ar Thoraigh gan é a bhruith, a dúirt Bainisteoir Chomharchumann Thoraí Marjorie Uí Chearúil.

Dúirt sí go bhfuil torthaí na dteisteanna atá á ndéanamh ar an uisce uilig dearfach rud a chiallaíonn go bhfuil dul chun cinn mór déanta ar an oileán.

Dúirt Marjorie Uí Chearúil go bhfuil an Comharchumann dóchasach anois go mbeidh an Chomhairle Contae ábalta tithe a thógáil ar an oileán mar go raibh caighdeán an uisce ag cur isteach ar chúrsaí forbartha.

Iascaireacht

Tá an baol ann go gcaillfidh iascairí beaga amach ar mhaoiniú ón Eoraip muna bhfuil sé i scríbhinn sa reachtaíocht, a dúirt Séamus Ó Cnáimhsí, Rúnaí Eagraíocht Acmhainní Muirí Oileáin na hÉireann.

Dúirt sé ag cruinniú Choiste Iascaireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall inné go gcaithfidh an Rialtas agus Feisirí Eorpacha na hÉireann a chinntiú go bhfuil, an scagadh úr ar bhuiséad na hEorpa atá molta, níos soiléire agus níos teoranta d'earnáil na hiascaireachta.

Dúirt an Feisire Eorpach Luke Ming Flanagan a bhí ag freastal ar an chruinniú go bhfuil sé náireach go bhfuil laghdú ó €6 bhilliún go €2 bhilliún molta d’earnáil na hiascaireachta ach go bhfuil méadú ó €30 billiún go 150 billiún molta do chúrsaí Cosanta na hEorpa.

Sábháilteacht

Tá tús curtha ag Gardaí Dhún na nGall le feachtas maidin inniu dírithe ar shábháilteacht ar bhóithre le linn an deireadh seachtaine saoire bainc.

Mairfidh an feachtas go dtí maidin Dé Máirt.

Deir na Gardaí go bhfuil an tréimhse seo ar cheann de na tréimhsí is gnóthaí sa bhliain ó thaobh tráchta ar na bóithre agus gur seo an tréimhse is mó a bhfuil baol ann go dtarlóidh drochthimpiste.

138 duine a maraíodh ar bhóithre na tíre go dtí seo i mbliana.

Tá Gardaí sa chontae ag impí ar thiománaithe a luas a mhoilliú agus a bheith cúramach ar na bóithre.

Cathal Ó Searcaigh

Seolfar mórchnuasach agus saothar saoil an fhile Cathal Ó Searcaigh ag ócáid in óstán na Cúirte i nGaoth Dobhair tráthnóna inniu.

Dhéanfar seoladh ar chnuasach dánta de chuid Chathail Uí Shearcaigh "Ó Aois go hAois, Dánta 1970 – 2025" ag an ócáid.

Tá breis agus scór leabhar filíochta, drámaí, agus trí úrscéal scríofa ag Cathal Ó Searcaigh as Mín an Leá, Gort an Choirce. Beidh an seoladh in Óstán na Cúirte ag a 7.30 tráthnóna inniu.