Iascaireacht

Beidh díospóireacht faoi na deacrachtaí a bhaineann le hearnáil iascaireachta na tíre ar siúl sa Dáil inniu.

Thug Urlabhraí Mara agus Iascaigh Shinn Féin, Pádraig Mac Lochlainn, le fios gur mhol seisean go bpléifí an ghéarchéim san earnáil iascaireachta sa Dáil i bhfianaise na gciorraithe atá molta ar chuótaí éisc agus dúirt sé gur thacaigh páirtithe an fhreasúra leis.

Beidh deis ag Teachtaí Dála labhairt faoin tionchar a bheidh ag na ciorraithe ar a bpobail féin, a dúirt sé.

Tá imní léirithe ag ionadaithe ón earnáil iascaireachta sna Cealla Beaga faoin mholadh go gcuirfear ciorrú 70% i bhfeidhm ar chuótaí murlais agus ciorrú 41% ar an fhaoitín gorm.

Beidh deireadh leis an earnáil a deir siad má tharlaíonn sin.

Ar iarraidh

Tá Gardaí Dhún na nGall ag lorg eolais ón phobal faoi fhear as Doire atá ar iarraidh ó bhí inné ann.

Chonacthas Séamus Quinn (63) go deireanach i gCathair Dhoire i dtrátha an 10am maidin inné.

Tá sé 5' 8" ar airde, tá sé ar mheánmhéid le gruaig ghairid liath agus d’fhéadfadh gloiní a bheith á gcaitheamh aige.

Ní fios caide a bhí á chaitheamh aige ach meastar go raibh bróga reatha Brooks le dath liath agus oráiste air.

Tá carr den déanamh Renault Kadjar le dath dearg a thiomáint aige leis na huimhreacha 7441 mar pháirt den uimhir chláraithe.

Tá aithne leitheadach ar Shéamus Quinn i nDún na nGall mar gur Múinteoir Scoile é i Leitir Ceanainn agus meastar go bhféadfadh sé a bheith i nDún na nGall.

Iarrtar ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoi Shéamus Quinn, nó duine ar bith a chonaic a charr, teagmháil a dhéanamh leis na Póilíní i nDoire nó i stáisiún Gardaí ar bith.

Deireadh le cuardach

Tá sé curtha in iúl ag na Gardaí go bhfuil deireadh leis an chuardach a bhí ar bun do Elisabeta Milosiu, 17 mbliana d’aois as Rinn Uí Choigligh agus an Cheathrú Chaol a bhí ar iarraidh ó bhí Dé Domhnaigh.

Thángthas uirthi slán sábháilte agus ghabh Gardaí buíochas leis an phobal as a dtacaíocht.

Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh

Beidh mic léinn ó Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceanainn agus sna Cealla Beaga i measc na nOllscoileanna Teicneolaíochta eile ar fud na tíre a bheidh i mbun agóide ag an mheán lae inniu.

Tá Aontas na Mac Léinn míshásta i bhfianaise an bhuiséid is deireanaí mar go ndeir siad nach bhfuiltear ag caitheamh le hOllscoileanna Teicneolaíochta mar an gcéanna le hOllscoileanna tradisiúnta eile.

Tá siad ag iarraidh go mbeadh an deis chéanna ag na hOllscoileanna Teicneolaíochta maoiniú caipitil a aimsiú chun lóistín do mhic léinn a thógáil.

LEADER

Tá maoiniú faighte ag Comhairle Ceantair Ghleann Fhinne ón Chlár LEADER chun comhairleoirí a fhostú le Straitéis Athghiniúna a ullmhú do Cheantar Ghleann Fhinne.

Is é aidhm na straitéise ná plean a ullmhú le Forbairt Shóisialta, Eacnamaíochta, Chultúir agus Oideachais a chur chun cinn i gceantar Ghleann Fhinne.

Beidh na comhairleoirí ag plé leis an phobal chun iad féin a chur ar an eolas faoi riachtanais an cheantair.

Dúirt Seán Ó Gallchóir, Cathaoirleach Chomhairle Ceantair Ghleann Fhinne, gur thit an daonra ó 3,600 duine a bhí ina gcónaí sa pharóiste sna 70idí go dtí 1,300 duine inniu agus go bhfuil sé tábhachtach na daoine atá ina gcónaí sa pharóiste a choinneáil ansin trí áiseanna agus seirbhísí a chur ar fáil.

Is é seo an chéad uair a bheidh deis ag muintir an pharóiste ionchur a bheith acu i bplean forbartha dá gceantar féin.

Stoc-Charranna

Dúirt an Comhairleoir Contae Michael McClafferty go mbeadh sé féin sásta €2,500 a íoc ó chiste airgid na gComhairleoirí Contae le cuid den chostas aráchais a chlúdach, le cur ar a gcumas áit shábháilte a chur ar fáil do Stoc-Charranna.

Dúirt sé go bhfuil eolas faighte aige go gcosnódh an t-árachas €20,000, ach dá mbeadh Comhairleoirí Contae eile sásta an méid céanna airgid a chur ar fáil, dúirt sé go gclúdódh seo an costas iomlán.

Dúirt an Comhairleoir McClafferty go bhfuil sé tábhachtach áit shábháilte a leagan amach do dhaoine óga a bhfuil suim acu sa rásaíocht stoc-charranna.

Dúirt sé go laghdódh seo an oiread rásaíochta a bhíonn ar siúl ar bhóithre poiblí.

Bunscoileanna

Tá ceithre bhunscoil i nDún na nGall ag obair i gcomhar le chéile chun cosc a chur ar úsáid fón cliste i measc páistí bunscoile.

Is socrú deonach é seo i gcomhar leis na tuismitheoirí, caomhnóirí, pobal na scoile agus na boird bhainistíochta lena chinntiú nach mbeidh fón cliste ag páiste ar bith go dtí go dtéann siad chun na meánscoile.

S’iad na scoltacha atá i gceist ná Scoil Eoin Baiste, Scoil Charraig Airt, Scoil Naomh Bríd, Na Dúnaibh, Scoil Náisiúnta Chreamhghoirt agus Scoil Cholmcille Dhuibhleann Riach.

Sé’n aidhm atá leis an togra ná cúrsaí sláinte agus folláine a chur chun cinn sna scoltacha.

Deir na scoltacha go bhfuil súil acu go spreagfaidh an tionscnamh seo scoltacha eile, Cumainn Lúthchleas Gael áitiúla agus clubanna spóirt ar fud na Contae an rud céanna a dhéanamh.