Camscéim
Tá Gardaí Dhún na nGall ag iarraidh ar an phobal a bheith ar a n-airdeall faoi chamscéim atá ar bun faoi láthair ina bhfaigheann duine ríomhphost ag maíomh gur ó bhall sinsearach den Gharda Síochána é ag tabhairt le fios go bhfuil an duine sin á fhiosrú ag na Gardaí maidir le coireanna mí-úsáide gnéis.
Iarrtar sa ríomhphost ar an duine airgead á aistriú le deireadh a chur leis an chás.
Deir na Gardaí nach ndéanann siad teagmháil mar seo le daoine a choíche agus nach n-iarrann siad ar dhaoine airgead a chur isteach i gcuntas bainc.
Molann na Gardaí do dhuine ar bith a fuair comhfhreagras den chineál sin, teagmháil a dhéanamh leo.
Gradaim Shábháilteacht Uisce na hÉireann
Tá Gradaim Náisiúnta Shábháilteacht Uisce na hÉireann le bronnadh inniu ar 73 duine, naonúr as Dún na nGall ina measc, as 53 duine a bhí i mbaol a mbáite a tharrtháil.
Is iad an naonúr as Dún na nGall ná Igor Burkun agus Sinead Uí Bhaoil a thug tarrtháil ar thachrán in Anagaire i mí na Samhna anuraidh; Ciarán Mulroe agus a athair Seán a thug tarrtháil ar fhear i gCnoc an Mharmair i mí Mheán Fómhair anuraidh; Pete Mason a thug tarrtháil ar dhéagóir i bPort na Bláiche i mí Lúnasa i mbliana; agus Maitiú Clerkin, Joe Heron, Turlagh McDaid agus Dualta Bracken a thug tarrtháil ar bheirt pháistí agus fear amach ón Trá Mhór in Ard an Rátha i mí Lúnasa i mbliana.
Bronnfar Gradam Fadseirbhíse 40 Bliain ar Kevin McCloskey as Dún na nGall fosta as an obair dheonach atá déanta aige ó thaobh sábháilteacht uisce a chur chun cinn.
Beidh an searmanas ar siúl sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ag 3.30 inniu.
Inis Bó Finne
D'fhreastail Dónal Ó Colla, Leas-Chathaoirleach Choiste na nOileán ar a chéad chruinniú den Choiste ar na mallaibh.
Thug sé le fios go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ar an oileán le blianta beaga anuas ach go bhfuil sé tábhachtach obair chothabhála a dhéanamh ar an ché, balla cosanta a thógáil agus an bealach go dtí an trá a chóiriú.
Chuir sé fáilte roimh an mhaoiniú €4.2m atá ceadaithe do chúrsaí uisce ar an oileán mar go gcaithfear an t-uisce a bhruith sula féidir é a ól faoi láthair.
Dúirt sé fosta go bhfuil scrúduithe á ndéanamh faoi láthair le Seirbhís Leathanbhanda a chur ar fáil ar an oileán.
Oifigeach Turasóireachta
Tá Denis Ó Dónaill as Uileann, Árainn Mhór ceaptha ina Oifigeach Turasóireachta ag Údarás na Gaeltachta agus Comharchumann Árainn Mhór ar an Bhealach Gorm idir Ailt an Chorráin agus Árainn Mhór.
Beidh sé ag obair le Fáilte Eireann agus grúpaí éagsula a chuireann lóistín, imeachtaí agus caitheamh aimseartha ar fáil sa dá cheantar.
Rachaidh sé i mbun a chuid dualgas ar an tseachtain seo chugainn agus beidh sé lonnaithe in Oifigí an Chomharchumainn in Árainn Mhór.
Conradh 3 bliana atá i gceist leis an phost.