Cléire
Deir Bainisteoir Chomharchumann Chléire, Kevin Mac Cana, go bhfuil sé dóchasach go n-éireoidh leo teaghlaigh a thabhairt isteach le cur fúthu i gCléire, ainneoin na ndeacrachtaí atá le tithíocht ar an oileán.
Ag labhairt le Nuacht an Deiscirt, dúirt sé gur cuireadh moill ar an obair ar an dá thigh atá á n-athchóiriú ag an gComharchumann do theaghlaigh atá ag iarraidh aistriú go dtí an t-oileán.
Dúirt sé áfach go bhfuil tigh amháin críochnaithe, ach an soláthar aibhléise a cheangailt leis, agus an tigh eile geall le críochnaithe.
D'admhaigh sé gur tharraing teaghlach amháin siar ón bplean a bhí acu aistriú go Cléire ach dúirt sé go bhfuil an teaghlach eile fos meáite ar theacht, a luaithe agus a bheidh tigh ar fáil dóibh.
Tá teaghlaigh eile ar aithne an Chomharchumainn mar thoradh ar a gcuid bolscaireachta ag d'iarraidh daoine a mhealladh chun an oileáin, agus dúirt Kevin Mac Cana go mbeidh cuireadh á thabhairt do theaghlach eile, teacht agus deireadh seachtaine a chaitheamh i gCléire, féachaint an n-oirfidh saol an oileáin dóibh.
Ospidéal
Tá go dtí deireadh na bliana 2026 fágtha ar an gcead pleanála don athfhorbairt a bhí beartaithe do sheana-Ospidéal an Daingin, atá díomhaoin le breis is 15 bliana.
Ag cruinniú de chuid Chomhairle Contae Chiarraí inné, thug Príomhfheidhmeannach na Comhairle le fios don gComhairleoir Breandán Mac Gearailt go bhfuil an Chomhairle fós tiomanta don phlean athfhorbartha, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.
Gardaí
Tá ceathrar ball den nGarda Síochana ar lár i nDún Garbhán, agus iad gortaithe de dheasca dhá eachtra ionsaithe ar an mbaile an tseachtain seo caite.
Tuairiscítear ar TheJournal.ie gur gortaíodh cúigear ar fad: sáirsint agus ceathrar Gardaí, iad go léir ón aonad céanna Gardaí.
Tá duine amháin tréis filleadh ar a chuid oibre, ach tá ceathrar fós ar lár.
B’éigean duine díobh a thabhairt an ospidéil.
Tharla eachtra amháin i stáisiún na nGardaí oíche Déardaoin.
Tá sé líomhnaithe gur bhuail duine a bhí gafa acu go trom beirt Ghardaí.
Gortaíodh beirt eile nuair a thug buíon fúthu agus iad ag triailt bean a ghabháil, mar gheall ar eachtra sráide.
Tuigtear go mbeidh ar bhainistíocht na nGardaí baill a aistriú ó cheantair eile, lena n-áirítear cathair Phort Láirge, chun an bhearna a líonadh.
Tharla ionsaí eile Dé Domhnaigh, agus tá físeán den eachtra faighte ag an Journal.
Tá beirt fhear le feiscint ann agus Gardaí á lascadh agus á mbualadh acu, agus duine eile ag taifeadadh.
Bhí ar na gardaí bataí a úsáid chun smacht a chur ar an scéal.
Gabhadh beirt mar thoradh ar an eachtra.
Aerfort
Díolfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge talamh an aerfoirt leis an gcomhlacht nua atá chun é a athfhorbairt, ar phraghas €50,000, ainneoin go bhfuil luacháil beagnach €2.3 milliún ar an sealúchas.
Tugadh an méid sin le fios i dTuairisc Phríomhfheidhmeannach na Comhairle, Sean McKeown, le Cruinniú Speisialta na Comhairle inné ag ar ceadaíodh an díolachán, ar an gcoinníoll go gcuirfear plean gnó an aerfoirt go hiomlán i gcrí.
I measc na gcoinníollacha eile atá leis an margadh, tá go mbainfear úsáid eitleoireachta as an dtalamh go ceann 50 bliain ar a laghad, go gcoimeádfaidh oibrithe an aerfoirt a bpostanna, go leanfar leis an gconradh don tseirbhís cuardaigh agus tarrthála aeir atá lonnaithe san aerfort, agus go leanfar le teagasc na heitleoireachta ag an aerfort.
Sláinte ban
Tá díomá léirithe ag na Comhairleoirí mná i gComhairle Contae Chiarraí, le cinneadh na Feidhmeannachta Sláinte, fanacht le measúnú ar an bhfianaise a thacódh le leathnú na seirbhíse scrúdaithe brollaigh do mhná atá idir 20 agus 50 bliain d'aois.
Ag cruinniú na Comhairle inné, dúirt an comhairleoir Deirdre Ferris go mbíonn 3,600 cás nua den ailse brollaigh na haon bhliain agus go mbíonn 24% díobh san idir 20 agus 50 bliain d’aois, agus mar sin, tá an fhianaise chomh soiléir is a d’fhéadfadh sí a bheith, dár léi.
Seanóirí
Tá fáilte curtha ag an dTeachta Dála John Paul O’Shea roimh dhearbhú Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil sé i gceist acu Ionad Lae do Sheanóirí a lonnú i gcuid d’fhoirgneamh athchóirithe an Ionaid Sláinte in Ospidéal Pobail Mhaigh Chromtha.
Dar leis, bheadh an t-ionad nua ina thaca mór ag seirbhísí sláinte na h-áite, ag cur tacaíochtaí sóisialta agus sláinte ar fáil do dhaoine scothaosta agus ag cabhrú leo fanacht gníomhach agus neamhspleách ina bpobail féin.
Tá sé dearbhaithe ag an bhFeidhmeannacht Sláinte go bhfuilid ag dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara áitiúla agus ag déanamh measúnú ar riachtanais an daonra, agus ar chúrsaí foirne agus maoinithe mar chuid den bpleanáil.
Mar sin féin, tuigtear ná fuil maoiniú caipitil curtha in áirithe fós don dtogra.
Tá an Teachta O’Shea ag iarraidh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte tús áite a thabhairt don dtionscadal gan mhoill.
Dúirt sé gur áis é an t-ionad atá geallta le fada an lá, agus atá fíor-riachtanach do mhuintir Mhaigh Chromtha agus na gceantar máguaird.
Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan
Tá Bord Feidhmiúcháin nua ceaptha ag Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan ar a bhfuil cúigear Leas-Uachtarán, cúigear Déan atá i gceannas ar Dhámha nua-bhunaithe na hOllscoile agus Príomhoifigeach Corparáideach, aon duine dhéag ar fad, atá ag freagairt d’Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Maggie Cusack.
Tá Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan eagraithe anois ina cúig dhámh acadúil.
'Siad san:
Dámh na nEalaíon Cruthaitheach, na dTaibhealaíon agus na Meán
Dámh na Sláinte & na nEolaíochtaí Sóisialta
Dámh an Ghnó
Dámh na hEolaíochta & na Faisnéisíochta
Dámh na hInnealtóireachta
Tá sé champas ag Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan i gCorcaigh agus i gCiarraí.