Brící Lochtacha

Níor éirigh le rún faoi ghéarchéim na mbrící lochtacha a chur an Teachta Dála Charles Ward os comhair na Dála inné agus ar thacaigh páirtithe an fhreasúra leis.

Chuir an Rialtas rún leasaithe os comhair na Dála ag tacú le Scéim na mBrící Lochtacha.

Vótáil 79 Teachta Dála i bhfabhar rún an Rialtais agus 64 a vótáil ina choinne.

Vótáil Teachtaí Dála an Rialtais i nDún na nGall, an tAire Stáit Charlie McConalogue agus an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir, leis an Rialtas agus vótáil na Teachtaí Dála Charles Ward, Piaras Ó Dochartaigh agus Pádraig Mac Lochlainn i gcoinne an rúin.

Uisce

Tá an fógra a d'eisigh Uisce Éireann ag iarraidh ar an phobal i gceantar na nGleanntach agus Ard an Rátha a gcuid uisce a bhruith ag cur isteach go mór ar 3,500 duine sa cheantar chomh maith le gnólachtaí, a dúirt an Seanadóir Manus Boyle sa Seanad an tseachtain seo.

Tá an fógra i bhfeidhm ón 15 Meán Fómhair.

Thug an Seanadóir Boyle le fios gur fadhb leanúnach atá anseo achan uair a bhíonn fearthainn throm nó stoirm ann agus go gcaithfear an t-infreastruchtúr a athrú sa cheantar.

Dúirt sé gur seo an tríú nó an ceathrú huair ina lua sé fadhbanna Uisce Éireann sa Seanad le cúpla seachtain.

Tá Uisce Éireann ag déanamh neamhiontais de cheantracha tuaithe, dar leis an Seanadóir Boyle, agus d’iarr sé an cheist a phlé leis an Aire Rialtais Áitiúil.

Oileáin

Ba cheart na hoileáin ar fad a bhfuil ionadaí acu ar Choiste na nOileán a bheith i dteideal cáiliú do dheontais faoin Scéim Croí Cónaithe, dar le Bridget Nic Gairbheith, Bainisteoir Chomharchumann na nOileán Beag.

D’fhreastail sí ar a céad chruinniú de Choiste na nOileán ina Bainisteoir ar an Chomharchumann an tseachtain seo agus dúirt sí nach bhfuil an t-aitheantas seo ag oileáin bheaga sa chontae mar nach bhfuil cónaí ar na hOileáin, rud nach bhfuil ceart ná cóir.

Dúirt Michael Rowsome, Bainisteoir Ceantair sa Chomhairle Contae go bhfuil an t-aitheantas seo ag Árainn Mhór, Toraigh, Gabhla, Inis Mhic an Doirn agus Inis Bó Finne ach nach bhfuil ag sé ag Inis Caorach, Inis Fraoigh ná Uaigh.

Dúirt Bridget Nic Gairbheith go bhfuil go leor de bhunadh na n-oileán seo gur mhaith leo iarratas a dhéanamh ar thacaíocht faoin Scéim Croí Cónaithe agus tithe atá acu ar na hoileáin a chóiriú.

Aontaíodh an cheist a thógáil leis an Roinn.

Duais

Tá duais $100,000 le baint ag comhlacht nuabhunaithe le linn ócáid fiontraíochta a bheidh ar siúl i Ráth Mealtain inniu.

Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg ón chlár Adhmhaidin anseo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh ina bean an tí ar an ócáid atá á heagrú ag Alpha Innovations.

Beidh triúr infheisteoirí de bhunadh Dhún na nGall, ach atá i mbun gnó i Meiriceá, i láthair le moltóireacht a dhéanamh ar na comhlachtaí a bheidh ag glacadh páirte.

Beidh an ócáid ar siúl i Siopa Ceardaíochta agus Bialann an Blue Goat i Ráth Mealtain ag an mheán lae.