Oireachtas na Samhna
Beidh Oireachtas na Samhna ag filleadh ar Chill Airne an bhliain seo chugainn.
Tuairiscítear ar an suíomh nuachta Tuairisc inniu, go bhfuil deimhniú tugtha dóibh ag Ceannasaí an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha, gur i gCill Airne a bheidh Oireachtas na bliana 2026, ainneoin go raibh sé i gceist ar dtúis go gcaithfeadh an Fhéile dhá bhliain i ndiaidh a chéile i mBéal Feirste.
'Sé is cúis leis seo a dúirt sí, ná, ná beidh an tIonad Idirnáisiúnta Comhdhála i mBéal Feirste ar fáil do dheireadh seachtaine an Oireachtais in 2026.
Drioglann
Deir Colm Fitzpatrick, Bainisteoir Forbartha Gnó le Drioglann an Daingin, go mbeidh ard-chostas, dar leis, ag baint le lipéidí nua a chruthú ionas go mbeidh an rabhadh ailse atá de dhíth fén Acht Sláinte Poiblí curtha i bhfeidhm.
Deir sé an méid seo in agallamh ar adhmhaidin inniu agus é ag maíomh, cé go n-aontaíonn sé gur gá an t-eolas a chur ar fáil do chustaiméirí, go mbeidh a thuilleadh ama ag teastáilt ós na drioglanna chun na hathruithe a bhainistiú.
Meabhairshláinte leanaí
Deir an Feisire Eorpach don nDeisceart, Billy Kelleher, go bhfuil gá le gníomh chun meabhairshláinte agus folláine na leanaí a chosaint san aois dhigiteach.
Bhí sé ag labhairt agus páipéar polasaí nua ar an ábhar á sheoladh ag an ngrúpa parlaiminte Renew Europe inné.
Dar leis tá leanaí na linne á stiúradh ag algartaim a dhéanann brabús as a n-aird agus a mothúcháin.
Dúirt sé gur cheart scoileanna saor ó fhóin a bheith mar ghnáthnós san Eoraip, agus go gcaithfear andúil sna meáin shóisialta a aithint mar cheist sláinte phoiblí.
D'impigh sé ar Choimisiún na hEorpa an tAcht um Chothromaíocht Dhigiteach atá geallta a thabhairt chun cinn, agus infheistíocht a dhéanamh i dtaighde, in oiliúint múinteoirí agus san oideachas digiteach.
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Beidh dhá ócáid bailithe airgid ar bun Dé Sathairn, le cabhrú le daltaí idirbhliana i bPobalscoil Chorca Dhuibhne atá ag tabhairt fé obair charthanachta san Afraic sara bhfad.
Beidh Máire-Eilís Nic Gearailt, Órla May Ní Ghrífín, Jessie Ní Loingsigh, Muireann Ní Mhuircheartaigh agus Ríona Ní Bheaglaoich ag dul go dtí an Chéinia le dul ag obair leis an gcarthanacht Cara Project, atá dírithe ar chosaint leanaí.
Beidh díolachán cístí ar mhaithe leo ar bun i nGairdín Mhuire idir 10:30 agus 12:30am Dé Sathairn, agus biongó ar bun i Halla Lios Póil ar a 7.30pm an tráthnóna céanna, chun cabhrú leo.
Buiséad
Tá daoine fé mhíchumas fágtha amuigh ar an mbán ag buiséad "cruálach" an rialtais a dúirt an Teachta Dála Conor D McGuinness an tseachtain seo sa Dáil.
Bhí sé ag labhairt ar rún príobháideach a bhí molta ag Sinn Féin ar an gcostas breise a bhíonn ar daoine atá fé mhíchumas.
Dúirt sé go bhfuil méadú suntasach molta ag Sinn Féin ar liúntais mhíchumais agus ar chreidmheasanna fuinnimh, ach dar leis an Teachta McGuinness, ní raibh i mbuiséad an rialtais ach méadú €10 ar an liúntas míchumais, suim shuarach, dar leis, ná clúdaíonn an boilsciú.
Ungadh gréine
Tá scéim phíolótach curtha i gcrích ina raibh fearais dáilithe ungadh gréine curtha ar fáil saor in aisce sna páirceanna poiblí i gCorcaigh.
Mar fhreagra ar rún a bhí ag an gComhairleoir Peter Horgan ag Fóram Sláinte an Deiscirt le déanaí, thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san iardheisceart le fios go bhfuil torthaí na scéime á meas fé láthair ag an Roinn Sláinte, agus go mbeidh an Fheidhmeannacht sásta leathnú na scéime a phlé leis na Comhairlí Contae i gCorcaigh agus i gCiarraí.