Brící Lochtacha
Cuirfidh an Teachta Dála Charles Ward ón pháirtí Cúiteamh 100% rún os comhair na Dála maidin inniu faoi ghéarchéim na mbrící lochtacha.
Beidh an freasúra ar fad ag tacú leis an rún seo den chéad uair riamh, a dúirt an Teachta Ward.
Tá cur síos sa rún ar an íosghrádú a rinne innealtóirí na Gníomhaireachta Tithíochta ar thithe, na dúshláin airgeadais a bhaineann leis an scéim cúitimh agus na fadhbanna meabhairshláinte atá ag eascairt as an ghéarchéim.
Moltar sa rún staid éigeandála a fhógairt.
Liúntas Míchumais
Bhí an €10 breise ar an liúntas míchumais a fógraíodh i mBuiséad 2026 maslach, a dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.
Dúirt sé sa Dáil aréir gur cheart don Rialtas íocaíochtaí breise a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas leis na costais bhreise atá orthu a sheasamh.
Thug an Teachta Ó Dochartaigh le fios go ndearna an oiread daoine faoi mhíchumas teagmháil lena oifig ó fógraíodh an buiséad lena n-imní a chur in iúl faoin easpa tacaíochta atá ar fáil dóibh.
Gabhla
Ní bheidh uisce ar Ghabhla go dtí an bhliain seo chugainn ar a luaithe de réir an eolais a tugadh ag cruinniú de Choiste na nOileán inné.
Dúradh ag an chruinniú gur cheart an cheist a phlé le Teachtaí Dála na Contae mar nach bhfuil Uisce Éireann ag éisteacht leis an Chomhairle Contae.
Tá an t-oileán fágtha gan uisce ó mhí Iúil.
Dúirt Eddie Joe Mac Aoidh, ionadaí Ghabhla ar an Choiste, gur tugadh eolas dó féin go leagfar píopa, a chaithfidh a theacht ón Iorua, ag Cé Chití Archie i Machaire Gathlán go Gabhla ach nach bhfuil cinnteacht faoi seo.
Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach an cheist seo a bhrú chun tosaigh agus é a thógáil sa Dáil.
Toraigh
Tá caighdeán an uisce ag bisiú ar Thoraigh, a thug Bainisteoir Chomharchumann Thoraí, Marjorie Uí Chearúil, le fios ag cruinniú den Chomhairle Contae inné.
Dúirt sí go bhfuil scrúduithe á ndéanamh ar an chóras le dhá mhí dhéag agus go bhfuil na torthaí ar fad ó na scrúduithe dearfach, rud a chuireann sí fáilte roimhe.
Ós rud é go bhfuil feabhas ar an chóras uisce, dúirt an Comhairleor Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig gur cheart níos mó tithe a thógáil ar an oileán mar go bhfuil an t-éileamh ann.
Dúirt Michael Rowsome, Bainisteoir Ceantair na Comhairle Contae, go mbeadh sé sásta cuairt a thabhairt ar an oileán leis an éileamh a mheas.