Fliú na n-éan

Tá sé dearbhaithe go raibh fliú na n-éan, nó an víreas H5N1, sna samplaí a tógadh os na héin a fuair bás i bPáirc Fiadhúlra Fhóite.

Fuarthas toradh dearfach ar na samplaí a tástáladh inné i saotharlann tréadliachta na Roinne Talmhaíochta i gContae Chill Dara.

Tá a thuilleadh tástálacha le déanamh inniu le déanamh amach cé chomh contúirteach is atá an leagan áirithe seo den víreas.

I ráiteas deir bainistíocht na Páirce Fiadhúlra i bhFóite go mbeidh an pháirc iata go dtí go gcloisfear a thuilleadh ón Roinn Talmhaíochta ar an scéal.

Ospidéal Pobail

Dea-chomhartha do thodhchaí Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne atá sa scéal a bhí ar Nuacht an Deiscirt inné, sé sin go bhfuil 75 duine le cur fé agallamh do phost altrachta san ospidéal, ach caithfear gníomhú tapa chun suim na ndaoine sin san ospidéal a choimeád.

An Clr Roibeard Ó Brosnacháin a deir an méid sin agus dearbhú fachta ag Nuacht an Deiscirt ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil sé i gceist acu painéal a chur le chéile mar thoradh ar an bhfeachtas earcaíochta seo, d'fhonn poist a thiocfaidh chun cinn in Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne amach anso a líonadh.

Deir sé go gcuireadh painéil le chéile roimhe seo, ach go raibh altraí ag feitheamh chomh fada le glaoch chun poist, go mbailíodar leo thar bóchna ar fad dóibh féin.

Caithfear an chinniúint sin a sheachaint an babhta seo, a deir sé.

Tithíocht

Tá iarratas ar chead pleanála déanta chun breis agus míle áitreabh nua a thógaint in aice Bhaile an Chollaigh.

Tá Grúpa Uí Fhloinn d’iarraidh 1,150 tigh agus árasán a thógaint ar shuíomh i Maigh an Ghiolla Fhinn, mar aon le bóithre agus áiseanna nua eile.

Deir Príomhfheidhmeannach an chomhlachta Michael O’Flynn go bhfuil an áit seo ana áisiúil dóibh seo a bheadh ag obair sa chathair, agus go gcuirfidh sé le bonneagar an réigiúin trí chéile.

Aonach na nGairmeacha Gaelainne

Bhí Aonach na nGairmeacha Gaelainne ar siúl sa Daingean ar maidin do dhaltaí Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus Choláiste Íde.

Ag labhairt dó ar adhmhaidin inniu dúirt Barry Ó Siochrú, Oifigeach Pleanála Teanga Chorca Dhuibhne, gur deis do scoláirí na háite é seo chun Gairmeacha Gaoluinne a phlé le hionadaithe na n-earnálacha éagsúla, agus na roghanna oiliúna a fhiosrú.

Cothú leanaí ar an mbrollach

Tá feachtas nua pobail seolta ag Comhairle Contae Chiarraí agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun spásanna níos fáiltiúla a chruthú do mhná atá ag cothú leanaí ar an mbrollach.

Gheobhaidh na háiteanna a bheidh páirteach comhartha aitheantais agus acmhainní chun cabhrú lena bhfoireann oibre tacaíocht a thabhairt do mháithreacha.

Beidh na háiteanna a bheidh páirteach sa tionscnamh luaite ar léarscáil speisialta 'Healthy Kerry’.

Dúirt Sharon Ní Shúilleabháin ón HSE gur céim thábhachtach í seo i dtreo Chiarraí níos sláintiúla agus níos fáiltiúla.

Meamram comhthuisceana

Tá meamram comhthuisceana nua sínithe idir Coláiste Mhuire Gan Smál agus Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí.

Tabharfaidh an comhaontas cúig bliana cosáin nua staidéir do mhúinteoirí, oiliúint i gcleachtais chuimsitheacha agus forbairt bhreise san oideachas speisialta.

Tá sé mar aidhm ag an gcomhpháirtíocht comhionannas agus cuimsiú a chur chun cinn i scoileanna agus i bpobail ar fud an chontae.