Seirbhís Fuilaistriúcháin

Tá Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann ag impí ar phobal Dhún na nGall theacht chuig a gclinicí fola an tseachtain seo le fuil a thabhairt.

Deir an tseirbhís go bhfuil an stoc fola sa tír iontach íseal i láthair na huaire agus tá siad ag iarraidh ar dheontóirí reatha agus deontóirí úra freastal ar chlinicí le fuil a thabhairt.

Beidh clinicí ar an Chlochán Liath agus i mBealach Féich an tseachtain seo.

Thig le daoine fuil a thabhairt in Óstán an Waterfront ar an Chlochán Liath tráthnóna inniu idir 4:30pm agus 8.50pm anocht agus in Óstán Jackson's i mBealach Féich amárach agus Déardaoin.

Drugaí

Beidh soitheach úr á sheoladh go luath chun tacú le stop a chur le drugaí teacht isteach ar chósta na hÉireann.

Tá an soitheach úr seo déanta go speisialta le déileáil le farraigí garbha na tíre seo le linn di a bheith ar patról.

Sheol Gardaí Dhún na nGall i gcomhar le Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim agus Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann an feachtas Cósta ar Aire inné le haghaidh a thabhairt ar líon na ndrugaí a thagann i dtír sa chontae go rialta.

Dúirt Oifigeach Idirchaidrimh Chósta ar Aire an Gharda Síochana i nDún na nGall, an Cigire Paul McGee, go bhfuil Cósta Dhún na nGall fóirsteanach do lucht drugaí a theacht i dtír mar go bhfuil an cósta chomh fairsing sin le os cionn 1,000 ciliméadar de chósta agus go mbíonn deacrachtaí acu súil a choinneáil ar gach bád a thagann i dtír.

Dúirt sé go bhfuil tacaíocht an phobail tábhachtach sna cásanna seo agus d'impigh sé ar an phobal eolas fá bhádaí neamhghnácha nó eachtraí amhrasacha ar an chósta a chur in iúl do na Gardaí.

Mná Tí

Bainfidh Mná Tí i nDún na nGall agus daoine a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí Gaeilge tairbhe as an deontas breise faoi Scéim Foghlaimeoirí Gaeilge na Roinne a d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, an Teachta Dála Dara Calleary tráthnóna inné.

Faoin scéim ghearrthéarmach seo, cuirfear deontas suas le €2,000 nó 80% den chostas iomlán ar fáil do Mhná Tí agus do dhaoine a bhí aitheanta faoin scéim roimh 2019 le tacú leo troscán úr a chéannacht, macasamhail leapacha buinc agus tochtanna.

Tá tábhacht faoi leith le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge d’eacnamaíocht na Gaeltachta, agus tá sé tábhachtach go leanfar ag tabhairt tacaíochta do Mhná Tí na gColáistí Samhraidh sa Ghaeltacht agus na tacaíochtaí sin a fheabhsú nuair is féidir, a dúirt an tAire Calleary.

Tagann an deontas breise seo sna sála ar an ardú a fógraíodh i mí Lúnasa ar an liúntas a íoctar le mná tí a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí Gaeilge ó €13 go €14.50.

Coiste Oileán

Beidh cruinniú ag Coiste Oileán Chomhairle Contae Dhún na nGall ar Inis Bó Finne inniu.

Beidh ionadaithe ó Oileáin na Contae i láthair chomh maith le Comhairleoirí Contae ó Cheantar Bardais na nGleanntach agus Oifigigh ón Chomhairle Contae.

Beidh Bainisteoir úr Chomharchumann na nOileán Beag, Bridget Nic Gairbheith, i láthair inniu ag a céad chruinniú de Choiste na nOileán.

Is é an Comhairleoir John Shéamais Ó Fearraigh Cathaoirleach an Choiste.

Seirbhís Fuilaistriúcháin

Tá Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann ag impí ar phobal Dhún na nGall theacht chuig a gclinicí fola an tseachtain seo le fuil a thabhairt.

Deir an tseirbhís go bhfuil an stoc fola sa tír iontach íseal i láthair na huaire agus tá siad ag iarraidh ar dheontóirí reatha agus deontóirí úra freastal ar chlinicí le fuil a thabhairt.

Beidh clinicí ar an Chlochán Liath agus i mBealach Féich an tseachtain seo.

Thig le daoine fuil a thabhairt in Óstán an Waterfront ar an Chlochán Liath tráthnóna inniu idir 4:30pm agus 8.50pm anocht agus in Óstán Jackson’s i mBealach Féich amárach agus Déardaoin.

Ionad Faoisimh

Tá sé beartaithe Ionad Faoisimh úr dírithe ar pháistí a bhfuil riachtanais bhreise acu a chur ar fáil i nDún na nGall.

Dúirt an Comhairleoir Dakota Nic Mheanman nach bhfuil na seirbhísí faoisimh ar fáil ach uair sa choicís faoi láthair mar go bhfuil na seirbhísí á roinnt idir páistí agus daoine fásta achan dara seachtain.

Dúirt sí gur aontaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil géarghá leis an Ionad agus gur dheimhnigh siad go bhfuil cás gnó curtha chuig an Roinn Sláinte le maoiniú a lorg le hIonad Faoisimh úr 5 leaba a chur ar fáil sa chontae do pháistí amháin.