Murlas
Tá fáilte curtha ag Aodh Ó Domhnaill, Príomhfheidhmeannach Chumann Táirgeoirí Éisc na hÉireann, roimh rabhadh atá tugtha ag Grúpa Abhcóideachta Pheiligigh an Atlantaigh Thuaidh nó NAPA go bhfuil todhchaí an mhurlais ag brath go mór ar bhearta práinneacha le deireadh a chur leis an ró-iascaireacht atá ar bun ag tíortha nach baill den Aontas Eorpach iad.
Tugadh breis is milliún tonna murlais thar an mhéid atá molta i dtír le cúig bliana anuas, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ó NAPA.
Dúirt Aodh Ó Domhnaill go bhfuil teachtaireacht NAPA soiléir - sé sin go ndearna an Iorua, na hOileáin Fharó, an Íoslainn agus an Rúis neamhiontas den eolaíocht, gur chuir siad go mór lena gcuótaí agus gur chuir siad todhchaí an mhurlais i mbaol.
Thug bádaí ón Iorua thar 40,000 tonna murlais i dtír i seachtain amháin i 2023 - líon níos mó ná an cuóta iomlán atá ceadaithe d'Éirinn i mbliana, a dúirt Aodh Ó Domhnaill.
Léiríonn seo chomh héagórach agus atá an córas, a dúirt sé.
Muna gcuireann an tAontas Eorpach bearta i bhfeidhm láithreach le dul i ngleic leis an ghéarchéim, beidh deireadh le hearnáil na hiascaireachta in Éirinn, ar fiú na céadta milliún euro í, taobh istigh de bhliain, dar le hAodh Ó Domhnaill.
Tithíocht
Rinne Comhairle Contae Dhún na nGall scrúdú ar 18 bhfoirgnimh le trí bliana anuas ar amhras go raibh úinéirí ag sárú dlíthe pleanála maidir le tithe a ligean ar cíos go gearrthéarmach.
Sin de réir tuairisce i nuachtán an Irish Independent inniu.
Dé réir na rialacha úra atá i bhfeidhm le Crios Brú Cíosa, caithfidh daoine atá ag ligean tithe ar cíos ar AirBnB go gearrthéarmach ar feadh tréimhse níos mó ná 90 lá sa bhliain cead pleanála a lorg lena sin a dhéanamh.
Thug Comhairle Contae Dhún na nGall rabhadh i scríbhinn do na húinéirí tí seo a raibh amhras ann go raibh siad ag sárú na rialacha
Coláiste Tréidliachta
Rachaidh an Coláiste Tréidliachta úr in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceanainn go mór chun sochair don Chontae, a dúirt an tOllamh Emeritas Micheál Ó Dochartaigh ón Rannóg Tréidliachta i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath.
Fógraíodh clár caipitil €41 milliún ar na mallaibh le Coláiste Tréidliachta úr a thógáil i gCarn na Mugach i Leitir Ceanainn agus táthar ag súil go mbeidh sé críochnaithe don scoilbhliain 2028-29.
Dúirt an tOllamh Ó Dochartaigh nach raibh go leor áiteacha sa tír le staidéar a dhéanamh ar an tréidliacht agus gur dea-scéal anois go mbeidh 40 áit breise ar fáil i Leitir Ceanainn agus 40 áit eile i bPort Láirge.
Dúirt sé go bhfuil ganntanas mór Tréidlianna sa tír agus go bhfuil géarghá leis na cúrsaí breise.
'Cósta ar Aire'
Dhéanfaidh Gardaí Dhún na nGall, i gcomhar le Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, an tionscnamh 'Cósta ar Aire’ a sheoladh in athuair inniu.
Cuireadh an feachtas seo ar bun le haghaidh a thabhairt ar líon na ndrugaí a thagann i dtír go rialta sa chontae.
Sé’n aidhm atá leis an tionscnamh ná pobail atá buailte ar an chósta agus eagraíochtaí éagsúla a spreagadh le bheith ar a n-airdeall faoi chúrsaí drugaí.
Beidh an seoladh ar siúl ag Stáisiún an Gharda Cósta sna Cealla Beaga inniu ag 1:30.
Gníomhú ar son na hAeráide
Cuirfear tús le himeachtaí ar fud na contae inniu do Sheachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide le heolas a thabhairt don phobal ar chúrsaí timpeallachta.
Beidh ceardlanna, cainteanna agus imeachtaí faoi chúrsaí bithéagsúlacht, fuinneamh, taisteal inbhuanaithe agus an geilleagar ciorclach ar siúl ar fud na contae.
Rannóg Timpeallachta na Comhairle Contae, i gcomhar le grúpaí pobail, gnónna agus eagraíochtaí timpeallachta, atá ina bun.
Iasc gréine
Tháinig iasc gréine neamhghnách i dtír ar thrá Bhaile an Easa ag an deireadh seachtaine.
Thug beirt a bhí amuigh ag siúl faoi deara an t-iasc seo, a bhfuil cruth cruinn aige, marbh ar an trá.
Ní rómhinic a fheictear iasc gréine mar seo ar an chósta ach meastar mar gheall ar theocht na farraige a bheith ag ardú go bhfuil siad le feiceáil níos minice i bhfarraigí na hÉireann anois.
Ní fios go fóill caidé ba chúis lena bhás ach deirtear go dtéann siad i bhfostú in eangacha go minic.