Uisce

Tá tithe ar fud Chloich Chionnaola go fóill gan uisce maidin inniu mar gheall ar phíopa réabtha sa cheantar.

Is iad na ceantracha is mó atá buailte ná Doire Chonaire, Machaire Rabhartaigh, Mín Lárach, Port Uí Chuireáin, Glaise Chú agus Mín an Chladaigh.

Deir an Comhairleoir Contae Michael McClafferty go bhfuil na taiscumair sa cheantar folamh agus go gcaithfear fanacht go líonfaidh siad arís.

Ghabh an Comhairleoir McClafferty buíochas le oibrithe seirbhísí uisce a bhí ag obair ó oíche Chéadaoin leis an fhadhb a chóiriú ach dúirt sé cé go bhfuil an t-uisce á chur ar siúl de réir a chéile ón 6 a chlog maidin inniu go bhféadfadh sé bheith tráthnóna sula mbeidh an soláthar ar ais go hiomlán sa cheantar, go háirithe i dtithe atá ar thalamh ard.

Loch an Iúir

Cuireadh fios ar na seirbhísí dóiteáin agus ar na Gardaí chuig eachtra i Loch an Iúir ina raibh feithiclí trí thine.

Tharla an eachtra in eastát tithíochta i Loch an Iúir go gairid i ndiaidh an 3 a chlog maidin inniu.

Scriosadh veain sa tine agus rinneadh damáiste do charr.

Tuigtear gur gabhadh fear maidir leis an eachtra.

Leathanbhanda

Beidh clúdach leathanbhanda ardluais ar fud Árainn Mhór faoi lár na míosa seo, rud a bheidh ina bhuntáiste mór do bhunadh an Oileáin, a dúirt John Mac Eachmharcaigh, Bainisteoir Chomharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór.

Tá NBI, Comhlacht Náisiúnta Leathanbhanda na hÉireann, ag obair ar an oileán le roinnt míonna agus é ráite acu go mbeidh siad críochnaithe faoi lár na míosa seo.

Bhí seirbhís leathanbhanda á cur ar fáil ag an gcomhlacht 3 ar an oileán, ach dúirt John Mac Eachmharcaigh go dteipfeadh ar an chóras go minic go háirithe le linn na drochaimsire.

Dúirt John Mac Eachmharcaigh go ndéanfadh an córas úr difear mór don oileán go háirithe ó thaobh turasóireachta, oideachais agus gnó de.

Tuirbíní Gaoithe

Beidh cruinniú poiblí ar siúl ar an Chlochán Liath tráthnóna inniu le plé a dhéanamh ar na forbairtí atá beartaithe le tuirbíní gaoithe a thógáil ar shuíomh i gCró na Sealg taobh amuigh den Chlochán Liath.

Tá cead pleanála á lorg ag Comhlacht Irish Premium Renewable Energy le 5 thuirbín gaoithe 86 méadar ar airde a fhorbairt ag Cró na Sealg dhá chiliméadar taobh amuigh de bhaile an Chlocháin Léith.

Bhí an cruinniú le bheith ar siúl ar an tseachtain seo a chuaigh thart ach cuireadh ar ceal é dá bharr na stoirme.

Beidh an cruinniú ar siúl tráthnóna inniu in Ionad Teampall Cróine ag an 7 a chlog.