Fianna Fáil

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Pat the Cope Ó Gallchóir, i ndiaidh chruinniú na hoíche aréir go raibh an vóta chun Jim Gavin a roghnú mar iarrthóir uachtaránachta an pháirtí éagórach agus gur chuir ceannairí an pháirtí brú mór ainm Jim Gavin a chur chun tosaigh mar iarrthóir an pháirtí.

Bhí cruinniú ag páirtí parlaiminte Fhianna Fáil i dTeach Laighean tráthnóna inné leis an chonspóid a bhain don pháirtí sa toghchán Uachtaránachta a phlé.

Léirigh an Teachta Ó Gallchóir a mhíshástacht nár iarradh a thuairim air roimh na hainmniúcháin, in ainneoin go raibh sé sa pháirtí le 38 mbliana.

Dúirt sé go bhfuil fearg agus frustrachas ar go leor de mhuintir Dhún na nGall faoin chonspóid.

Ag cruinniú na hoíche aréir dúirt ceannaire Fhianna Fáil, an Taoiseach Micheál Martin, gur air féin a bhí an fhreagracht iomlán as an mhéid a tharla agus go dtuigeann sé go bhfuil go leor de bhaill an pháirtí míshásta faoin scéal.

Séarachas

Tá séarachas amh ag sileadh amach san fharraige i gceithre bhaile sa chontae seo as cúig cinn déag de bhailte ar fud na tíre, de réir tuarascáil úr ón Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a foilsíodh inniu.

S'iad na bailte atá i gceist ná an Fál Carrach, Bun an Phobail, Ráth Maoláin agus Ráth Mealtain.

Deirtear sa tuarascáil gur easpa infreastruchtúir agus gan bainistiú ná an chothabháil cheart a bheith á dhéanamh ar na hionaid chóireála fuíolluisce is cúis leis seo.

Tá Bun an Phobail i measc 14 áit ar fud na tíre nár éirigh leo caighdeáin cóireála uisce an Aontais Eorpaigh a bhaint amach anuraidh, de réir na tuarascála.

Tithíocht

I dtuairisc ar an tsuíomh tithíochta Myhome.ie inniu sé €249,950 an meánchostas ar theach cónaithe i gContae Dhún na nGall sa tríú ráithe de 2025.

Tháinig ardú €19,950 ar luach tithe cónaithe i nDún na nGall le bliain, de réir na tuairisce.

€195,000 an meánchostas ar theach cónaithe leathscoite trí sheomra leapa sa chontae faoi láthair, ardú €20,000 le bliain.

540 teach a bhí le díol i nDún na nGall ag deireadh an tríú ráithe i mbliana, de réir na tuairisce.

Meabhairshláinte

Tá fáilte curtha ag Coiste Tacaíochta Meabhairshláinte Leitir Ceanainn roimh an allúntas breise a fógraíodh sa Bhuiséad do sheirbhisí meabhairshláinte i nDún na nGall.

D’fhógair an tAire Meabhairshláinte Mary Butler go bhfuil milliún euro ceadaithe le Foireann Réitigh Géarchéime a cheapadh i nDún na nGall le tacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu.

Beidh an tseirbhís seo á soláthar taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre.

Dúirt Mary Devlin Orr, ball den Choiste, go bhfuil a leithéidí a dhíth go mór go háirithe i Leitir Ceanainn.

Chuir sí fáilte roimh fhógra eile ón Aire Butler, sé sin go ndéanfar Caife Solace a oscailt i nDún na nGall, caife a bheidh ar fáil idir an 5 agus 10 a chlog tráthnóna agus ag an deireadh seachtaine, áit a mbeidh foireann ansin le heolas agus cuidiú a thabhairt do dhaoine atá ag fulaingt mar gheall ar chúrsaí meabhairshláinte.

Ard na gCeapairí

Tá comhráití ar siúl idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus úinéir talún le trí theach shóisialta a thógáil ar shuíomh in Ard na gCeapairí i nGaoth Dobhair.

Thug an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh le fios go bhfuil innealtóir de chuid na Comhairle Contae i mbun scrúdaithe ar an suíomh ag Teach Choppins in Ard na gCeapairí i nGaoth Dobhair.

Tá cainteanna ar siúl le hUisce Éireann fosta, a dúirt sé, chun an scéim tithíochta don trí theach 2 sheomra leapa a cheangal le Scéim Séarachais Ghaoth Dobhair.