Cáinaisnéis

Dea-scéala an laghdú ar an ráta cánach do bhialanna a fógraíodh inné sa cháinaisnéis, a dúirt Úinéir Theach Danny Minnie in Anagaire, Brian Danny Minnie Ó Domhnaill.

Dúirt sé go gcuideoidh an laghdú ó 13.5% go 9% go mór le bialanna beaga sa chontae atá ag streachailt agus is mór an chuidiú é le postanna a shábháil san earnáil fáilteachais.

Sé'n trua, a dúirt Brian Danny Minnie, go gcaithfidh úinéirí na mbialann fanacht go tús mhí Iúil ar an bhliain seo chugainn le tairbhe a bhaint as an ísliú ar an ráta cánach.

Charles Ward

Tá cáineadh déanta ag an Teachta Dála Charles Ward ar cháinaisnéis an lae inné agus dúirt sé nár tugadh an tacaíocht atá riachtanach do dhaoine atá ina gcónaí i dtithe ina bhfuil brící lochtacha.

Dúirt sé gur masla a bhí i gcáinaisnéis an lae inné agus go bhfuil neamhiontas á dhéanamh ag an Rialtas ar an ghéarchéim atá sa chontae.

Cé go bhfuil €293 milliún luaite sa Bhuiséad d’fhoirgnimh lochtacha, deir sé nach mbaineann sé seo le tithe a tógadh le brící lochtacha.

Dúirt an Teachta Ward fosta nach raibh dea-scéal ar bith do phobal Dhún na nGall i gcáinaisnéis an lae inné.

Sraith Shóisearach

Beidh torthaí scrúdaithe an Teastais Shóisearaigh á bhfáil ag 2,652 dalta i nDún na nGall ar maidin inniu.

Beidh fáil ar na torthaí sna meánscoileanna ón 9.00 ar maidin inniu.

Fáisc Miotail Teoranta

Dúirt Bainisteoir Lóistíochta Fáisc Miotail Teoranta ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair Karen Campbell gur dea-scéala go mbeidh monarchan déantúsaíochta Jaguar Land Rover, ag athoscailt arís ón lá inniu ar aghaidh.

Rinneadh cibirionsaí ar chóras ríomhaireachta Jaguar Land Rover ag deireadh mhí Lúnasa agus b’éigean do Fáisc Miotail daoine a ligean chun bealaigh siocair gur cuireadh stop leis na horduithe ó chomhlacht JLR.

Cé go bhfuil JLR i mbun deantúsaíochta arís, dúirt Karen Campbell go mbeidh sé tamall eile sula mbeidh eolas tugtha daofa faoi ordaithe ón Chomhlacht do Fáisc Miotail Teoranta.

Bhí Jaguar Land Rover ar cheann de phríomhchustaiméirí Fáisc Miotail sular tharla an cibirionsaí.

Tithíocht

Tá Stiúrthóir Tithíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall Patsy Lafferty le teagmháil a dhéanamh leis an Aire Tithíochta James Browne thar ceann na Comhairle Contae leis an tairseach le bheith i dteideal teach sóisialta i nDún na nGall a athrú ó ráta 3 go ráta 1.

Dúirt an Comhairleor Contae Gerry McMonagle ag cruinniú le gairid go bhfuil an tairseach ró-íseal ag ráta 3 agus go bhfuil go leor oibrithe nach bhfaighidh teach Comhairle Contae choíche dá bharr, mar go bhfuil a bpá go díreach os cionn na tairsí atá leagtha síos.

Dúirt sé go bhfuil ardú mór ar luachanna cíosa ar thithe agus nach bhfuil sé ar a gcumas ag go leor lánúineacha morgáiste a fháil mar nach bhfuil a bpá ard go leor agus fosta nach gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos do Theach Comhairle Contae mar go bhfuil a n-ioncam go díreach os cionn na tairsí.

An Taisce

.Tá an Taisce i mbun feachtas earcaíochta féachaint le duine a fhostú i nDún na nGall le bainistiú agus stiúradh a dhéanamh ar thionscadail de chuid Chósta Glan sa chontae.

Beidh ar an té a cheapfar comhoibriú le grúpaí pobail agus tionscadail de chuid an Taisce bunaithe ar an timpeallacht a chur ar siúl ar fud na contae.

Tá tuarastal suas le €36,000 luaite leis an phost lánaimseartha a bheidh lonnaithe i nDún na nGall agus is é an 19 Deireadh Fómhair an spriocdháta atá ag daoine le hiarratas a dhéanamh.

Euromillions

D’éirigh le duine as Dún na nGall chóir a bheith ceathrú milliún euro a bhaint i dtarraingt Euromillions na hoíche aréir.

Dúradh gur ceannaíodh an ticéad a bhain €241,000 i siopa sa chontae.

Tá an Crannchur Náisiúnta ag moladh do dhuine ar bith a cheannaigh ticéad do tharraingt na hoíche aréir é a sheiceáil.