Stoirm Amy
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag moladh don phobal fanacht istigh inniu agus gan a bheith ag taisteal le linn stoirm Amy a bheidh ag teacht i dtír i dtrátha an mheán lae.
Deir an Chomhairle go bhfuiltear ag tuar go mbeidh Contae Dhún na nGall i measc na gceantar is measa a bheidh buailte ag Stoirm Amy agus go bhféadfadh an ghaoth atá tuartha beatha agus maoin a chur i mbaol.
Tá dhá fholáireamh aimsire eisithe ag Met Éireann do Dhún na nGall inniu, tiocfaidh an foláireamh buí do ghaoth láidir agus do bháisteach throm i bhfeidhm ón mheán lae inniu go dtí meán lae amárach.
Idir an dá linn tiocfaidh stádas oráiste do ghaoth láidir i bhfeidhm ón 2 a chlog san iarnóin inniu go dtí a 10 a chlog anocht.
Tiocfaidh foláireamh mara buí stoirme i bhfeidhm ó chósta na Contae maidin inniu ón 9 a chlog go dtí'n 2 a chlog amárach agus tiocfaidh foláireamh mara dearg stoirme i bhfeidhm amach ó chósta na contae inniu ón 2 a chlog san iarnóin a mhairfidh go dtí an 8 a chlog anocht.
Deir an Chomhairle Contae go bhfuil an baol go mbeidh an chumhacht aibhléise gearrtha ina áiteacha, agus tá siad ag iarraidh ar an phobal gan a dhul a chóir cáblaí leictreachais scaoilte nó leagtha agus teagmháil a dheanamh leis an Chomhairle.
Tá iarrtha acu ar bhaill den phobal a dteastaíonn eolas nó tacaíocht ar bith uathu le linn na stoirme, teagmháil a dhéanamh leo le linn gnáthuaireanta oibre ag an uimhir 074 91 53900 agus i gcás éigeandála taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre ag an uimhir 07491 72288.
I gcás éigeandála a bhaineann leis an tSeirbhís Dóiteáin, glaoigh ar 999 nó 112, a deirtear.
Tá Garda Cósta na hÉireann ag iarraidh ar dhaoine fanacht ar shiúil ón chósta le linn na stoirme.
Otharlann Leitir Ceanainn
Tá Otharlann Leitir Ceanainn ar cheann de na hOtharlanna is gnóthaí sa tír, a dúirt Tony Canavan, Oifigeach Feidhmiúcháin Réigiúnach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san Iarthar agus san Iarthuaisceart.
Dúirt sé go dtuigeann sé go bhfuil fadhbanna san Otharlann agus go bhfuil an Otharlann faoi bhrú an tseachtain seo.
Dúirt Tony Canavan go mbeidh níos mó ball foirne ag obair feasta ag an deireadh seachtaine rud a bheidh ina chuidiú agus fosta go mbeidh 100 leaba breise á n-oscailt sa phobal i Leitir Ceanainn ar an bhliain seo chugainn.
Coláiste Tréidliachta
Tá an clár caipitil a bhfuil €41 milliún luaite leis ceadaithe anois don Choláiste Tréidliachta úr in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceanainn.
Beidh an áis lonnaithe i gCarn na Mugach i Leitir Ceanainn agus táthar ag súil go mbeidh sé críochnaithe don scoilbhliain 2028-2029.
Ag fáiltiú roimh fhógra an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless, agus an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon inniu dúirt an tAire Charlie McConalogue go bhfuil Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceanainn ina buntáiste mór don Chontae agus go léiríonn an scéal is deireanaí seo inniu an bhéim atá á cur ag an Rialtas ar dhul chun cinn oideachas tríú leibhéal i réigiún an Iarthuaiscirt.
Tá maoiniú €32 milliún san iomlán á cheadú ón státchiste agus beidh €8 milliún á chur ar fáil ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh.
Tuirbíní gaoithe
Beidh cruinniú poiblí ar siúl ar an Chlochán Liath tráthnóna inniu le plé a dhéanamh ar na forbairtí atá beartaithe le tuirbíní gaoithe a thógáil ar shuíomh i gCró na Sealg taobh amuigh den Chlochán Liath.
Tá cead pleanála á lorg ag Comhlacht Irish Premium Renewable Energy le 5 thuirbín gaoithe 86 méadar ar airde a fhorbairt ag Cró na Sealg dhá chiliméadar taobh amuigh de bhaile an Chlocháin Léith.
Deir urlabharaí ó Ghrúpa Gníomhaíochta Tuirbíní Gaoithe an Chlocháin Léith atá ag cur in éadan na forbartha go bhfuil imní ar phobal an cheantair faoi na himpleachtaí a d’fhéadfadh na forbairtí atá beartaithe a bheith ar chúrsaí sláinte, sciorradh portaigh, áilleacht an cheantair, ainmhithe feirme agus an fiadhúlra.
Beidh an cruinniú poiblí ar siúl in Ionad Teampall Cróine anocht ag an 7 a chlog.
Brian Friel
Beidh aisteoirí idirnáisiúnta mór le rá mar Sinéad Cusack, Adrian Dunbar, Stephen Rea agus Ciarán Hinds i measc na n-aíonna a bheidh i láthair sna Gleanntaí an deireadh seachtaine seo, áit a mbeidh comóradh 10 mbliana á dhéanamh ar bhás an scríbhneora Brian Friel.
Sé Iontaobhas Brian Friel atá ag eagrú na hócáide, áit a mbeidh ceiliúradh á dhéanamh ar shaol agus ar shaothar an scríbhneora agus dhéanfar Na Laurels, baile Máthair an scríbhneora, a chomóradh chomh maith leis an chéad staid d’Ionad Brian Friel sna Gleanntaí.
Beidh an oscailt oifigiúil in Óstán Highlands sna Gleanntaí anocht ar 8 a chlog agus mairfidh na himeachtaí go dtí’n Domhnach.