Aimsir
Tá foláireamh aimsire úr stádas oráiste do ghaoth thar a bheith láidir eisithe ag Met Éireann anois do chúig chontae, Dún na nGall ina measc.
Beidh an foláireamh i bhfeidhm ón 2 a chlog amárach agus dtí an 10 a chlog san oíche amárach.
Tá an foláireamh aimsire stádas buí d'fhearthainn throm i bhfeidhm faoi láthair agus beidh go dtí an 8 a chlog anocht.
D’fhéadfadh an fhearthainn a bheith trom agus tuilte a bheith in áiteanna.
Tá Met Éireann ag moladh don phobal a bheith cúramach ó tharla go bhféadfadh na bóithre a bheith contúirteach.
Tá foláireamh tuilte eisithe ag an Chóras Eorpach maidir le Feasacht Tuile d’aibhneacha éagsúla sa chontae – s’iad sin Aibhneacha an Ghleanna, na hEidhní, Ghaoth Barra, Chroithlí, Abhainn Fhia agus Abhainn tSocair mar gheall ar stoirm Amy.
Beidh foláireamh aimsire stádas buí do ghaoth thar a bheith láidir i bhfeidhm ó mheán lae amárach go meán oíche amárach.
Deir Comhairle Contae Dhún na nGall go mbeidh a bhfoireann ag déanamh monatóireacht ar an aimsir le linn Stoirm Amy.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Rannóg Seirbhísí Bóithre agus Tithíochta na Comhairle i gcás éigeandála taobh amuigh de na gnáthuaireanta oibre ar 074 91 72288.
Ten T
Beidh cruinniú speisialta ag Comhairle Contae Dhún na nGall le Togra Bóthair an Ten T a phlé.
Trí phíosa bealaigh atá mar chuid den togra –seachbhóthar Bhealach Féith/Shrath an Urláir, Leitir Ceanainn go Mainéar Uí Chuinneagáin agus bealach Mhainéar Uí Chuinneagáin go Leifear a nascadh leis an A5 ar an Srath Bán.
Dhéanfar plé ar an achar ama atá leagtha amach don togra agus an próiseas atá ar siúl leis an togra a fhorbairt.
Dúirt an Comhairleoir Donal Coyle go bhfuil sé tábhachtach na Comhairleoirí agus an pobal a choinneáil ar an eolas maidir leis an togra.
Meastar go gcosnóidh an togra suas le €1 billiún.
Níl dáta an chruinnithe socraithe go fóill.
Ailse
Tá plean gnó ullmhaithe ag Otharlann Leitir Ceanainn le síneadh a chur leis na huaireanta seirbhísí lae sa Bharda Oinceolaíochta.
Tá éileamh mór ar sheirbhísí oinceolaíochta san otharlann a dúradh ag cruinniú d’Fhóram Sláinte an Iarthair agus an Iarthuaiscirt le gairid agus níl go leor acmhainní ar fáil le freastal ar na hothair ar fad taobh istigh den sprioc-am atá leagtha síos ag an Fheidhmeannacht.
Mhol an grúpa oibre san Otharlann go ndéanfaí athruithe ar mhodhanna oibre na rannóige le go dtig an barda oinceolaíochta a bheith ar oscailt níos faide sa lá.
Thug an tAire Sláinte gealltanas i mí Iúil go gcuirfear tríocha áit ar fáil san Otharlann le ceimiteiripe a sholáthar d’othair a bhfuil ailse orthu.
Cúramóirí
Tá 10,000 cúramóir i nDún na nGall nach bhfaigheann íocaíocht ar bith ag fanacht le Buiséad na seachtaine seo chugainn agus iad ag súil go dtabharfar aitheantas sa deireadh thiar thall don ról agus don obair thábhachtach a dhéanann siad achan uile lá, a dúirt an Teachta Dála Charles Ward sa Dáil inné.
Bhí an Teachta Ward ag tacú le Rún a moladh le deireadh a chur le tástáil maoine don liúntas do chúramóirí.
Tá easpa measa ar chúramóirí a chuireann seirbhís riachtanach ar fáil agus a shábhálann thar €20 billiún don Stát achan bhliain millteanach, a dúirt sé.
D’iarr an Teachta Ward ar an Rialtas deireadh a chur leis an tástáil mhaoine sa bhuiséad ar an tseachtain seo chugainn.